Céim Ar Aghaidh

Cé muid?

Antain Mac Lochlainn & Siuán Ní Mhaonaigh

Is as Cúil Raithin, Contae Dhoire, d’Antain Mac Lochlainn. Tá PhD sa Nua-Ghaeilge aige ó Ollscoil Uladh. Tá sé ina eagarthóir ar www.aistear.ie, suíomh acmhainní atá dírithe ar aistritheoirí agus ar eagarthóirí Gaeilge. Tá sealanna caite aige i mbun a sheirbhíse aistriúcháin féin agus ina Phríomhtheagascóir ar an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht i Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad.

I measc a chuid foilseachán le Cois Life tá In Ord is in Eagar (2010), Cruinneas, (2015) agus Ó Bhéarla go Gaeilge (2018). Tá dhá leabhar i sraith Nairnia le C.S. Lewis aistrithe aige don Ghúm: An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh (2014) agus An Capall agus a Ghiolla (2019).

Is as Gaeltacht Ghaoth Dobhair do Shiuán Ní Mhaonaigh, a bhfuil céim BA aici ó Choláiste Phádraig, Má Nuad agus céim MPhil sa Teangeolaíocht Fheidhmeach ó Choláiste na Tríonóide. Is taighdeoir agus comhairleoir teanga í a bhfuil saineolas aici ar chúrsaí measúnachta agus teagaisc. Tá sí ina Stiúrthóir ar Theastas Eorpach na Gaeilge (www.teg.ie) tionscadal de chuid Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad.

Tá réimse leathan ábhair oideachais scríofa ag Siuán agus Antain fá choinne scoileanna dara leibhéal, thuaidh agus theas. Ina measc sin tá, Blas: Cleachtaí Foghraíochta (COGG, 2014), na trí théacsleabhar sa tsraith Snas agus Blas (CCEA, 2017–8) agus Dúchas (COGG, 2019).

Tá réimse leathan ábhar scríofa acu fá choinne foghlaimeoirí fásta. Ina measc sin, tá an cúrsa ilmheáin Speaking Irish/An Ghaeilge Bheo (McGraw-Hill, 2008).