Céim Ar Aghaidh

Mír 6

Seal ag léamh

Léigh an t-alt seo thíos agus freagair na ceisteanna ina dhiaidh.

Borradh agus biseach ar an scríbhneoireacht Ghaeilge

Bhí lá ann agus ba doiligh cuntas a scríobh ar litríocht na Gaeilge i gCúige Uladh – is é sin le rá cuntas a mbeadh níos mó ná údar nó beirt luaite ann. Inniu féin, bheadh eagla orm dul i muinín sean-nathanna mar ‘ré órga’, ar eagla an mí-ádh a tharraingt ar an obair. Ach ní miste domh a rá go bhfuil borradh agus biseach ar an scríbhneoireacht Ghaeilge, idir líon na n-údar agus réimse na n-ábhar a mbíonn siad ag trácht orthu.

De réir na seanscéalta, ba é Colm Cille cosantóir na seanfhilí fadó. Sheas sé an fód daofa nuair a bhí muintir na hÉireann ag iarraidh iad a dhíbirt thar sáile. (Bhí barraíocht acu ann, is cosúil.) Cinnte, ní raibh ganntanas filí riamh i measc Ghaeil Chúige Uladh. Orthu sin tá Cathal Ó Searcaigh as Gaeltacht Thír Chonaill agus triúr Feirsteach: Pól Ó Muirí, Gréagóir Ó Dúill agus Gearóid Mac Lochlainn. Is maith ann iad, ach thuigfeá don té a déarfadh, ‘cá bhfuil na húrscéalaithe?’ Nó ‘Cá bhfuil na gearrscéalaithe?’ Agus, leoga, ‘Cá bhfuil na mná?’

D’athraigh an scéal go mór le blianta beaga anuas. Is de bhunadh Bhéal Feirste í Réaltán Ní Leannáin, a bhfuil dornán maith duaiseanna liteartha bainte aici. Saol na cathrach agus saol na mban na téamaí is mó a bhíonn le brath ar a cnuasach gearrscéalta Dílis agus san úrscéal Cití na gCártaí. Saol corrach Bhéal Feirste le linn na dTrioblóidí is ábhar do bhunús na scéalta sa chnuasach Gáire in Éag le Seán Ó Muireagáin, Feirsteach eile.

Éabhlóid, comhlacht atá lonnaithe i nGaeltacht Thír Chonaill, a d’fhoilsigh Gáire in Éag. Léiríonn sé sin nach bhfuil ‘teorainn chrua’ idir scríbhneoirí Gaeltachta agus Galltachta níos mó. Tá duine de stiúrthóirí Éabhlóid, Eoghan Mac Giolla Bhríde, ina ghearrscéalaí cumasach a bhíonn ag scríobh faoin tsaol sa bhaile agus i mBaile Átha Cliath. Leoga, níl Claí na Muice Duibhe ann idir an prós agus an fhilíocht ach oiread. Bíonn idir scéalta agus dánta á saothrú ag Máire Dinny Wren as Gaoth Dobhair agus ag Proinsias Mac an Bhaird as Árainn Mhór. Ba sa bhliain 2018 a d’fhoilsigh Cathal Ó Searcaigh a chéad úrscéal fada, Teach an Gheafta.

Is minic a deirtear go mbíonn saothar na scríbhneoirí Gaeilge ‘ró-intleachtach’ nó ‘ró-acadúil’. B’fhéidir go raibh bunús inteacht leis an ghearán sin, tráth dá raibh, ach is duine aineolach a déarfadh a leithéid inniu. Smaoinigh, mar shampla, ar na scéalta breátha don aos óg atá curtha ar fáil ag Myra Zepf, as Aird Mhic Nasca, Co an Dúin. Fiú amháin gur aistríodh ceann acu (Ná Gabh ar Scoil!) go Béarla agus, rud is iontaí ná sin, go Cóiréis.

Is maith duaiseanna, agus is fearr fós do shaothar a bheith le fáil i dteangacha eile. Ach thar rud ar bith eile, is mian leis na scríbhneoirí pobal léitheoireachta a bheith acu.

  1. Aistrigh go Béarla na frásaí seo ón alt:
    1. Bheadh eagla orm dul i muinín frásaí mar ‘ré órga’
    2. Tá borradh agus biseach ar an scríbhneoireacht Ghaeilge
    3. Orthu sin tá Cathal Ó Searcaigh agus triúr Feirsteach
    4. Is maith ann iad
    5. Níl Claí na Muice Duibhe ann idir an prós agus an fhilíocht.
  1. Scríobh abairtí de do chuid féin ag úsáid na nathanna seo a leanas:
    1. Bhí lá ann agus…
    2. Inniu féin…
    3. Ní miste domh a rá…
    4. Thuigfeá don té a déarfadh…
    5. Tráth dá raibh…
    6. Fiú amháin gur…

Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

  1. Is aistriúcháin shamplacha iad seo – thiocfadh le haistriúcháin eile a bheith ceart.
    1. I’d be reluctant to use/to resort to clichés like ‘golden age’
    2. Irish-language writing is growing and prospering
    3. They include Cathal Ó Searcaigh and three Belfast men
    4. We’re lucky to have them
    5. There’s no Iron Curtain between prose and poetry*

* Claí na Muice Duibhe: sraith d’oibreacha créafóige ar a dtugtar the Black Pig’s Dyke i mBéarla. Dar le daoine áirithe gur teorainn idir Cúige Uladh agus an chuid eile d’Éirinn a bhí ann, ach tá oibreacha den chineál chéanna le fáil i bpáirteanna eile den tír, i gContae Chorcaí, cuir i gcás.

  1. Is fút féin atá sé abairtí de do chuid féin a chumadh.