Céim Ar Aghaidh

Mír 5

Lúth na teanga: na baill urlabhra

Ar ball beag, beidh tú ag amharc ar fhíseán ina gcuireann Antain Mac Lochlainn síos ar ‘na baill urlabhra’, is é sin na páirteanna den bhéal a úsáidtear le fuaimeanna a dhéanamh.

Sula ndéanfaidh tú sin, déan an dá thasc, A agus B.

Tasc A

Luann Antain na focail seo a leanas le cur síos ar na baill urlabhra:

  • an t-ailbheolas
  • an carball
  • an coguas

Caidé atá i gceist leis na focail sin? Cuardaigh i bhfoclóirí Gaeilge–Béarla iad agus déan tuilleadh taighde, más gá, lena fháil amach caidé go díreach atá i gceist le hachan focal acu.

Tasc B

Cén áit sa bhéal ina bhfuil na baill urlabhra seo a leanas?

  1. na liopaí
  2. an teanga
  3. na fiacla uachtaracha
  4. na fiacla íochtaracha
  5. an t-ailbheolas
  6. an carball
  7. an coguas

Scríobh an uimhir cheart 1–7 isteach sa léaráid thíos le suíomh na mball urlabhra a thaispeáint.

Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

Tasc A

An t-ailbheolas: droim chrua chnáimhe atá suite taobh thiar de na fiacla in uachtar an bhéil.
An carball: an chuid chrua d’uachtar an bhéil
An coguas: an chuid bhog d’uachtar an bhéil, atá suite i dtreo an sceadamáin.

Tasc B