Céim Ar Aghaidh

Mír 2

Focal ar fhocal

Agus é ag caint ar obair an chraoltóra, deir Antaine ‘is duine faiteach, cúthail mé.’ Is minic a bhaineann cainteoirí Gaeilge úsáid as dhá fhocal a bhfuil an chiall chéanna leo le smaoineamh a threisiú.

  • Corruair, cuirtear focal coitianta le focal nach bhfuil chomh coitianta céanna: ‘Níl tásc ná tuairisc orthu’.
  • Ní i gcónaí a bhíonn na focail díreach ar aon bhrí. I gcásanna áirithe, úsáidtear focail a bhaineann leis an ábhar chéanna, mar shampla ‘Ní raibh duine ná deoraí le feiceáil’, ‘Lá fuar feanntach a bhí ann.’
  • Go minic, bíonn ‘uaim’ le cluinstin, is é sin tosaíonn an dá fhocal leis an ghuta nó leis an chonsan chéanna, mar shampla: ‘duine beag bídeach’, ‘slán sábháilte.’
  • Tugtar ‘dúblóga’ ar phéirí focal nach bhfuil de dhifear eatarthu ach siolla amháin: ‘Dhiúltaigh sí scun scan é a dhéanamh’, ‘Ní raibh gíog ná míog le cluinstin.’
  • Thiocfadh le níos mó ná dhá fhocal a bheith ann: ‘Níor dhúirt sí a dhath fá dtaobh de, maith olc nó dona.’
  • Corruair, deirtear an focal céanna faoi dhó leis an smaoineamh a threisiú: ‘Níl ocras ná ocras orm.’

Seo thíos roinnt péirí focal atá coitianta sa Ghaeilge. Tá focal amháin den phéire fágtha ar lár in achan chás. Caithfidh tusa an focal atá ar iarraidh a chur ar fáil. Tá dhá rogha agat: iad a chur ar fáil as do stuaim féin nó focail a roghnú ón bhosca thíos. Bí ar d’aire: tá dhá fhocal ann nach bhfuil le húsáid ar chor ar bith.

Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

  1. Chaith muid coicís sa Róimh fá shult agus fá ____________.
  2. Bhí muintir na háite seo ____________ bocht san am.
  3. Dúirt sé rudaí nach raibh ciall ná ____________ leo.
  4. Bhí daoine á marú gan trua gan ____________.
  5. Chreid na Gaeil go raibh na filí ábalta ____________ agus tairngreacht a dhéanamh.
  6. Thit sé ____________ marbh mar a bhuailfí le tua é.
  7. Ach ní bhaineann sin le hábhair mo scéil, dubh, bán ná ____________.
  8. Beidh cuimhne fada ____________ ar an lá seo!
  9. Seo leis isteach sa tseomra gan chead gan ____________.
  10. Gasúr múinte ____________ a bhí in Ailbhe riamh.
  11. Fágadh sínte é gan ____________ gan urlabhra.
  12. Bíonn ____________ agus rogha an bhia le fáil ann.
  13. Ná bíodh ____________ ná eagla ort roimh Phroinsias Mór.
  14. Seanbhean aclaí nach mbíonn pian ná ____________ uirthi.
  15. Shiúil muid linn gan stad gan ____________.
  16. Ná bí fuar ná ____________ agus tú ag éileamh an tuarastail atá tuillte agat.
  17. Blianta crua ____________ a bhí i mblianta an chogaidh.
  18. Níl cuma ná ____________ ar theach Mhicheáil.
  19. Tá radharc ____________ fairsing agaibh anseo.
  20. Fear bocht gan choir gan ____________ nach ndearna dochar d’aon duine.

trócaire     buan     modhúil     fial     sásamh     togha     piolóid
cadránta     maol     réasún     déanamh     riabhach     bríomhar     aithne
fada     tuar     beo     falsa     cáin     iarraidh     staonadh     scáth

  1. Chaith muid coicís sa Róimh fá shult agus fá shásamh.
  2. Bhí muintir na háite seo beo bocht san am.
  3. Dúirt sé rudaí nach raibh ciall ná réasún leo.
  4. Bhí daoine á marú gan trua gan trócaire.
  5. Chreid na Gaeil go raibh na filí ábalta tuar agus tairngreacht a dhéanamh.
  6. Thit sé maol marbh mar a bhuailfí le tua é.
  7. Ach ní bhaineann sin le hábhair mo scéil, dubh, bán ná riabhach.
  8. Beidh cuimhne fada buan ar an lá seo!
  9. Seo leis isteach sa tseomra gan chead gan iarraidh.
  10. Gasúr múinte modhúil a bhí in Ailbhe riamh.
  11. Fágadh sínte é gan aithne gan urlabhra.
  12. Bíonn togha agus rogha an bhia le fáil ann.
  13. Ná bíodh scáth ná eagla ort roimh Phroinsias Mór.
  14. Seanbhean aclaí nach mbíonn pian ná piolóid uirthi.
  15. Shiúil muid linn gan stad gan staonadh.
  16. Ná bí fuar ná falsa agus tú ag éileamh an tuarastail atá tuillte agat.
  17. Blianta crua cadránta a bhí i mblianta an chogaidh.
  18. Níl cuma ná déanamh ar theach Mhicheáil.
  19. Tá radharc fada fairsing agaibh anseo.
  20. Fear bocht gan choir gan cháin nach ndearna dochar d’aon duine.