Céim Ar Aghaidh

Mír 8

An clásal coibhneasta díreach: focail agus frásaí eile

Úsáidtear na míreanna coibhneasta ‘a’, ‘nach’ agus ‘nár’ i ndiaidh focail agus frásaí áirithe. Ceisteanna atá i gcuid acu:

  • Caidé a dhéanfaidh mé anois?
  • a chuir scairt orm?
  • Cá mhéad a dhíol tú ar an charr úr?
  • Cá fhad a bhí tú i do chónaí ansin?
  • Cá huair a bheidh tú sa bhaile?

Coibhneas díreach a leanann focail ar nós ‘nuair’, ‘mar’ agus ‘minic’.

  • Nuair a bhí mise óg.
  • ‘An Tráigh Bheag’, mar a deir muid sa bhaile.
  • Is minic a bhí cú mall sona.

Ní bhíonn béim ar an mhír choibhneasta ‘a’ sa chaint. Is ar éigean a bhíonn sí le cluinstin ar chor ar bith, i ndiaidh guta.

  • Cé [a] bhí leat?
  • Ba chuma caidé [a] déarfainn leis.