Céim Ar Aghaidh

Mír 2

Tráth na gceist sloinnte

Cé chomh heolach atá tusa faoi shloinnte na nGael?

  • Freagair na ceisteanna 1–8.
  • Seiceáil na freagraí agus tabhair marc duit féin as achan fhreagra ceart.
  • Tabhair marc breise duit féin má thig leat an freagra a mhíniú.

Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

  1. Cén leagan d’ainm an laoich seo atá ceart?
    (a) Fionn Mac Chumhaill        (b) Fionn Mac Cumhaill          (c) Fionn mac Cumhaill

    Míniú: ___________________________________________________________________
  1. Tá deirfiúr ag Tomás Ó hUallacháin darb ainm Caitlín. Caidé mar a scríobhtar a hainm?
    (a) Caitlín Ní Uallacháin         (b) Caitlín Ní Huallacháin       (c) Caitlín Ní hUallacháin

    Míniú: ___________________________________________________________________
  1. Tá fonn damhsa ann ar a dtugtar Miss McLeod’s Reel. Caidé mar a déarfá sin i nGaeilge?
    (a) Ríl Iníon Nic Leoid             (b) Ríl Iníon Mhic Leoid

    Míniú: ____________________________________________________________________
  1. The works of Mac Grianna – cé acu leagan atá ceart?
    (a) Saothar Mhic Ghrianna     (b) Saothar Mhic Grianna       (c) Saothar Mac Grianna
  1. Ó Néill > an Niallach, Ó Dochartaigh > an Dochartach, ach caidé faoin tsloinneadh seo: Ó Dónaill?

    ___________________________________________________________________________
  1. The Cardinal Tomás Ó Fiaich Library – caidé mar a scríobhtar sin i nGaeilge?
    (a) Leabharlann an Chairdinéil Thomáis Uí Fhiaich
    (b) Leabharlann Chairdinéil Thomáis Uí Fhiaich
    (c) Leabharlann an Chairdinéil Tomás Ó Fiaich

    Míniú: _____________________________________________________________________
  1. Ó Gallchóir – cén bunús atá leis an tsloinneadh choitianta sin?
    (a) Gall + cóir (ceart)              (b) Gall + cabhair (cuidiú)       (c) Gall + cór (buíon saighdiúirí)

    Míniú: _____________________________________________________________________
  1. Cén ghairm a bhíodh ag teaghlach Uí Ící fadó?
    (a) leigheas                             (b) dlí                                       (c)  filíocht

    Míniú: _____________________________________________________________________
  1. Cén leagan d’ainm an laoich seo atá ceart?
    (c) Fionn mac Cumhaill
    Míniú: Ní go dtí ré na Críostaíochta a tháinig córas sloinnte na Gaeilge ar an fhód. Ní sloinneadh atá in ‘Fionn mac Cumhaill’ – níl ann ach gur mac le Cumhall a bhí i bhFionn. Tá an rud céanna i gceist le hainmneacha mar Cormac mac Airt, Manannán mac Lir, Diarmaid ua Duibhne.
  1. Tá deirfiúr ag Tomás Ó hUallacháin darb ainm Caitlín. Caidé mar a scríobhtar a hainm?
    (a) Caitlín Ní Uallacháin
    Míniú: Ní bhíonn réamhlitir h ann i ndiaidh ‘Ní’: Neasa Ní Annracháin, Bairbre Ní Ógáin.
  1. Tá fonn damhsa ann ar a dtugtar Miss McLeod’s Reel. Caidé mar a déarfá sin i nGaeilge?
    (b) Ríl Iníon Mhic Leoid
    Míniú: Is leagan giorraithe den fhocal ‘iníon’ atá sna míreanna ‘ní’ agus ‘nic’. Athrá a bheadh ann ‘Ríl Iníon Nic Leoid’ a scríobh.
  1. The works of Mac Grianna – cé acu leagan atá ceart?
    (b) Saothar Mhic Grianna
    Ní gnách séimhiú a chur ar ‘c’ ná ar ‘g’ i ndiaidh ‘Mhic’ nó ‘Nic’.
  1. Ó Néill > an Niallach, Ó Dochartaigh > an Dochartach, ach caidé faoin tsloinneadh seo: Ó Dónaill?
    ‘An Dálach’ an leagan traidisiúnta.
  1. The Cardinal Ó Fiaich Library – caidé mar a scríobhtar sin i nGaeilge?
    (c) Leabharlann an Chairdinéil Tomás Ó Fiaich
    Míniú: Baineann an riail seo le tuiseal na n-ainmneacha a thig sna sála ar theideal. Sa chás seo, is ainm pearsanta (Tomás) agus sloinneadh (Ó Fiaich) atá ag teacht i ndiaidh an teidil ‘Cairdinéal’. Sa chás sin, ní infhilltear ainm ná sloinneadh an duine, cé go mbíonn an teideal féin sa tuiseal ghinideach: ‘seanmóirí an Easpag Séamas Ó Gallchóir.’

    Aisteach go leor, bheadh infhilleadh ann dá mba rud é gur sloinneadh an duine, gan ainm pearsanta, a bheadh ann: ‘Leabharlann an Chairidinéil Uí Fhiaich’, ‘seanmóirí an Easpag Uí Ghallchóir.’
  1. Ó Gallchóir – caidé mar a fuarthas an sloinneadh coitianta sin?
    (b) Gall + cabhair (cuidiú)
    Míniú amháin ar an tsloinneadh ná go raibh sinsir an teaghlaigh i measc na ngallóglach, trodaithe tuarastail a tháinig go hÉirinn a chuidiú le taoisigh áitiúla ina gcuid feachtas.
  1. Cén ghairm a bhíodh ag teaghlach Uí Ící fadó?
    (a) leigheas
    Míniú: Tá leideadh san fhocal ‘íoc’ (‘leigheas’).