Céim Ar Aghaidh

Mír 5

I ngleic leis an ghramadach: an réamhlitir h

Tá an Lia Gramadaí i ndiaidh a mhíniú dúinn nach séimhiú atá i samplaí mar ‘an tríú huair’ agus ‘an séú hurlár’. Is é atá ann, an réamhlitir h, ceann den dá réamhlitir a chuirtear le gutaí i dtús ainmfhocail Ghaeilge. Is í an réamhlitir t an ceann eile. I ndiaidh an ailt uatha, roimh ainmfhocail fhirinscneacha, a bhíonn sé sin: ‘an t-amhrán’, ‘an t-údar’.

Anois tá píosa oibre le déanamh agat ar an réamhlitir h. Tá dhá rud le déanamh:

  1. Léigh an sliocht thíos. Tá an réamhlitir h fágtha ar lár anseo is ansiúd. Caithfidh tusa na botúin a cheartú.
  2. Úsáid samplaí ón tsliocht leis an riail a scríobh: ‘Úsáidtear an réamhlitir h sna cúinsí seo a leanas…’

Náire aerthaistil: gá le gníomh

Níl teanga ar bith i measc náisiúin na Eorpa gan focal air, ó flygskam na Sualainnise go flight shame an Bhéarla. Shílfeá go mbeadh leagan dá gcuid féin ag na Éireannaigh faoin am seo – ‘eitiltnáire’, b’fhéidir, nó ‘ciontacht aerthaistil.’

Is é atá i gceist agam an chiontacht a bhaineann le aerthaisteal i ré seo na Géarchéime Aeráide. Deir na eolaithe linn go gcaithfidh achan uile dhuine againn ár ngnáthnósanna a athrach ‘go gasta agus go iomlán’ má tá an cine daonna le teacht slán ar an Téamh Dhomhanda. Níl moill ar bith orainn an rabhadh sin a thuigbheáil ach ní léir go spreagann sé chun gnímh muid.

Ní é nach dtuigeann muid uilig an truailliú a bhaineann leis an aerthaisteal, fiú le aistear gairid chun na Breataine nó go Oileán Mhanann. Ná bí ag déanamh gur ag fáil locht ar dhaoine eile atá mé, mise a bhí thar lear trí uaire ó thús na bliana. Bíonn achan leithscéal bacach agam ach oiread le duine ar bith, leithéidí, ‘Ach bhí an t-eitleán sin le imeacht cibé ar bith, bíodh mise ar bord nó ná bíodh.’ Bíonn polaiteoirí ag cur tharstu faoi cé chomh tábhachtach is atá tionscal na turasóireachta agus cé chomh achrannach is a bheadh sé cánacha carbóin a thabhairt isteach. Cá bhfuil an polaiteoir nach dtabharfadh tús áite don gheilleagar thar chaomhnú an phláinéid?

An riail

Bíonn réamhlitir h ann sna cúinsí seo (tabhair sampla ón tsliocht):

Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

Níl teanga ar bith i measc náisiúin na hEorpa gan focal air, ó flygskam na Sualainnise go flight shame an Bhéarla. Shílfeá go mbeadh leagan dá gcuid féin ag na hÉireannaigh faoin am seo – ‘eitiltnáire’, b’fhéidir, nó ‘ciontacht aerthaistil.’

Is é atá i gceist agam an chiontacht a bhaineann le haerthaisteal i ré seo na Géarchéime Aeráide. Deir na heolaithe linn go gcaithfidh achan uile dhuine againn ár ngnáthnósanna a athrach ‘go gasta agus go hiomlán’ má tá an cine daonna le teacht slán ar an Téamh Dhomhanda. Níl moill ar bith orainn an rabhadh sin a thuigbheáil ach ní léir go spreagann sé chun gnímh muid.

nach dtuigeann muid uilig an truailliú a bhaineann leis an aerthaisteal, fiú le haistear gairid chun na Breataine nó go hOileán Mhanann. Ná bí ag déanamh gur ag fáil locht ar dhaoine eile atá mé, mise a bhí thar lear trí huaire ó thús na bliana. Bíonn achan leithscéal bacach agam ach oiread le duine ar bith, leithéidí, ‘Ach bhí an t-eitleán sin le himeacht cibé ar bith, bíodh mise ar bord nó ná bíodh.’ Bíonn polaiteoirí ag cur tharstu faoi cé chomh tábhachtach is atá tionscal na turasóireachta agus cé chomh hachrannach is a bheadh sé cánacha carbóin a thabhairt isteach. Cá bhfuil an polaiteoir nach dtabharfadh tús áite don gheilleagar thar chaomhnú an phláinéid?

An riail

Bíonn réamhlitir h ann sna cúinsí seo (tá seacht sampla tugtha anseo):

  1. I ndiaidh an ailt uatha i gcás ainmfhocail bhaininscneacha sa tuiseal ghinideach: náisiúin na hEorpa.
  2. I ndiaidh an ailt iolra i gcás ainmfhocail iolra a thosaíonn le guta: na hÉireannaigh, na heolaithe.
  3. I ndiaidh an réamhfhocail ‘le’: le haerthaisteal, le haistear, le himeacht.
  4. I ndiaidh ‘go’: go hiomlán, go hOileán Mhanann.
  5. Le forainmneacha mar ‘é’, ‘í’, ‘iad’ agus ‘ea’ i ndiaidh ‘ní’: ní hé.
  6. Leis an fhocal ‘uair’ i ndiaidh orduimhreach: trí huaire.
  7. I ndiaidh ‘chomh’: chomh hachrannach.