Céim Ar Aghaidh

Mír 6

Comhrá gutháin

Léigh an comhrá gairid thíos agus tabhair faoin dá thasc ina dhiaidh.

Ailbhe: Haló? Cé atá ann? Eoghan, ab é?
Eoghan: Is é. Caidé mar atá tú, a Ailbhe?
Ailbhe: Tá mé i gceart. Is fada an lá.
Eoghan: Is fada. Haigh, bhí mé ag iarraidh a fháil amach an mbeadh fonn ort pionta a ól, oíche inteacht.
Ailbhe: Bheadh, cinnte. An bhfuil áit ar bith ar intinn agat?
Eoghan: An áit úr sin i lár an bhaile. Caidé seo an t-ainm atá air?
Ailbhe: ‘Teach an Droichid.’ Níl a fhios agam…. bíonn an mhuintir óg ar fad ag tarraingt air.
Eoghan: ‘An mhuintir óg’ a deir sí! Níl tú in aois an phinsin go fóill, a Ailbhe. Bhí mé ann oíche Luain agus cé a casadh orm ach Sandra? Má tá sé maith go leor daoithe sin…
Ailbhe: Agus an dtig leat bia a fháil ann?
Eoghan: Thig. So, an mbeidh tú liom? Oíche amárach?
Ailbhe: Beidh. Thart fána seacht a chlog nó mar sin.

Tasc 1

Sa leagan den chomhrá atá le fáil thuas, tá achan uile fhocal scríofa amach litir ar litir. Ní mar sin a bheadh sé sa chaint. Léigh tríd an chomhrá agus scrios litir ar bith nach mbeadh le cluinstin sa chaint. Scríobh na focail amach arís más gá. Seo thíos an chéad líne, le cuidiú leat:

Ailbhe: Haló? Cé atá ann? Eoghan, ab é?

Tasc 2

Léigh amach an comhrá, i ndiaidh duit do chuid athruithe a dhéanamh air. Déan iarracht é a léamh díreach mar a bheadh sé i gcomhrá nádúrtha.

Déan do leagan féin a thaifeadadh fosta. Thig leat é a chur i gcomparáid leis an leagan atá ar Comhad Fuaime 1.

Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

Aonad 4 Comhad Fuaime 1

Ailbhe: Haló? Cé atá ann? Eoghan, ab é?
(Ritheann na gutaí in ‘cé’ agus ‘atá’ isteach ina chéile: ‘cé ‘tá’ a deirtear.)

Eoghan: Is é. ‘Sé. Caidé mar atá tú, a Ailbhe?
(‘Sé’ a deirtear in áit ‘is é.’ ‘Caidé mar ’tá tú’ a deirtear sa chaint. Tá an dá ‘a’ ag teacht le chéile sa dóigh nach gcluintear ach ‘Caidé mar ’tá tú ’Ailbhe.’)

Ailbhe: Tá mé* i gceart. Is fada an lá.
(Tabhair faoi deara gur ‘me’ a deirtear, in ainneoin go bhfuil síneadh fada ar ‘mé’.)

Eoghan: Is fada. Haigh, bhí mé ag iarraidh a fháil amach an mbeadh fonn ort pionta a ól, oíche inteacht.
(Ní chluinfí an ‘a’ toisc na gutaí a bheith ag rith isteach ina chéile.)

Ailbhe: Bheadh, cinnte. An bhfuil áit ar bith ar intinn agat?
(Sa ghnáthchaint, is gnách le daoine ‘bhfuil a rá.)

Eoghan: An áit úr sin i lár an bhaile. Caidé seo an t-ainm atá air?
(Ní chluintear an ‘n’ idir dhá fhocal.)

Ailbhe: ‘Teach an Droichid.’ Níl a fhios agam…. bíonn an mhuintir óg ar fad ag tarraingt air.
(Ní chluintear an ‘n’ idir dhá fhocal. ‘Níl ’fhios agam’ a deirtear sa ghnáthchaint.)

Eoghan: ‘An mhuintir óg’ a deir sí! Níl tú in aois an phinsin go fóill, a Ailbhe. Bhí mé ann oíche Luain agus cé a casadh orm ach Sandra? Má tá sé maith go leor daoithe sin…
(I gcás ‘aois an phinsin’, ní chluintear an ‘n’ idir dhá fhocal. Tá gutaí ag teacht le chéile sna samplaí eile.)

Ailbhe: Agus an dtig leat bia a fháil ann?
(Gutaí ag teacht le chéile.)

Eoghan: Thig. So, an mbeidh tú liom? Oíche amárach?
Ailbhe: Beidh. Thart fána seacht a chlog nó mar sin.