Céim Ar Aghaidh

Mír 2

Focal ar fhocal: téarmaí teicniúla

Is cainteoir iontach cumasach í Máire Uí Cheallaigh, atá breá ábalta Gaeilge a chur ar achan uile rud. Tá cúpla sampla de sin san agallamh a rinne sí faoi na Cruacha Gorma.

Seo mar a chuireann sí síos ar mobile phone signal/reception:

“Ní raibh aici ach guthán póca… agus chaithfeadh sí siúl amach siar sconsa fada le bheith ábalta fáil a fhad le duine inteacht.”

Agus seo í ag caint ar wearable health monitors:

“Tá a fhios agat, na gléasanna a bhíonn acu ar a lámha dá dtiocfadh dadaidh orthu.”

Tá Máire i ndiaidh parafrása a úsáid, is é sin mhínigh sí an rud a bhí i gceist gan focal teicniúil nó téarma a úsáid. Go minic, go háirithe sa chaint, is fearr sin a dhéanamh ná téarmaí a úsáid nach bhfuil cur amach ag daoine orthu, macasamhail ‘monatóirí sláinte inchaite’. Is beag rud nach dtig a mhíniú le parafrása.

Corruair, is fearr téarma a úsáid. B’fhéidir go mbeadh agat le mobile phone signal a lua go minic, agus go n-éireodh daoine tuirseach den pharafrása fhada arís is arís eile. Agus i ndeireadh na dála, ní thig le teanga ar bith mairstean gan téarmaí gonta a chuireann síos ar chúrsaí teicniúla nó ar smaointe úra.

Má bhíonn agat le focail a lorg san fhoclóir, is fearr www.tearma.ie a úsáid fá choinne na dtéarmaí teicniúla. Más parafrása atá de dhíth ort, nó bealach simplí leis an smaoineamh a chur in iúl, is fearr go mór www.focloir.ie a úsáid.

Tá píosa oibre le déanamh agat anois maidir le téarmaí agus parafrása.

  • Léigh na habairtí Béarla 1–8.
  • Tá téarmaí i gcló trom in achan abairt acu.
  • Caithfidh tusa an téarma a aistriú. Is fútsa atá sé cé acu a roghnóidh tú parafrása nó téarma.
  • Ná húsáid foclóir ar bith go fóill; bain triail as na téarmaí a aistriú ar do bhealach féin.
  • Nuair a bheas na habairtí aistrithe agat, cuardaigh na téarmaí ar tearma.ie agus ar www.focloir.ie. An raibh sibh ar aon fhocal?

Sampla: Anyone can upload videos on YouTube.
Parafrása: Thig le duine ar bith físeáin a chur suas/a fhoilsiú ar YouTube.
Téarma: Thig le duine ar bith físeáin a uaslódáil ar YouTube.

  1. She defriended me on Facebook.
  2. I took a selfie near the White House.
  3. Raidió Fáilte have a state-of-the-art studio.
  4. I can’t find the remote control for the TV.
  5. Their last album was a carbon copy of the one before that.
  6. This is the party’s economic blueprint.
  7. In today’s climate, you have to be careful what you say.
  8. She writes about climate change.

Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

  1. She defriended me on Facebook.
    Tá aistriúchán deas nádúrtha ar defriend: ‘cairdeas a scaoileadh le duine’. Thiocfadh sin a úsáid nó a leithéid seo a rá: ‘Níl sí mór liom ar Facebook níos mó.'
  2. I took a selfie near the White House.
    Thiocfadh seo a aistriú le parafrása simplí: ‘Ghlac mé pictiúr díom féin in aice leis an Teach Bhán.’ Tá téarma ann fosta, i.e. ‘féinín’. Cluintear ‘féinphic’ fosta.
  3. Raidió Fáilte have a state-of-the-art studio.Seo sampla maith den difear idir na moltaí a gheobhaidh tú sna foclóirí ar líne. ‘Staid na teicneolaíochta’ agus ‘úrscothach’ atá ar www.tearma.ie. Tá blas na téarmaíochta orthu sin. Ar www.focloir.ie, áfach, tá moltaí atá níos fóirsteanaí don ghnáthchaint:

the technology is state-of-the-art tá an teicneolaíocht is déanaí ann, tá an teicneolaíocht is úire ann
a state-of-the-art health centre ionad sláinte den chineál is úire, ionad sláinte den chineál is nua-aimseartha

Thiocfadh ceann ar bith de na moltaí sin a úsáid: ‘Tá an teicneolaíocht is úire ar fad le fáil i stiúideo Raidió Fáilte.’

  1. I can’t find the remote control for the TV.
    Thiocfadh parafrása a úsáid: ‘Ní thig liom teacht ar an ghléas fá choinne an teilifís a oibriú’ nó an téarma ‘cianrialtán’ a úsáid: ‘Ní thig liom teacht ar an chianrialtán teilifíse.’ Tá téarma eile ar fad ann a fuarthas ar iasacht ón Bhéarla: ‘zaipire.’
  2. Their last album was a carbon copy of the one before that.
    Thig an abairt sin a aistriú ar bhealach iontach simplí gan cuid ar bith den chiall a chailleadh: ‘Bhí an t-albam is déanaí s’acu díreach cosúil leis an cheann roimhe sin.’ B’fhearr ‘cóip charbóin’ a fhágáil as.
  3. This is the party’s economic blueprint.
    Úsáideann ailtirí agus dearthóirí an focal blueprint agus iad ag caint faoin líníocht theicniúil. Ní hé sin atá i gceist sa chás seo, áfach. Níl ann ach plean nó straitéis: ‘Seo é plean eacnamaíochta an pháirtí.’ Corruair, úsáidtear an focal ‘treoirphlean’ fosta.
  4. In today’s climate, you have to be careful what you say.
    Sula ndéantar cinneadh faoin bhealach cheart le climate a aistriú, caithfear smaoineamh ar an dóigh a bhfuil an focal á úsáid: mar fhocal teicniúil nó mar mheafar. San abairt seo, is meafar atá ann: ‘I saol an lae inniu, caithfidh tú a bheith faichilleach faoi na rudaí a deir tú’.
  5. She writes about climate change.
    Is léir go bhfuil climate á úsáid ina chiall theicniúil sa chás seo: 'Scríobhann sí mar gheall ar athrú aeráide.'