Céim Ar Aghaidh

Mír 7

I ngleic leis an ghramadach: an t-ainm briathartha

Cé go bhfuil siad cosúil le chéile ó thaobh na bhfocal de, tá dhá riail éagsúla i gceist sna samplaí seo thíos:

Ba ghnách liom siúl sna cnoic seo.
Ba ghnách liom na cnoic seo a shiúl.

Is é an míniú gramadaí ná go bhfuil cuspóir sa dara sampla. Is iad ‘na cnoic seo’ a bhí le siúl – sin é an gníomh a bhí le cur i gcrích. Nuair a bhíonn cuspóir san abairt, bíonn an leagan amach seo uirthi de ghnáth: cuspóir + a gairid + ainm briathartha (agus é a bheith séimhithe, má thig sin a dhéanamh).

  cuspóir a gairid ainm briathartha
Ní cuimhin liom Gráinne a fheiceáil ann.
An dtiocfadh leat d’uimhir ghutháin a chur chugam arís?
Is furast’ locht a fháil ar dhaoine eile.
Is trua liom í a bheith tinn.

Tig athrú ar an leagan amach sin má thig réamhfhocal idir an t-ainm briathartha agus an cuspóir. Amharc ar an dá shampla seo:

Shush! I’m trying to write a song.
Fuist! Tá mé ag iarraidh amhrán a chumadh.

Shush! I’m trying to listen to the song.
Fuist! Tá mé ag iarraidh éisteacht leis an amhrán.

Sa dara habairt, tig an t-ainm briathartha roimh an chuspóir. Seo tuilleadh samplaí den struchtúr chéanna:           

  ainm briathartha réamhfhocal cuspóir
Nár cheart cuidiú le daoine bochta?
Tá na páistí ag iarraidh amharc ar an chluiche.
B’éigean domh glacadh leis an tairiscint.
Ní thig liom cuimhneamh ar ainm an aisteora.

Sin an gnáthleagan amach a bhíonn ar abairtí a bhfuil cuspóir iontu, ach tá struchtúir agus roghanna eile ann. Amharcfaidh muid anois ar chuid acu.

Ag dul a rá amhráin

Cuir i gcás go gcaithfidh tú Gaeilge a chur ar an abairt seo: She’s going to sing a song. Ó tharla go bhfuil cuspóir (song) ag an ainm bhriathartha, thiocfadh leat é a rá mar seo:

Tá sí fá choinne amhrán a rá.

Bheadh sé sin ag teacht leis na samplaí a bhí againn go dtí seo.

Tá struchtúr eile ann atá iontach coitianta i nGaeilge Uladh agus a athraíonn ord na bhfocal san abairt:

Tá sí ag dul a rá amhráin.

Thig an struchtúr a léiriú mar seo:

  ag dul ainm briathartha cuspóir (sa tuiseal ghinideach)
Nach bhfuil tú ag dul a cheannacht tae domhsa fosta?
Tá mé ag dul a fhoghlaim Spáinnise.
Tá an tiarna talaimh ag dul a ardú an chíosa.
Bhí an seanduine ag dul a insint scéil.

Tabhair faoi deara fosta go mbíonn séimhiú i ndiaidh ‘ag dul’ is cuma cé acu atá cuspóir ag an ainm bhriathartha nó nach bhfuil:

Tá tú ag dul a thitim!
Ná habair go bhfuil sé ag dul a chur agus mé gan cóta orm!

Bí cúramach, mar sin, gan leithéidí ‘Tá mé ag dul Spáinnis a fhoghlaim’ nó ‘ag dul an cíos a ardú’ a rá. Ní mar sin a úsáidtear an struchtúr áirithe seo.

Ní maith liom do dhiúltú

Cuir i gcás go gcaithfidh tú Gaeilge a chur ar an abairt seo: I don’t like to turn you down. Ó tharla go bhfuil cuspóir (‘tú’) ag an ainm bhriathartha, thiocfadh é a rá ar an dóigh seo:

Ní maith liom tú a dhiúltú.

Tá bealach eile ann leis an rud chéanna a rá. In áit an fhorainm (‘tú’), baintear úsáid as an aidiacht shealbhach (‘do’). Is mar seo a bhíonn:

Ní maith liom do dhiúltú.

Seo tuilleadh samplaí den struchtúr chéanna:

Bhí an slua ag iarraidh a mharú. (…ag iarraidh é a mharú.)
Siúd Éire thall. Thig liom a feiceáil. (Thig liom í a fheiceáil.)
Rachaidh na scileanna seo in éag mura ndéantar a dteagasc. (…mura ndéantar iad a theagasc.)

Níl an struchtúr seo iontach coitianta sa ghnáthchaint, ach tiocfaidh tú air go minic agus tú ag léamh.