Céim Ar Aghaidh

Mír 7

An clásal coibhneasta díreach: an fhoirm choibhneasta

Is beag athrú a thagann ar an bhriathar sa chlásal choibhneasta, de ghnáth.

an t-amhránaí a cheolann amhráin Ghaeilge
daoine a bhíonn ag tiomáint róghasta

Ach tá foirm faoi leith den bhriathar a úsáidtear go minic i nGaeilge Uladh, is é sin an fhoirm choibhneasta.

an t-amhránaí a cheolas amhráin Ghaeilge
daoine a bhíos ag tiomáint róghasta

In abairtí dearfacha a úsáidtear í, san aimsir láithreach agus san aimsir fháistineach den bhriathar.

an t-amhránaí a cheolfas ag an choirm cheoil amárach
daoine a bheas ag tiomáint abhaile i ndiaidh an chluiche

Sa chaint, is doiligh a dhéanamh amach cén aimsir atá i gceist, mar is beag difear fuaime a bhíonn le cluinstin i ndeireadh an fhocail. Mar sin féin, is gnách go mbíonn f le feiceáil i mbriathra den chéad réimniú más san aimsir fháistineach atá siad: ‘an fear a dhéanfas an obair’; ‘an té a ghlacfas m’áit’; ‘an oidhreacht a fhágfas muid inár ndiaidh.’

Chífidh muid cuid mhór samplaí den fhoirm choibhneasta in Céim ar Aghaidh. Ní hé go gcaithfidh tú í a úsáid le go mbeidh blas Ultach ar do chuid Gaeilge. Úsáidtear na gnáthfhoirmeacha den bhriathar fosta sa Ghaeilge labhartha agus sa Ghaeilge scríofa. Pointe tábhachtach: tá an fhoirm choibhneasta ‘taobh amuigh’ den Chaighdeán Oifigiúil agus ní bhíonn sí le feiceáil i gcáipéisí oifigiúla. Eisceacht atá in ‘a leanas’ i bhfrásaí mar ‘na daoine seo a leanas.’

Seo tuilleadh samplaí den fhoirm choibhneasta:

An fhoirm choibhneasta An fhoirm chaighdeánach
An té a bhíos thíos, buailtear cos air; an té a bhíos thuas, óltar deoch air. An té a bhíonn thíos, buailtear cos air; an té a bhíonn thuas, óltar deoch air.
Ní hiad na fir mhóra a bhaineas an féar i gcónaí. Ní hiad na fir mhóra a bhaineann an féar i gcónaí.
Síleann gach máthair gur a páiste féin a éiríos an ghrian. Síleann gach máthair gur a páiste féin a éiríonn an ghrian.
Nuair a bheas do lámh i mbéal an mhadaidh, tarraing go réidh í. Nuair a bheidh do lámh i mbéal an mhadaidh, tarraing go réidh í.
Tabhair rogha don bhodach agus is é an díogha a thoghfas sé. Tabhair rogha don bhodach agus is é an díogha a thoghfaidh sé.
Is é a chuirfeas an ola ar do chroí.  Is é a chuirfidh an ola ar do chroí.