Céim Ar Aghaidh

Mír 9

Lúth na teanga: bain triail as

Tá sé in am agat féin anois triail a bhaint as na fuaimeanna scornúla.

  • Cuir Comhad Fuaime 2 ar siúl.
  • Cluinfidh tú na habairtí 1–8 á léamh amach.
  • Cluinfidh tú achan abairt dhá uair, agus spás eatarthu le go mbeidh seans agat féin iad a rá.
  • Déan do dhícheall na fuaimeanna scornúla a rá go soiléir in achan chás.
  1. Dá bhfeicfeá an chulaith ghalánta a bhí ar Ghráinne.
  2. Ghortaigh mé mo chos sa chluiche sin.
  3. Chaith mé an choicís sa chathair.
  4. Fuair mé dea-chomhairle ó Chonall.
  5. Comhghairdeachas – bhain do dhán duais sa chomórtas.
  6. Bíonn aimsir gharbh dhoineanta ann an t-am seo den bhliain.
  7. Bhí Sorcha agus Donnchadh sa Ghrúpa Drámaíochta liom.
  8. Arú, a Chathail, ná habair nár ghlan tú suas i do dhiaidh.

Rannóg an Fhoghlaimeora: Aonad 8 Comhad Fuaime 2