Céim Ar Aghaidh

Mír 10

I ngleic leis an ghramadach: an clásal coibhneasta indíreach

Úsáidtear na míreanna coibhneasta indíreacha i ndiaidh na bhfocal agus na bhfrásaí seo a leanas:

a (sa chiall ‘gach a bhfuil’): Sin a bhfuil agam den Fhraincis – bonjour agus au revoir.
áit: I bPáras, áit a mbeidh an cluiche ceannais.
bealach: D'athraigh an teileafón an bealach a ndéanann daoine cumarsáid le chéile. (Baineann an riail seo le focail mar ‘caoi’ agus ‘slí’, a bhfuil an chiall chéanna leo.)
cad chuige: Ní fios cad chuige a bhfuair na dineasáir bás. 
cúis: Cén chúis ar gabhadh é?
dóigh: Tuilleadh eolais faoin dóigh a bhfuil an tAontas Eorpach ag dul i ngleic le dúshláin an lae. (Baineann an riail seo le focail mar ‘caoi’ agus ‘slí’, a bhfuil an chiall chéanna leo.)
fáth: Sin an fáth a ndeachaigh mé le múinteoireacht.
mar (sa chiall ‘san áit a bhfuil’): Ní bhíonn an rath ach mar a mbíonn an smacht.
treo: D’amharc mé siar an treo ar tháinig mé.

Nóta 1: Bíonn an coibhneas indíreach nuair a úsáidtear na focail agus na frásaí thuas mar dhobhriathra, is é sin nuair a sholáthraíonn siad eolas faoin áit a bhfuil rud inteacht, an uair a tharla rud inteacht, an dóigh nó an chúis a ndéantar cibé rud atá luaite san abairt. Coibhneas díreach a bhíonn ann nuair a úsáidtear mar ainmfhocail iad.

  • Áit atá doiligh a bhaint amach gan charr.
  • Míneoidh mé duit anois an chúis a bhí agam leis sin.
  • Is beag orm an dóigh a bhíonn aici le daoine.

Nóta 2: Nuair a úsáidtear focail mar ‘am’, ‘tráth’, ‘lá’ mar dhobhriathra ama, thiocfadh míreanna coibhneasta díreacha nó míreanna coibhneasta indíreacha a úsáid. Tá an dá rud ceart ach a bheith leanúnach ina mbun.

  • Tá cuimhne mhaith agam ar an lá a tháinig na strainséirí (nó ‘an lá ar tháinig’).
  • Seacht mbeannacht leis an am a bhí muid óg (nó ‘leis an am a raibh muid óg’).

Is coibhneas díreach a leanann ‘uair’ agus ‘nuair’ i gcónaí.

  • Cá huair a cheannaigh sibh an teach seo?
  • Cuir scairt orm nuair a bhainfeas tú an baile amach.

Nóta 3: Bíonn coibhneas indíreach i bhfrásaí mar seo, ina dtagann mír cheisteach roimh fhorainm réamhfhoclach nó roimh réamhfhocal chomhshuite.

  • Cé leis a raibh tú ag caint?
  • Cé air a mbronnfar an duais?
  • Caidé faoi a raibh tú ag gáire?
  • Caidé fána choinne a bhfuil an t-airgead de dhíth?

Bain triail anois as Tasc A agus Tasc B, go bhfeicfidh tú an bhfuil tú ábalta na focail is na frásaí seo a úsáid mar is ceart.

Tasc A

Cruthaigh ceangal idir an dá chlásal mar atá déanta sa tsampla:

Sampla:
Cén dóigh.
Rinneadh an obair chomh gasta agus chomh maith sin.

Cén dóigh a ndearnadh an obair chomh gasta agus chomh maith sin?

  1. Is cuimhin liom an t-am. Bhí an stíl ghruaige sin faiseanta.
  2. Caidé leis. Bheifeá ag súil óna leithéid de dhaoine.
  3. Sin an fáth. Níor éirigh liom san agallamh.
  4. Is iomaí áit. Bíonn ceol maith le cluinstin.
  5. B’in an uair. Chuaigh na Trioblóidí in olcas.
  6. Cé dó. Tabharfar an seic.
  7. B’in an bhliain. Rinne mé na scrúduithe deireanacha.
  8. Sin an chúis. Tá mé sásta cuidiú leat.
  9. Gabh an bealach. Tá sé taobh thiar den Choláiste.
  10. Cé leis. Íocadh an deontas.

Tasc B

Cuir Gaeilge ar na habairtí 1–10.

  1. What time do the shops close?
  2. To whom was the complaint made?
  3. Do you remember the day we met?
  4. In which direction is the wind blowing now?
  5. Who was blamed for the accident?
  6. That’s the reason I gave up cigarettes.
  7. You know how things are done here.
  8. Why do I forget people’s names?
  9. They moved to Derry, where Róisín got a job with a local newspaper.
  10. To whom shall I tell my story?

Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

Tasc A

  1. Is cuimhin liom an t-am a bhí an stíl ghruaige sin faiseanta.
    ( Is cuimhin liom an t-am a raibh an stíl ghruaige sin faiseanta.)
  2. Caidé leis a mbeifeá ag súil óna leithéid de dhaoine?
  3. Sin an fáth nár éirigh liom san agallamh.
  4. Is iomaí áit a mbíonn ceol maith le cluinstin.
  5. B’in an uair a chuaigh na Trioblóidí in olcas.
  6. Cé dó a dtabharfar an seic?
  7. B’in an bhliain a rinne mé na scrúduithe deireanacha.
    ( B’in an bhliain a ndearna mé na scrúduithe deireanacha.)
  8. Sin an chúis a bhfuil mé sásta cuidiú leat.
  9. Gabh an bealach atá taobh thiar den Choláiste.*
    * Is mar ainmfhocal, agus ní mar dhobhriathar, atá ‘cúis’ in úsáid san abairt seo.
  10. Cé leis ar íocadh an deontas?

Tasc B

Cuir Gaeilge ar na habairtí 1–10.

  1. Cén t-am a dhruideann na siopaí?
    ( Cén t-am a ndruideann na siopaí?)*
    * Más ‘uair’ a úsáidtear, beidh coibhneas díreach ann: Cá huair a dhruideann na siopaí?
  2. Cé leis a ndearnadh an gearán?
  3. An cuimhin leat an lá a chas muid ar a chéile?
    ( An cuimhin leat an lá ar chas muid ar a chéile?)
  4. Cén treo a bhfuil an ghaoth ag séideadh anois?
  5. Cé air ar cuireadh an locht as an taisme?
  6. Sin an fáth/an chúis ar éirigh mé as na toitíní.
  7. Tá a fhios agat an dóigh a ndéantar rudaí anseo.
  8. Cad chuige a ndéanaim dearmad d’ainmneacha daoine?
  9. D’aistrigh siad cónaí go Doire, áit a bhfuair Róisín post le nuachtán áitiúil.
  10. Cé dó a n-inseoidh mé mo scéal?