Céim Ar Aghaidh

Intreoir

Intreoir ghinearálta

Sa chuid seo de Céim ar Aghaidh, tá teacht ar ábhar tacaíochta fá choinne ranganna meánleibhéil agus ardleibhéil. Tá na hábhair seo le fáil in achan cheann de na deich n-aonad.

  1. Bileoga Oibre, ar a bhfuil gníomhaíochtaí ranga
  2. Scripteanna, ina bhfuil téacs na míreanna físe agus fuaime scríofa amach.

Ní hionann na riachtanais ná na spriocanna a bhíonn ag grúpa foghlaimeoirí ar bith agus, mar sin de, cinneadh gan cúrsa leanúnach a dhearadh. Ina áit sin, tá ábhair curtha ar fáil a chuideoidh le múinteoirí a gcuid cúrsaí féin a chur le chéile ar bhealach a bhfreastalóidh ar leibhéil chumais agus ar shainriachtanais na bhfoghlaimeoirí. Tá na Bileoga Oibre dírithe ar mhúinteoirí nó ar theagascóirí a bhíonn ag plé leis na grúpaí seo a leanas:

  • Foghlaimeoirí atá ag freastal ar ranganna ginearálta teanga.
  • Cainteoirí dúchais as Cúige Uladh atá ag iarraidh cur lena n-eolas ar an Ghaeilge scríofa agus ar ghnéithe dá gcanúint féin.
  • Foghlaimeoirí a bhfuil sé i gceist acu tabhairt faoi shainscrúduithe, mar shampla, Teastas Eorpach na Gaeilge ag Meánleibhéal 2 nó ag Ardleibhéal 1.
  • Mic léinn ollscoile.

Tabhair faoi deara nach bhfuil freagraí na ngníomhaíochta curtha ar fáil. Rinneadh an cinneadh sin i ndiaidh dul i gcomhairle le múinteoirí, a mheas gur lú an tairbhe a bhainfí as na hábhair sa tseomra ranga dá mbeadh na freagraí ar fáil.

Le freastal go héifeachtach ar fhoghlaimeoirí ar chúrsa ginearálta teanga, caithfidh an múinteoir clár oibre an chúrsa a phleanáil. Sula gcuirtear ábhair an chúrsa le chéile, ba cheart eolas a bhailiú faoi riachtanais na bhfoghlaimeoirí agus spriocanna an chúrsa a shainiú. Moltar do mhúinteoirí na rudaí seo a chur san áireamh ag céim na pleanála: 

  • Na comhthéacsanna ina mbeidh na foghlaimeoirí ag úsáid na teanga.
  • Na cineálacha daoine a mbeidh siad ag plé leo agus an ról a bheidh ag na foghlaimeoirí.
  • Na hábhair spéise atá ag na foghlaimeoirí.
  • Na tascanna a bheidh le déanamh acu.
  • Na hábhair agus na téamaí a gcaithfidh siad a bheith ábalta plé leo.
  • Na scileanna teanga a bheidh le forbairt acu le go mbeidh siad ábalta tabhairt faoi na tascanna sin agus plé leis na téamaí sin.

- An mbeidh na scileanna ar fad i gceist?
- I gcás na cluastuisceana agus na léitheoireachta, caidé na cineálacha téacsanna a mbeidh siad ag plé leo?
- Má bhíonn téacsanna le scríobh acu, caidé na cineálacha téacsanna a bheidh i gceist?
- Cén bhéim a chuirfear ar na gnéithe seo a leanas: an fhoghraíocht, an fheasacht teanga, forbairt scileanna cumarsáide agus feasacht maidir le húsáid straitéisí foghlama?

  • An leibhéal cumais a chaithfidh na foghlaimeoirí a bhaint amach sna scileanna éagsúla agus na spriocanna atá leagtha síos acu féin. (Féach an Ghreille Féinmheasúnaithe in Bileog Oibre Aonad 1.)
  • An t-eolas atá de dhíth ar na foghlaimeoirí maidir le cultúr agus saíocht na Gaeilge.

Is minic nach mbíonn deis ag an mhúinteoir tabhairt faoi chéim seo na réamhphleanála go dtí go gcuirtear tús leis an chúrsa teanga. Is le cuidiú leis an ghné sin obair, a cuireadh Greille Féinmheasúnaithe ar fáil in . Ba cheart a bhfuil sa Ghreille a phlé leis na foghlaimeoirí agus seans a thabhairt dóibh anailís a dhéanamh ar a gcumas féin agus na spriocanna atá acu a leagan síos. Beidh an t-eolas seo riachtanach do mhúinteoirí agus iad ag leagan amach spriocanna réalaíocha agus plean oibre don chúrsa Gaeilge. Ba cheart go ndéanfaí athbhreithniú ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ag na foghlaimeoirí, de réir na spriocanna a leag siad féin amach sa Ghreille, mar chuid lárnach d’obair an ranga ó sheachtain go seachtain.

Tá na hábhair thacaíochta sna Bileoga Oibre fóirsteanach d’fhoghlaimeoirí meánleibhéil nó ardleibhéil. Tugtar forbhreathnú sa tábla thíos ar na príomhábhair a chlúdaítear sna haonaid.

Aonad Téama ginearálta Míreanna físe/fuaime An próiseas foghlama An ghramadach/an fhoghraíocht

1

Saol na tuaithe

Aodh Ó Gallchóir

Spriocanna foghlama

Greille Féinmheasúnaithe

Réamhfhocail

An t-ainm teibí céime

2

Mise ag foghlaim

Seán Ó Daimhín

Antain Mac Lochlainn

3 mhír fuaime: comhairle don fhoghlaimeoir Gaeilge

Comhairle don fhoghlaimeoir teanga

Acmhainní ar líne le cuidiú leis an scríbhneoireacht

Téarmaíocht ghramadaí

Plé ar an fhoghraíocht

3

Caitheamh aimsire

Aodh Ó Gallchóir

Fillteán foghlama

Canúint v caighdeán (na hainmfhocail iolra)

4

Mise ag obair

Suzanne Uí Ghallachóir

Nuala Mulholland

Mír fuaime: mo shaol oibre

Tascanna scríbhneoireachta:

straitéisí agus cur chuige

Míreanna treise

Forainmneacha réamhfhoclacha

5

An Ghaeilge: deiseanna úsáide

Seán Ó Daimhín

Mír fuaime: mise ag úsáid na Gaeilge

Straitéisí léitheoireachta

An briathar saor

6

Ag pilleadh ar an oideachas

Máire Uí Cheallaigh

Seán Ó Daimhín

Mír fuaime: cleachtadh ar ch, dh agus gh

Straitéisí cumarsáide

Comhfhocail

Na fuaimeanna ch, dh agus gh

7

An taisteal

Anna Ní Bhroin

Aodh Ó Gallchóir

Mír fuaime: Ag Ullmhú don tSaoire (Mír as Taisce Focal)

 

An ginideach uatha

Forainmneacha réamhfhoclacha: leaganacha malartacha

Rithim nádúrtha na teanga

8

An Ghaeltacht

Gráinne Ní Ghilín

Anna Ní Bhroin/Gráinne Ní Ghilín

Míreanna fuaime 1 & 2: cleachtadh foghraíochta

 

Foirmeacha ceisteacha: coibhneas díreach/indíreach

An fhoghraíocht: caint nádúrtha

9

An teaghlach inniu agus inné

Máire Uí Rabhartaigh

Anna Ní Bhroin

Antain Mac Lochlainn/Siuán Ní Mhaonaigh

Ag foghlaim stór focal úr

Ainm briathartha + ainmfhocal + aidiacht

agus

10

Scileanna

Eithne Ní Ghallchobhair

Seán Ó Daimhín

3 mhír fuaime: mianta agus pleananna

Ag foghlaim na gramadaí

Tusa ag foghlaim: ag dul chun cinn

 

An aimsir ghnáthchaite

Aird ar an fhoghraíocht

Ní ábhar do rang amháin ná sraith ranganna atá i gceist le haon cheann de na Bileoga Oibre 1–10. Is é atá iontu ábhar tacaíochta do mhúinteoirí a bhíonn ag cur ranganna Gaeilge le chéile. Táthar ag súil go ndéanfaidh na múinteoirí a gcuid féin den ábhar agus é a chur in oiriúint dá gcuid foghlaimeoirí féin. Moltar cloí leis na céimeanna seo a leanas agus ábhar an ranga á phleanáil. 

Déan súil siar athbhreithniú ar obair a rinneadh sa rang roimhe (stór focal, pointí gramadaí, struchtúir faoi leith, gnéithe den fhoghraíocht agus araile). Is fiú go mór na foghlaimeoirí a dhéanamh gníomhach sa chuid seo den rang. D’fhéadfaí a iarraidh orthu samplaí a sholáthar nó píosa oibre a rinne siad idir an dá linn a chur i láthair. B’fhiú fosta tabhairt ar fhoghlaimeoirí pointí gramadaí a mhíniú arís don chuid eile den rang.

Ba cheart spriocanna an ranga a phlé agus a aontú leis na foghlaimeoirí.

Tá sé tábhachtach ionchur saibhir a bheith ann, a chlúdaíonn réimse leathan ábhar, go háirithe ábhair a bhfuil suim ag na foghlaimeoirí iontu. Tá míreanna físe, míreanna fuaime agus téacsanna léitheoireachta le fáil sna Bileoga Oibre, ach is cinnte go mbeidh ar an mhúinteoir cuir leis an ábhar sin, le freastal ar shainriachtanais an ghrúpa foghlaimeoirí.

Ba cheart réimse leathan tascanna a chur ar fáil, a chuireann iallach ar na foghlaimeoirí dul i ngleic leis an ionchur agus a chuireann deiseanna cumarsáide ar fáil. Beidh na tascanna réamhéisteachta, le linn éisteachta agus iaréisteachta ar fad ag brath ar ábhar agus ar leibhéal deacrachta na dtéacsanna físe, fuaime agus léitheoireachta.

Agus tascanna á roghnú nó á ndearadh, is riachtanach cothrom na Féinne a thabhairt do na scileanna teanga éagsúla. Ar ndóigh, ní bheidh ar chumas an mhúinteora díriú ar na príomhscileanna ar fad in achan rang: an labhairt, an léamh, an scríobh agus an tuiscint. B’fhiú, mar sin féin, a bheith airdeallach agus an freastal ceart a dhéanamh ar na scileanna éagsúla ag brath ar riachtanais na bhfoghlaimeoirí agus ar riachtanais acadúla an chúrsa, má bhaineann sin le hábhar.

Ná déantar neamart i bhforbairt scileanna tábhachta eile: an fhoghraíocht, saibhriú focal, feasacht teanga agus chultúrtha, straitéisí foghlama agus cumarsáide. Is fearr forbairt na scileanna seo a fhí isteach i ngnáthobair an ranga agus sa phlé ar na tascanna. 

Bíodh éagsúlacht ag baint leis na bealaí ina gcuirtear aiseolas ar fáil do na foghlaimeoirí. Ba cheart aiseolas a roinnt ag céimeanna faoi leith sa rang, le linn tascanna nó i ndiaidh do na foghlaimeoirí na tascanna a chur i gcrích. Beidh ceartúcháin le déanamh ar obair a dhéanann na foghlaimeoirí taobh amuigh den rang. Déan plé leo ar na bealaí a dtig leo an tairbhe is fearr a bhaint as na ceartúcháin sin.

Bíodh plé leanúnach agat leis na foghlaimeoirí le go mbeidh sibh ábalta an dul chun cinn atá á dhéanamh acu a mheas. Pléigh na deacrachtaí atá acu agus labhair leo faoi na straitéisí atá in úsáid acu. Mol straitéisí eile a d’fhéadfadh cuidiú leo. Cuidigh leo athbhreithniú a dhéanamh go rialta ar na spriocanna a leag siad síos ag tús an chúrsa agus déan cibé athruithe is gá.

Tá na míreanna físe ina gcuid lárnach den ábhar ranga. Is agallaimh atá iontu le cainteoirí dúchais agus foghlaimeoirí maithe as achan chearn de Chúige Uladh. Clúdaítear réimse leathan ábhar sna míreanna agus maireann achan mhír idir bomaite agus ceithre bhomaite. Cuireadh comhairle ar na cainteoirí labhairt go nádúrtha, mar a dhéanfadh siad agus iad i mbun gnáth-chomhrá. Fágann sin nach ionann an luas cainte ó dhuine go duine agus go bhfuil dul na gnáthchainte ar na hagallaimh: athrá, sosanna, focail Bhéarla in úsáid, abairtí neamhiomlána agus botúin bheaga anseo agus ansiúd.

Tá scripteanna na n-agallamh ar fad curtha ar fáil mar chuidiú don mhúinteoir. Níor cheart ábhar léitheoireachta a dhéanamh de na scripteanna ná iad a dháileadh ar lucht an ranga ach amháin nuair a mholtar a leithéid sna treoracha do thascanna faoi leith. Dar ndóigh, níl cosc ar bith ar fhoghlaimeoirí éisteacht leis na míreanna físe as a stuaim féin agus leas a bhaint as na scripteanna agus na nótaí mínithe le cuidiú leo ciall a bhaint as an ábhar.

Moltar plé a dhéanamh leis na foghlaimeoirí faoi na deacrachtaí a bhíonn acu agus iad ag éisteacht le míreanna físe agus fuaime. Ba cheart a chur ina luí orthu nach gá i gcónaí achan fhocal nó frása sa mhír a thuigbheáil. Is leor dóibh méid áirithe a thuigbheáil, ar brath ar riachtanais an taisc atá le déanamh acu.

Cé chomh minic ba cheart an mhír físe nó fuaime a sheinm? Bíonn sé sin ag brath ar riachtanais an taisc a bheidh le déanamh. Sa chás go gcaithfidh na foghlaimeoirí buille faoi thuairim a thabhairt faoi éirim na míre, is leor an mhír a chur sa tsiúl uair amháin. Más mioneolas atá de dhíth, beidh an mhír le seinm cúpla iarraidh. Is é an rud is tábhachtaí go mbeidh tasc nó sprioc le cur i gcrích ag na foghlaimeoirí le linn dóibh a bheith ag amharc nó ag éisteacht. Má tá an t-ábhar ag an leibhéal cheart deacrachta do na foghlaimeoirí, beidh siad ábalta an tasc a chur i gcrích i ndiaidh an mhír a fheiceáil uair amháin nó dhá uair. Fiú má tá an t-ábhar beagáinín dúshlánach dóibh, ní mholtar an mhír a sheinm arís is arís eile. B’fhearr an tasc féin a chur in oiriúint do leibhéal cumais an ghrúpa foghlaimeoirí.

Tá réimse leathan tascanna le fáil sna Bileoga Oibre. Faoin mhúinteoir atá sé tascanna a roghnú a fhóireann don rang atá faoina stiúir. Beidh an rogha sin ag brath ar leibhéil chumais na bhfoghlaimeoirí, na spriocanna agus na réimsí spéise atá acu. Féadann múinteoirí aithris a dhéanamh ar thasc atá le fáil in Bileog Oibre amháin agus mír físe/fuaime nó téacs léitheoireachta dá gcuid féin a dhearadh. Tá lánchead ag múinteoirí tascanna eile, a bheidh ag teacht le sainriachtanais na foghlaimeoirí, a bhunú ar na téacsanna sna haonaid seo.

Tá trí mhórchineál gníomhaíochta nó taisc sna míreanna físe:

  • tascanna réamhéisteachta
  • tascanna le linn éisteachta
  • tascanna iaréisteachta

Scríobhadh na tascanna ar bhealach grádaithe le go gcuirfí tacaíocht ar fáil d’fhoghlaimeoirí agus go mbeadh siad ábalta ábhar na míreanna a phróiseáil céim ar chéim.

Ag céim na réamhéisteachta, déantar na foghlaimeoirí a ullmhú le tabhairt faoi na príomhthascanna tuigbheála a bheas le déanamh ar ball. Baintear úsáid as réimse leathan gníomhaíochtaí ag an chéim seo. Cuir i gcás, má tá stór focal leathan sa mhír, déantar réamhchleachtadh ar fhocail agus ar fhrásaí atá le cluinstin inti. Uaireanta eile, cuirtear iallach ar na foghlaimeoirí smaoineamh ar cibé eolas atá acu féin faoi ábhar na míre. Uaireanta eile, bíonn tascanna ann le suim na bhfoghlaimeoirí san ábhar a spreagadh. Faoin mhúinteoir atá sé tascanna a roghnú, ag brath ar an mhéid tacaíochta a mheastar a bheidh de dhíth le go mbainfidh na foghlaimeoirí tairbhe cheart as an mhír físe nó fuaime.  

Maidir leis na tascanna a bhíonn le déanamh ag na foghlaimeoirí le linn dóibh a bheith ag éisteacht leis an mhír féin, bíonn siad ag brath cuid mhaith ar ábhar na míre agus ar an leibhéal deacrachta a bhaineann leis. Ag an chéim seo, bíonn béim ar an ábhar a thuigbheáil. Cuir i gcás, b’fhéidir go mbeadh ar fhoghlaimeoirí na príomhphointí a thabhairt leo, dearcadh nó tuairim an chainteora faoi ábhar faoi leith a aithint, pointí eolais a cheartú nó ceisteanna a chumadh.

Tá tascanna sna Bileoga Oibre a bhfuil sé d’aidhm acu feasacht teanga na bhfoghlaimeoirí a mhéadú. Dírítear ar phointí gramadaí a thig chun cinn sa mhír agus bítear ag iarraidh cuidiú leis na foghlaimeoirí dul i ngleic le struchtúir na teanga trí patrúin a aithint agus rialacha agus samplaí a sholáthar. 

Sna tascanna iaréisteachta, tugtar deis d’fhoghlaimeoirí dul i ngleic le hábhar na míre ar bhealach atá ábhartha dóibh féin agus a thugann seans dóibh an t-ábhar úr a chur in úsáid. Tá réimse leathan tascanna iaréisteachta sna Bileoga Oibre. Ina measc, tá ráitis le plé, suirbhéanna, tascanna taighde, tascanna scríbhneoireachta agus cur i láthair. Le linn tascanna iaréisteachta, bíonn deis ag an mhúinteoir díriú ar fhorbairt scileanna ar nós na foghraíochta agus na léitheoireachta agus ábhair a chuireann le feasacht chultúrtha na bhfoghlaimeoirí a phlé.

Is ag an chéim seo a thugtar deis d’fhoghlaimeoirí a machnamh a dhéanamh ar caidé mar a d’éirigh leo féin ábhar na míre a láimhseáil agus plé a dhéanamh ar fhorbairt straitéisí foghlama agus cumarsáide.

Bíonn deacrachtaí ag foghlaimeoirí le míreanna físe agus fuaime mar gheall ar chúinsí éagsúla. Ina measc sin tá luas na cainte, an stór focal, an t-ábhar cainte féin agus eolas na bhfoghlaimeoirí ar an ábhar sin. Bíonn claonadh ag múinteoirí an mhír a sheinm arís agus arís eile le cuidiú le tuiscint na bhfoghlaimeoirí. Ní miste sin a dhéanamh anois is arís, ach is fearr go mór na tascanna a chur in oiriúint do leibhéal cumais na bhfoghlaimeoirí seachas dul siar orthu go rómhinic. Tá an baol ann go dtiocfaidh beaguchtach ar na foghlaimeoirí má sheinntear an mhír rómhinic. Má mheasann an múinteoir an stór focal a bheith dúshlánach, d’fhéadfaí, mar shampla, tascanna breise a dhéanamh ag céim na réamhéisteachta le go mbeidh seans acu an ghné sin a réamhchleachtadh. Tá réimse leathan tascanna stór focal in Céim ar Aghaidh a d’fhéadfaí a úsáid mar theimpléad.

Má shíleann an múinteoir an t-ábhar i mír físe a bheith deacair nó teibí, moltar gan ceisteanna tuisceana oscailte a úsáid, is é sin, ceisteanna ina gcaithfidh na foghlaimeoirí freagraí a sholáthar. Ina leithéid sin de chás, is fearr úsáid a bhaint as tascanna ina gcuirtear tacaíocht bhreise ar fáil do na foghlaimeoirí, mar shampla, rudaí a mheaitseáil, ráitis a cheartú agus liostaí a dhéanamh. Más mír físe measartha fada atá ann, d’fhéadfaí an mhír a thaispeáint do na foghlaimeoirí ina píosaí agus tascanna tuigbheála a bhunú ar na píosaí sin seachas ar an mhír iomlán.

Ar an láimh eile, má mheastar nach bhfuil ábhar na míre dúshlánach go leor do na foghlaimeoirí, tá bealaí ann leis na tascanna a dhéanamh níos deacra. D’fhéadfaí, mar shampla, a iarraidh ar na foghlaimeoirí ceisteanna oscailte a fhreagairt, fianaise a sholáthar le tacú lena gcuid freagraí, achoimre a scríobh, dearcadh a aithint agus mar sin de.

Beidh múinteoirí in ann tascanna dá gcuid féin a dhearadh de réir mhúnlaí na dtascanna atá le fáil in Céim ar Aghaidh le go mbeidh siad in oiriúint do riachtanais agus do leibhéil chumais a gcuid foghlaimeoirí.

Is cuid lárnach de chur chuige Céim ar Aghaidh tascanna a bheith bunaithe ar obair bheirte agus ar obair ghrúpa. Tá gné seo na hidirghníomhaíochta fíorthábhachtach i rang teanga agus go háirithe sa rang Gaeilge, mar is minic nach mbíonn mórán seansanna ag na foghlaimeoirí an teanga a úsáid taobh amuigh den tseomra ranga. Is minic a bhíonn drogall ar fhoghlaimeoirí an teanga a labhairt os comhair ranga agus, dá bharr sin, moltar tascanna atá bunaithe ar obair bheirte agus ar obair ghrúpa le deiseanna maithe a thabhairt dóibh an teanga a chleachtadh. Tugann tascanna den chineál seo deiseanna do na foghlaimeoirí rudaí úra a chuala sin a thriail, a gcuid eolais ar struchtúir faoi leith a sheiceáil, aischothú a fháil ar a gcuid foghraíochta. Gheobhaidh siad amach fosta an bhfuil ag éirí leo focail agus frásaí úra a úsáid sna comhthéacsanna cearta.

Uaireanta, sna Bileoga Oibre, iarrtar ar na foghlaimeoirí tabhairt faoi thasc ina n-aonar ar dtús agus ina dhiaidh sin a gcuid freagraí a chur i gcomparáid agus a phlé le foghlaimeoir nó roinnt foghlaimeoirí eile. Is céim thábhachtach den tasc atá sa phlé sin idir na foghlaimeoirí agus níor cheart é a fhágáil ar lár. Deis atá ann d’fhoghlaimeoirí forbairt a dhéanamh ar mhúnlaí faoi leith teanga, tuairimí a chosaint, achoimre a dhéanamh, pointí gramadaí a mhíniú, eolas nó soiléiriú a lorg.

Is cinnte go ndéanfaidh na foghlaimeoirí botúin agus iad i mbun obair bheirte agus obair ghrúpa ach is cuid nádúrtha den phróiseas foghlama na botúin sin. Ní thiocfaidh feabhas ar a gcumas cainte gan deiseanna cleachtaidh a thapú.  Cinntíonn tascanna idirghníomhacha agus tascanna piareagarthóireachta go mbíonn foghlaimeoirí ag úsáid na teanga le cumarsáid cheart a dhéanamh le chéile i nGaeilge. Bíonn deis acu an tasc a phleanáil agus a phlé agus aischothú a chur ar fáil dá chéile. Tá ról i gcónaí ag an mhúinteoir treoir a chur ar fáil, ceisteanna treoracha a chur agus tacaíocht, comhairle agus aischothú a thabhairt ag céimeanna éagsúla le linn do na foghlaimeoirí a bheith i mbun tascanna.

Ar mhaithe le héagsúlacht, moltar nach mbeadh na foghlaimeoirí céanna ag obair le cheile i gcónaí.

Tuigeann múinteoirí nach ionann riail ghramadaí a mhíniú agus a bheith cinnte de go bhfuil na foghlaimeoirí in ann an riail sin a chur i bhfeidhm go ceart cruinn ón phointe sin ar aghaidh. In áit an múinteoir a bheith ag soláthar rialacha gramadaí do na foghlaimeoirí, nó ag síorcheartú na mbotún a dhéanann siad, glactar leis anois go n-éiríonn níos fearr le foghlaimeoirí má bhíonn páirt níos gníomhaí acu féin sa phróiseas foghlama. Maidir le foghlaim na gramadaí de, is fearr mar a éiríonn le foghlaimeoirí nuair a aithníonn siad bearnaí ina gcuid eolais féin agus nuair a threoraítear iad le haghaidh a thabhairt ar na bearnaí sin. Tá foghlaimeoirí ann a bhíonn in ann straitéisí a úsáid le dul i ngleic le deacrachtaí a bhíonn acu.  Uaireanta, is go neamh-comhfhiosach a dhéanann siad sin. I gcásanna eile, is faoin mhúinteoir a bhíonn sé straitéisí éagsúla a léiriú dóibh. Thig cuidiú leis na foghlaimeoirí triail a bhaint as straitéisí mar seo:

  • patrúin a aimsiú,
  • rialacha a sholáthar,
  • liostaí a dhéanamh,
  • anailís a dhéanamh ar an mhéid a scríobhann agus a deir siad féin,
  • comparáid a dhéanamh idir gnéithe de ghramadach na Gaeilge agus córas gramadaí teangacha eile atá ar eolas acu,
  • triail a bhaint as struchtúr úra sa chaint agus sa scríobh.

Uaireanta, mínítear rialacha casta gramadaí ar bhealach díreach in Céim ar Aghaidh. Ach, den chuid is mó, úsáidtear na straitéisí thuas leis na foghlaimeoirí a threorú le go gcuirfidh siad lena bhfeasacht teanga féin. Moltar do mhúinteoirí triail a bhaint as an chur chuige seo agus na foghlaimeoirí a bheith lárnach sa phróiseas, iad a chur ag míniú rialacha, ag soláthar samplaí breise, ag teagasc pointe nó struchtúr gramadaí don chuid eile den rang.

In Céim ar Aghaidh, dírítear ar ghnéithe den ghramadach a bhíonn deacair ag foghlaimeoirí meánleibhéil agus ardleibhéil. Pléitear na gnéithe sin de réir mar a thig siad chun cinn sna haonaid, ach beidh ar mhúinteoirí díriú ar struchtúir agus ar ábhair eile a chothaíonn deacrachtaí dá gcuid foghlaimeoirí féin. Ní míniú nó plé aon uaire a bhíonn de dhíth maidir le múineadh na gramadaí, ach cur chuige ciorclach. Is é atá i gceist leis sin go ndéanfaí aird na bhfoghlaimeoirí a dhíriú ar phointí gramadaí ar bhonn leanúnach de réir mar a thig siad chun cinn i dtéacsanna atá idir lámha sa rang.

Tá sé ríthábhachtach go gcuirfí treoir agus comhairle ar fhoghlaimeoirí maidir le córas fuaimeanna na Gaeilge. Chuige sin, tá áit lárnach ag cúrsaí foghraíochta in Céim ar Aghaidh. Gné den tsealbhú teanga í seo a ndéantar neamart inti go rómhinic. Is go drogallach a ghlacann foghlaimeoirí áirithe le haischothú nó le ceartúcháin maidir lena gcuid foghraíochta. Is gá cur le feasacht na bhfoghlaimeoirí faoina thábhachtaí agus atá sé fuaimeanna na teanga a thabhairt leo go beacht. Tá tascanna in Bileog Oibre Aonad 2 le tús a chur leis an phlé sin.

Is cinnte go gcuidíonn an éisteacht agus an labhairt le foghlaimeoirí dul i dtaithí ar fhuaimeanna na Gaeilge. Bíodh sin mar atá, tá gá le díriú ar bhealach foirmiúil ar ghnéithe áirithe den fhoghraíocht, go háirithe na fuaimeanna sin atá sa Ghaeilge agus nach bhfuil sa Bhéarla. Ní fuaimeanna aonair amháin a chlúdaítear in Céim ar Aghaidh, ach cúrsaí béime agus gnéithe suntasacha de chanúint Uladh. Moltar d’fhoghlaimeoirí tabhairt faoi na cleachtaí foghraíochta atá le fáil in Don Fhoghlaimeoir.

Seo thíos an méid a bhí le rá ag duine a cuireadh faoi agallamh in Céim ar Aghaidh, nuair a iarradh air comhairle a chur ar fhoghlaimeoirí eile.

“An chéad rud a déarfainn le foghlaimeoir ar bith... ná ní thig le duine ar bith teanga a theagasc duit. Ní thig le múinteoir teanga a theagasc duit. Caithfidh tusa a dhul agus an teanga a shealbhú tú féin.”

Comhairle chiallmhar, gan amhras. Is cinnte go mbíonn ról tábhachtach ag múinteoirí maidir le clár teagaisc a chur le chéile agus deiseanna cleachtaidh a sholáthar dá gcuid foghlaimeoirí. Ach is iad na foghlaimeoirí féin atá freagrach as an dul chun cinn a dhéanann siad. Léiríonn taighde go bhfuil rudaí ann a chuideoidh leo a bheith níos éifeachtaí mar fhoghlaimeoirí. Cuirtear béim faoi leith ar an ábhar sin in Céim ar Aghaidh. Moltar aird a thabhairt ar na gnéithe seo thíos.  

Spriocanna réadúla a leagan síos

In Bileog Oibre Aonad 1, tugtar deis d’fhoghlaimeoirí a machnamh a dhéanamh ar a gcumas sa teanga agus spriocanna a leagan síos dóibh féin sna scileanna éagsúla. Go traidisiúnta, ba ar an mhúinteoir amháin a thiteadh an cúram sin. Inniu féin, is é an mhúinteoir a chaithfidh cúram a dhéanamh de riachtanais acadúla agus caighdeáin an chláir theagaisc, ach tuigtear anois gur fearr a éiríonn le foghlaimeoirí a bhfuil machnamh déanta acu ar na rudaí seo a leanas:

  • na cúiseanna atá acu féin leis an teanga a fhoghlaim
  • an leibhéal cumais atá siad ag iarraidh a bhaint amach
  • na buanna agus na laigí atá acu mar fhoghlaimeoirí.

Straitéisí foghlama agus cumarsáide

Caithfidh na foghlaimeoirí a bheith eolach ar rudaí a chuidíonn leo agus iad ag foghlaim na teanga agus a bheith sásta triail a bhaint as straitéisí a chuideoidh leo agus iad ag úsáid na teanga. Tá tuilleadh eolais agus deiseanna plé maidir leis na hábhair seo in Bileoga Oibre Aonad 5, Aonad 6, Aonad 9 agus Aonad 10.

Fillteán foghlama a choinneáil

Moltar d’fhoghlaimeoirí taifead a choinneáil ar an dul chun cinn atá á dhéanamh acu agus iad i mbun staidéir ar an Ghaeilge. D’fhéadfaí go mbeadh cuid de na rudaí seo a leanas i gceist lena leithéid de thaifead:

  • na spriocanna atá ag na foghlaimeoirí
  • samplaí dá gcuid oibre (taighde, píosaí scríbhneoireachta, cur i láthair, taifid físe/fuaime)
  • acmhainní úsáideacha foghlama
  • aiseolas ón mhúinteoir
  • rudaí úra atá siad i ndiaidh a fhoghlaim
  • rudaí nach dtuigeann siad i gceart go fóill
  • na rudaí a dhéanann siad leis an Ghaeilge a úsáid taobh amuigh den tseomra ranga.

Tá níos mó eolais faoin Fhillteán Foghlama in Bileog Oibre Aonad 3.

Aiseolas an mhúinteora

Is cinnte go bhfuil sé tábhachtach go gcuirfeadh múinteoirí aiseolas ar fáil do na foghlaimeoirí go leanúnach. Tá an úsáid a bhaineann na foghlaimeoirí as an aiseolas sin díreach chomh tábhachtach céanna. Ba cheart go mbeadh córas éigin ag an fhoghlaimeoir leis an leas is fearr a bhaint as na ceartúcháin nó as cibé aiseolas a chuireann an múinteoir ar fáil. Beidh a nósanna féin ag achan fhoghlaimeoir ach, mar thúsphointe, ba cheart taifead a choinneáil de na príomhphointí a chothaíonn deacrachtaí dóibh ar bhonn rialta. Lena chois sin, caithfear iarracht a dhéanamh dul i ngleic leis na deacrachtaí. Seans go ndéanfadh foghlaimeoirí cuid de na rudaí seo a leanas le déileáil le struchtúr faoi leith gramadaí;

  • tascanna breise teanga leis an struchtúr a chleachtadh
  • breis eolais agus samplaí a lorg sna leabhair ghramadaí
  • samplaí den struchtúr a nótáil agus iad ag léamh nó ag éisteacht
  • an struchtúr a thriail agus iad i mbun cainte nó scríbhneoireachta.

Is é is tábhachtaí ar fad nach bhfágtar aiseolas an mhúinteora ar leataobh ach go mbeadh sé mar threoir agus foghlaimeoirí ag obair ar na deacrachtaí a bhíonn le sárú acu. 

Acmhainní foghlama

Tá réimse leathan acmhainní foghlama ar fáil anois le cuidiú le foghlaimeoirí Gaeilge. Tá teacht go furasta ar cúrsaí traidisiúnta agus leabhair ghramadaí chlóite. Lena chois sin, tá neart acmhainní le fáil ar líne a chuideoidh leis an fhoghlaimeoir maidir le stór focal, cúrsaí téarmaíochta, an ghramadach agus an fhoghraíocht. Beidh ar fhoghlaimeoirí eolas a chur ar na foinsí atá ann agus dul i dtaithí ar a n-úsáid le go mbeidh siad in ann an leas is fearr a bhaint astu. In Céim ar Aghaidh, luaitear an-chuid acmhainní agus tugtar eolas fúthu.

Deiseanna úsáide a thapú

Is iad na foghlaimeoirí a ghlacann le hachan deis an teanga a úsáid taobh amuigh den tseomra ranga is fearr a n-éiríonn leo barr feabhais a bhaint amach sa teanga. Tá sé riachtanach go ndéanfadh foghlaimeoirí deiseanna a thapú nó a chruthú leis na scileanna ar fad a chleachtadh ar bhonn rialta. Tá neart deiseanna éisteachta ann, mar shampla, cláracha ar TG4 agus ar na stáisiúin raidió uilig, chomh maith leis na hábhair físe agus fuaime ar TG4 Foghlaim. Níl ganntanas ar bith ábhar léitheoireachta le fáil ar líne nó i gcló a dhéanann freastal ar achan réimse spéise, idir shaothair ficsin, shaothair thaighde nó chúrsaí reatha.

Go minic, bíonn sé deacair d’fhoghlaimeoirí deiseanna cearta a fháil leis an teanga a labhairt, ach mar a léirigh cuid de cainteoirí sna hagallaimh in Céim ar Aghaidh, tá méadú ag teacht i gcónaí ar líon agus ar réimsí na n-imeachtaí a bhíonn á reáchtáil trí mheán na Gaeilge. Ar ndóigh, níl bac ar fhoghlaimeoirí dul i bpáirt le dreamanna ina ndúiche féin agus tús a chur le himeachtaí Gaeilge a bhaineann lena réimse spéise féin. Má tá foghlaimeoirí le dul chun cinn a dhéanamh sa teanga, nó fiú an leibhéal cumais atá acu a choinneáil, caithfidh siad a chinntiú go mbíonn áit lárnach ag an teanga ina saol ó lá go lá. Leis an aidhm sin a bhaint amach, caithfidh siad an teanga a labhairt agus í a scríobh. Caithfidh siad í a léamh agus éisteacht léi agus na rudaí sin ar fad a dhéanamh ar bhonn rialta. Tá tuilleadh plé faoin ábhar seo le fáil in Bileog Oibre Aonad 5.

An cultúr Gaelach

Glactar leis go forleathan gurb iad na foghlaimeoirí is fearr a n-éiríonn leo na foghlaimeoirí  sin a bhfuil dearcadh dearfach acu i leith chultúr na teanga. Is daoine iad a bhaineann sult agus tairbhe as gnéithe éagsúla den chultúr sin. Déantar tagairt don Ghaeltacht agus do ghnéithe éagsúla de shaol agus de shaíocht na Gaeilge sna hábhair in Céim ar Aghaidh. Ina measc sin tá logainmneacha, an litríocht, an traidisiún amhránaíochta, stair na teanga, béaloideas, scéalta agus seanchas.

Moltar tráchtas an Dr Karen Ní Chlochasaigh do mhúinteoirí ar spéis leo tuilleadh a léamh faoin ábhar seo: Staidéar ar Fhoghlaimeoirí Éifeachtacha na Gaeilge ar an Dara agus ar an Tríú Leibhéal.