Céim Ar Aghaidh

Mír 10

Cúinne na héigse: saol na n-ealaíon sa Ghaeltacht

Fanfaidh muid i gcuideachta Aodáin Uí Chearbhaill tamall beag eile. Bíonn Aodán iontach gníomhach i saol cultúrtha Ghaoth Dobhair, go háirithe sna drámaí Gaeilge a léirítear in Amharclann Ghaoth Dobhair. San agallamh seo, cuireann sé síos d’Antain Mac Lochlainn ar chuid de na himeachtaí cultúrtha a mbíonn sé páirteach iontu.

Sula n-amharcfaidh tú ar an fhíseán, léigh na focail agus na frásaí 1–8 thíos. Úsáideann Aodán agus Antain focail agus frásaí eile leis na rudaí céanna a chur in iúl. Caidé a deir siad?

  1. timpeall na Samhna
  2. ag déanamh nasc na nGael níos láidre
  3. scaifte beag daoine
  4. chuir sé comhairle orainn
  5. bhí mé neirbhíseach an oíche sin
  6. turas thart timpeall
  7. bunaithe le fiche bliain
  8. guth domhain, íseal

Tá script an fhíseáin le fáil in Scripteanna.
Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

 

Saol cultúrtha na Gaeilge

Aodán Ó Cearbhaill ag cur síos ar na himeachtaí cultúrtha a mbíonn sé páirteach iontu.

Aodán Ó Cearbhaill

Antain: An dtéann tú go dtí an tOireachtas, a Aodáin, nuair a bíos an tOireachtas ar siúl aimsir na Samhna? Nó cad é mar a chuirfeá síos do dhuine, b’fhéidir nach mbeadh eolach ar an Oireachtas? Cad é an cineál ruda atá ann?

Aodán: ‘Sé.1 freastalaím ar an Oireachtas achan bhliain más féidir liom. Tá turas fada idir Tír Chonaill agus Ciarraí ach is fiú é a dhéanamh. Le cur síos a dhéanamh ar an Oireachtas, déarfainn gur cruinniú atá ann de na Gaeil uilig in Éirinn agus ceiliúradh ar ár gcultúr, is é sin amhráin, scéalta agus damhsa agus a leithéidí. Agus go bhfuil muid á cheiliúradh sin ach go bhfuil na comórtais ann chun an traidisiún sin a choinneáil beo chomh maith.  Agus, ag deireadh an lae, go bhfuil muid ag fáil aithne ar dhaoine eile taobh amuigh den Ghaeltacht ’s againn féin, agus ag déanamh cairdis ansin agus ag daingniú nasc na nGael le chéile, má thuigeann tú mé.

Antain: Agus an nglacann tú páirt sna comórtaisí?

Aodán: Ghlac mé páirt roimhe seo, yeah, tá sé b’fhéidir trí nó ceithre bliana ó shin. D’fhoghlaim mé amhrán sean-nóis le ceol ag an chomórtas sean-nóis. Bhí clár raidió2 ag Rónán Mac Aodha Bhuí ag an am agus chruinnigh sé isteach baicle beag daoine nár cheol ariamh ag an chomórtas aroimhe. Agus thug sé treoir dúinn, faoi stiúir, abair, Brian Danny Minnie3 agus Lillis Ó Laoire4 agus Doiminic Mac Giolla Bhríde5 agus a leithéidí. Agus d’ullmhaigh muid agus cheol muid na hamhráin ag an Oireachtas. Agus, caithfidh mé a rá, bhain mé sult an-mhór as. Ach nuair a tháinig oíche an chomórtais, caithfidh mé a rá, go raibh na féileacáin i mo ghoile an oíche sin.

Antain: Tá tú páirteach i gcór, a Aodáin. Inis dúinn faoi sin.

Aodán: ‘Sé. Luaigh mé ansin Doiminic Mac Giolla Bhríde, ceoltóir sean-nóis as an cheantar. Agus is é, eisean an stiúrthóir atá ar an chór. Thoisigh an cór sin ar dtús mar ‘Cór Thaobh an Leitheid’ agus cha raibh mise páirteach ann ag an am sin. Ach an rud a tharlaigh ó shin nó6 thoisigh Doiminic ag tabhairt grúpaí le chéile i mBéal Feirste agus i nDoire le hamhráin sean-nóis a theagasc daofa sin fosta. Agus dar leis féin gur maith an smaointiú a bheadh ann na grúpaí seo a tharraingt le chéile chun ‘ollchór’ de rud a dhéanamh, má thuigeann tú mé.

Agus is é ‘Glórthaí Uladh’7 a thug sé ar an chór seo. Agus rinne muid camchuairt, den chuid is mó i gCúige Uladh, déarfainn, a rinne muid sin. Bhí muid ag ceol i mBéal Feirste agus i nDoire agus ag an Oíche Chultúrtha i mBaile Átha Cliath, is cuimhin liom go raibh muid ann. Nuair a bhí TG4 ag ceiliúradh fiche bliain ar an fhód, bhí muid páirteach fosta sa cheiliúradh sin, i nGaillimh.

Antain: Agus an bhfuil sé, an mbíonn sé, níos fusa a bheith ag canadh i gcuideachta mar sin ná a bheith ar stáitse leat féin, déarfainn?

Aodán: Yeah, tá, aontaím leat ansin. Tá sé deas, mar, den chuid is mó, is iad na mná na príomhcheoltóirí. Ach caithfidh cúpla duine8 a bheith ann le dord a cheol chomh maith. Agus bhí mé féin agus cúpla fear eile páirteach. So, nuair atá cúpla fear ansin ag cuidiú agus ag tabhairt taca dá chéile, tá sé i bhfad níos fusa.

  1. … Is annamh a deirtear ‘is ea’ ná an leagan giorraithe ‘sea’ i dTír Chonaill. Tá claonadh ann ‘is é’ (nó an leagan giorraithe ‘sé’) a úsáid i gcónaí, fiú amháin ag trácht ar rudaí éiginnte. Cluinfidh tú leaganacha éagsúla i gcaint na ndaoine. Ina measc, tá leagan atá cosúil leis an fhocal Béarla shy.
  2. raidióRadio a deir Aodán. Níl an téarma Gaeilge iontach coitianta sa ghnáthchaint, fiú agus daoine ag caint ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
  3. Brian Danny Minnie…Brian Ó Domhnaill, amhránaí agus fliúiteadóir iomráiteach de bhunadh Anagaire. Tá dornán maith físeán ar YouTube a bhfuil Brian le cluinstin iontu.
  4. Lillis Ó Laoire… Amhránaí, scríbhneoir agus léachtóir ollscoile as Gort a’ Choirce. Bhain sé príomhdhuais amhránaíochta an Oireachtais, Corn Uí Riada, sa bhliain1991 agus arís in 1994. D’eisigh sé an dlúthdhiosca Bláth Gach Géag Dá dTig le Cló Iar-Chonnacht in 1992. Tá dornán maith físeán ar YouTube a bhfuil Lillis le cluinstin iontu.
  5. Doiminic Mac Giolla Bhríde… Amhránaí agus cumadóir as Gaoth Dobhair. Tá Corn Uí Riada agus neart duaiseanna eile bainte aige. Ar na dlúthdhioscaí leis tá Sona do Cheird (2015), cnuasach inar chuir sé ceol le dornán dánta as an chnuasach Dhá Chéad de Cheoltaibh Uladh le hÉinrí Ó Muirgheasa. Tá dornán maith físeán ar YouTube a bhfuil Doiminic le cluinstin iontu.
  6. Ach an rud a tharlaigh ó shin nó… Bíonn ‘ná’ agus ‘nó’ tríd a chéile i nGaeilge Chúige Uladh. Tá claonadh láidir ann ‘nó’ a úsáid i gcomhthéacsanna a mbeifeá ag súil le ‘ná’ sa Ghaeilge chaighdeánach.
    Tabhair faoi deara fosta gur ‘tharlaigh’ a deir Aodán in áit ‘tharla’.
  7. Glórthaí Uladh… Tá físeáin de chuid Glórthaí Uladh le fáil ar YouTube, mar shampla: https://www.youtube.com/watch?v=0xkXP617XFU.
  8. cúpla duine… Bíodh is go bhfuil síneadh fada ar an litir u san fhocal ‘cúpla’, fuaimnítear gairid é, amhail is gur ‘cupla’ atá ann. Ní deirtear ‘cúpla’ amháin más twins atá i gceist.
  1. timpeall na Samhna = aimsir na Samhna (Thiocfadh ‘i dtrátha na Samhna’ a rá fosta.)
  2. ag déanamh nasc na nGael níos láidre = ag daingniú nasc na nGael
  3. scaifte beag daoine = baicle beag daoine
  4. chuir sé comhairle orainn = thug sé treoir dúinn
  5. bhí mé neirbhíseach an oíche sin = bhí féileacáin i mo ghoile an oíche sin
  6. turas thart timpeall = camchuairt
  7. bunaithe le fiche bliain = fiche bliain ar an fhód
  8. guth domhain, íseal = dord