Céim Ar Aghaidh

Mír 7

Lúth na teanga: abair féin é

Tá sé in am agat féin na fuaimeanna Ultacha a luaigh Antain a chleachtadh.

  • Cuir Comhad Fuaime 1 ar siúl.
  • Cluinfidh tú na frásaí Gaeilge 1–10 thíos.
  • Cluinfidh tú achan fhrása faoi dhó agus spás gairid eatarthu.
  • Abair féin na frásaí i ndiaidh duit iad a chluinstin an chéad uair. An bhfuil ag éirí leat iad a fhuaimniú mar is ceart?
  1. Pól bocht! D’ólfadh sé an chros den asal.
  2. Nach cinnte go mbeannóinn di, dá n-aithneoinn í.
  3. Duine plásánta Eoghan. Chuirfeadh sé thar an abhainn tirim thú.
  4. Dúirt siad go bhfoghlaimeodh siad Gaeilge agus go labhródh siad í.
  5. An imreofá cluiche cártaí liom?
  6. Chuirfeadh sé beaguchtach ar dhuine ar bith.
  7. D’éireoinn as na toitíní dá gcuideofá liom.
  8. Fear mór cainte – dhéanfadh sé cat agus dhá ruball air.
  9. D’ordóinn dó fanacht sa bhaile.
  10. Ceannóidh mé deoch agus inseoidh mé an scéal ar fad duit.

Aonad 6 Comhad Fuaime 1