Céim Ar Aghaidh

Mír 2

An Lia Gramadaí: an bhliain seo chaite nó an bhliain seo caite?

Ar ball beag, beidh tú ag amharc ar fhíseán eile ina dtéann Aodh Ó Gallchóir i ngleic le cruacheist ghramadaí. Sula n-amharcfaidh tú ar an fhíseán, tabhair faoin tasc seo thíos.

Déan taighde ar an dá théarma gramadaí seo:

  1. Aidiacht aitreabúideach
  2. Aidiacht fhaisnéiseach

Tabhair an t-eolas seo a leanas:

  • Sainmhíniú ar chiall an dá théarma
  • Samplaí a léiríonn úsáid an dá chineál aidiachta.

Amharc ar an fhíseán ansin, go bhfeicfidh tú an bhfuil tú féin agus Aodh ar aon fhocal.

Tá script an fhíseáin le fáil in Scripteanna.
Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

An Lia Gramadaí: an bhliain seo chaite nó an bhliain seo caite?

Cruacheist ghramadaí á plé ag an Lia Gramadaí, Aodh Ó Gallchóir. Cé acu atá ceart: ‘an bhliain seo chaite’ nó ‘an bhliain seo caite’?

Aodh Ó Gallchóir

‘An bhliain seo chaite’ nó ‘an bhliain seo caite’? Cén ceann atá ceart?

Tá cúiseanna éagsúla leis an mhíthuiscint seo. Ar dtús, is é ‘an bhliain seo caite’ an leagan ceart. Gan séimhiú. Bíodh sin mar atá, bíonn séimhiú againn sa struchtúr, ‘an bhliain seo chugainn’ agus b’fhéidir go bhfuil baint aige sin leis an mhíthuiscint seo.

Cúis eile leis an mhíthuiscint ná go gceapann daoine, b’fhéidir, gur cheart daofa séimhiú a chur ar ‘caite’ i ndiaidh an fhocail ‘bliain’ de thairbhe gur ainmfhocal baininscneach é sin. Gan dul i bhfad scéil leis seo, ní mar sin atá.

‘Aidiacht fhaisnéiseach’ atá san fhocal ‘caite’ sa chás seo, ní ‘aidiacht aitreabúideach.’ Le haidiacht aitreabúideach, bíonn nasc díreach idir an aidiacht agus an t-ainmfhocal. Agus tig an aidiacht díreach i ndiaidh an ainmfhocail i gcónaí: ‘leanbh beag’, ‘cathair ghlórach’, cuir i gcás.

Le haidiacht fhaisnéiseach, is minic a bhíonn muid ag brath ar bhriathar le nasc a dhéanamh idir an aidiacht agus an t-ainmfhocal: ‘leanbh atá beag’ nó ‘cathair atá glórach’, cuir i gcás.

Ina dhiaidh sin uilig, tá roghanna eile ag an chainteoir Gaeilge. In áit ‘an bhliain seo caite’, nach dtiocfaí ‘anuraidh’ a ráit?  Nó, in áit, ‘an tseachtain seo caite,’ níor mhiste ‘an tseachtain seo a chuaigh thart’ nó ‘an tseachtain seo a d’imigh tharainn’ a ráit.

Cibé rud a dhéanfaidh sibh, nó a déarfaidh sibh, bígí cúramach gan ‘seo chaite’ a ráit.

Is é is aidiacht aitreabúideach ann aidiacht a thig díreach i ndiaidh an ainmfhocail atá á cháiliú aici, gan briathar ar bith a bheith ann mar nasc eatarthu, mar shampla ‘farraige gharbh’, ‘oíche dhorcha’. Tá impleachtaí aige seo ó thaobh na gramadaí de: cuirtear séimhiú ar aidiacht aitreabúideach atá ag cáiliú ainmfhocal baininscneach.

I gcás aidiacht fhaisnéiseach, bíonn briathar mar nasc idir an t-ainmfhocal agus an aidiacht: ‘Tá an fharraige garbh’, ‘Bhí an oíche dorcha’. Ní shéimhítear aidiacht fhaisnéiseach fiú más ainmfhocal baininscneach atá á cháiliú aici.