Céim Ar Aghaidh

Mír 3

Mise agus an nuathéarmaíocht

Ar ball beag, beidh tú ag amharc ar fhíseán ina míníonn Seán Ó Daimhín a dhearcadh féin maidir leis an nuathéarmaíocht. Sula ndéanfaidh tú sin, léigh na ceisteanna 1–6 thíos.

  • Bí ag smaoineamh ar na ceisteanna agus tú ag amharc ar an fhíseán.
  • Tabhair freagra ar na ceisteanna maidir le dearcadh Sheáin.
  • Scríobh nótaí faoi na ceisteanna maidir le do dhearcadh féin.
  1. An dearcadh dearfach nó dearcadh diúltach atá ag Seán maidir leis na téarmaí úra Gaeilge?
    Cuir i gcás go bhfuil tú féin faoi agallamh: caidé a déarfá le do dhearcadh féin a chur in iúl?
  2. Luann Seán rud amháin a mhíníonn an dearcadh atá aige: caidé atá ann?
  3. Cad chuige a mbeadh dearcadh eile ar fad ag cainteoirí dúchais, dar le Seán?
    Caidé do thaithí féin ar dhearcadh mhuintir na Gaeltachta maidir leis na téarmaí úra?
  4. Cad chuige a luann Seán an focal ‘eaglais’?
  5. Tugann Seán sampla de (a) téarma a bhfuil dúil aige ann agus (b) téarma nach bhfuil dúil ar bith aige ann. Caidé an dá shampla sin?
    Tabhair féin samplaí de théarmaí a thaitníonn/nach dtaitníonn leat.
  6. Caidé an cur chuige is fearr le Seán maidir le téarmaí úra a chumadh?

Tá script an fhíseáin le fáil in Scripteanna.  
Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí

Mise agus an nuathéarmaíocht

Seán Ó Daimhín ag cur síos ar a dhearcadh féin maidir leis na téarmaí úra atá á gcumadh sa Ghaeilge.

Seán Ó Daimhín

Well, maidir le téarmaí nua sa Ghaeilge anois agus, b’fhéidir, iad a bheith mínádúrtha nó ar chóir dúinn, b’fhéidir, fáilte a chur rompu, is duine mise, cuirim féin fáilte roimh na téarmaí nua seo. Agus, ar bhealach, b’fhéidir, baineann sin le mo stádas mar fhoghlaimeoir mé féin, agus duine a d’fhoghlaim an teanga ag fiche bliain d’aois. Mar, an dóigh a n-amharcaim féin air, gach focal atá agamsa, is téarma úr é. Is cuma más é an focal ‘agus’ nó an focal ‘tá’ suas go dtí an focal ‘téarmaíocht’ í féin. Achan fhocal atá agamsa is focal úr…So, chuir mise fáilte roimh na focla beaga sin ar fad. So, níl aon leisce ormsa ná aon doicheall roimh na téarmaí úra agamsa.

So, sin, is dócha, mo léamh féin air sin. Tuigim san am chéanna cén fáth a mbeadh, b’fhéidir, roinnt cainteoirí dúchais doicheallach roimh na téarmaí úra seo. Ar bhealach, má tá rud éigin agatsa, ón lá a rugadh thú, tá sé mínádúrtha anois, b’fhéidir, rudaí úra a chur sa mhullach air sin.

Agus fiú, mar shampla… agus thig liomsa tarraingt ar mo thaithí féin sa Bhéarla, mar shampla. Tá Béarla ar leith againne sa bhaile agus, b’fhéidir, ‘Ultais’ a thabharfadh roinnt daoine air. Agus tá sí go han-láidir ag mo mháthair. Agus b’fhéidir nach gcuirfeadh muid fáilte roimh aon duine eile ag iarraidh triail a bhaint as sin. Nó, b’fhéidir, aon duine eile ag iarraidh focla úra a tharraingt isteach agus a chur isteach ansin. Tuigim, b’fhéidir, nach teanga sin, ach, ar bhealach, tuigim na mothúcháin a bhaineann le haon athrú air sin.

So, glacaim leis go bhfuil sé mínádúrtha ag roinnt daoine, ach san am chéanna, sílimse go bhfuil sé fíorthábhachtach má tá an Ghaeilge le fás agus forbairt. Mar mura… agus, is dóiche, ag am éigin, ag am éigin, fiú na focla, na seanfhocla atá ag daoine anois – ag am éigin i stair na hÉireann, b’fhocal úr é ag am éigin. Níl ann ach ceist, cén dáta ar tháinig sé isteach. Thug muid cuid mhór, thug an Ghaeilge cuid mhór focla isteach ón Laidin. Agus tá mé cinnte ansin, nuair a tháinig an focal ‘eaglais’ isteach gur focal úr a bhí ann an t-am sin.

So, níl ann ach go bhfuil an dáta athraithe agus is maith an rud, sílimse, go bhfuil an próiseas sin ag dul ar aghaidh – ag gadaíocht agus ag goid agus ag cruthú focla úra – sa lá atá inniu ann.

In amanna, b’fhéidir nach mbeinn róthugtha, róthógtha faoi chuid de na téarmaí atá ag teacht isteach. Ní maith liom, mar shampla, an rud a bhí ar an tweeting seo agus, cineál t, v – ‘tvuíteáil’. Ní féidir liomsa, ar ór nó ar airgead, ní thiocfadh liom sin a rá. Ach taitníonn ‘giolcaireacht’ liom. Agus ní miste liom, fosta, go bhfuil cineál lúbadh agus athrú nó leasú á dhéanamh ar fhocla atá sa Ghaeilge cheana féin. B’fhéidir nach raibh aon bhaint ag an fhocal – agus is cinnte nach raibh – ag an fhocal ‘giolc’ le tweet i gcomhthéacs na meán sóisialta, ach ní fheicim aon chúis nach féidir sin a athrú agus an chiall bhreise sin a chur leis an fhocal anois.

So, is maith liom é nuair…má tá focal ann cheana féin gur féidir linn sin a fhorbairt agus níos mó ciall a chur leis. So, is maith liom féin an próiseas seo ar fad. So, níl, agus…chomh maith leis sin, tá muid ag plé le rudaí anois nach raibh ann nuair a bhí na Gaeil i réim in Éirinn an t-am sin – an t-idirlíon, an ríomhaire agus an guthán cliste agus rudaí den chineál sin. So, tá focla de dhíth orainn do na rudaí seo.

Dá mba rud é gur focla Béarla ar fad a d’úsáidfeadh muid sa chás sin, ní bheadh an Ghaeilge i bhfad ag fáil bháis, i mo bharúil. Bheadh sí báite i bhfocla Béarla ansin. So, tá mise go mór i bhfách le focla úra, cé gur fearr liom, más féidir linn, focal atá sa teanga cheana féin, ciall nó b’fhéidir athrú éigin a dhéanamh ar an fhocal sin, seachas, b’fhéidir, leanúint leis an fhuaim i mBéarla atá ann.

  1. An dearcadh dearfach nó dearcadh diúltach atá ag Seán maidir leis na téarmaí úra Gaeilge?
    Dearcadh dearfach atá ag Seán, tríd is tríd.
    Cuir i gcás go bhfuil tú féin faoi agallamh: caidé a déarfá le do dhearcadh féin a chur in iúl?
    Fút féin atá sé an cheist sin a fhreagairt.
  2. Luann Seán rud amháin a mhíníonn an dearcadh atá aige: caidé atá ann?
    Thosaigh Seán a fhoghlaim na Gaeilge agus é timpeall fiche bliain d’aois. Focal úr a bhí in achan uile fhocal, gnáthfhocail agus téarmaí úra san áireamh.
  3. Cad chuige a mbeadh dearcadh eile ar fad ag cainteoirí dúchais, dar le Seán?
    Toisc go bhfuil an teanga acu ón chliabhán, seans go mbeadh doicheall orthu glacadh le focail a chum daoine ón taobh amuigh.
    Caidé do thaithí féin ar dhearcadh mhuintir na Gaeltachta maidir leis na téarmaí úra?
    Fút féin atá sé an cheist sin a fhreagairt.
  4. Cad chuige a luann Seán an focal ‘eaglais’?
    Tá sé ar cheann de na céadta focal a thug an Ghaeilge ar iasacht ón Laidin i dtús ré na Críostaíochta.
  5. Tugann Seán sampla de (a) téarma a bhfuil dúil aige ann agus (b) téarma nach bhfuil dúil ar bith aige ann. Caidé an dá shampla sin?
    Tá dúil aige in ‘giolcaireacht’ ach níl dúil ar bith aige in ‘tvuíteáil’. Tá an dara focal iontach doiligh a rá, dar leis.
    Tabhair féin samplaí de théarmaí a thaitníonn/nach dtaitníonn leat.
    Fút féin atá sé an cheist sin a fhreagairt.
  6. Caidé an cur chuige is fearr le Seán maidir le téarmaí úra a chumadh?
    B’fhearr leis casadh a chur i gciall focail atá sa Ghaeilge cheana féin. Níl sé róthógtha le litriú Gaeilge a chur ar fhocail ó theangacha eile. ‘Traslitriú’ a thugtar ar an nós sin.