Céim Ar Aghaidh

Mír 5

Ceann corr

Luaigh Caitlín cineál scríbhneoireachta ar thug sí ‘scíthléitheoireacht’ uirthi, is é sin scéalta éadroma a léitear mar chaitheamh aimsire. Tá tuilleadh téarmaí litríochta luaite thíos.

Tá focal amháin in achan ghrúpa nach bhfuil cosúil leis na cinn eile. Aimsigh an ceann corr mar atá déanta sa tsampla.

Sampla:
beathaisnéis - dialann/cín lae - gearrscéal - tráchtas
Is é ‘gearrscéal’ an ceann corr, mar is saothar ficsin atá ann.

  1. scéinséir - ainm cleite - fantaisíocht - aor
  2. uaim - athrá - aiste - onamataipé/fuaimfhoclaíocht           
  3. íoróin - rann/véarsa - meafar - imeartas focal
  4. iomann - caoineadh - reacaire - soinéad
  5. dialóg - radharc - finscéal - gníomh                       

Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

  1. scéinséir - ainm cleite - fantaisíocht - aor
    Is é ‘ainm cleite’ an ceann corr. Is cineálacha scéil nó seánraí atá sna samplaí eile.
  2. uaim - athrá - aiste - onamataipé/fuaimfhoclaíocht
    Is é ‘aiste’ an ceann corr. Is cleasa scríbhneoireachta atá sna samplaí eile a bhíonn in úsáid ag filí go háirithe.
  3. íoróin - rann/véarsa - meafar - imeartas focal
    Is é ‘rann/véarsa’ an ceann corr. Is páirt de dhán atá ann, ach is cleasa scríbhneoireachta atá sna samplaí eile.
  4. iomann - caoineadh - reacaire - soinéad
    Is é ‘reacaire’ an ceann corr. Cineálacha dánta atá sna samplaí eile.
  5. dialóg - radharc - finscéal - gníomh
    Is é ‘finscéal’ an ceann corr. Téarmaí drámaíochta atá sna samplaí eile.