Céim Ar Aghaidh

Mír 8

Muintir na n-oileán

Ar ball beag, beidh tú ag amharc ar fhíseán ina labhraíonn beirt atá ina n-oileánaigh ó dhúchas: Brian Ó Fearraigh arbh as Inis Bó Finne dá athair agus Pádraig Ó Cearbhaill a dtugtar ‘Paddy Thoraí’ air mar gheall ar a eolas fairsing ar stair agus ar bhunadh an oileáin. Is é mac Phádraig, Aodán Ó Cearbhaill, atá ag cur na gceisteanna ar a athair.

Amharc ar an fhíseán ar dtús agus freagair na ceisteanna thíos.

  1. Luann Brian seanfhocal a bhaineann le bunadh oileáin: ‘Tá an _____________ san fhuil iontu.’ Críochnaigh an seanfhocal sin.
  2. Caidé mar a deir Brian getting back to my roots?
  3. ‘I mo shaol is i mo _____________’. Caidé an focal comhchiallach a úsáideann Brian sa nath cainte seo?
  4. Caidé atá suntasach faoin dóigh a bhfuaimníonn Brian ‘cúrsaí creidimh’?
  5. ‘Tá dúchas dá gcuid féin ag muintir Thoraí.’ Caidé mar a d’aistreofá an focal ‘dúchas’ san abairt sin?
  6. Cén focal a úsáideann Pádraig fá choinne to repair/fix?

Tá script an fhíseáin le fáil in Scripteanna.
Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

Muintir na n-oileán

Brian Ó Fearraigh (Inis Bó Finne) agus Pádraig Ó Cearbhaill (Toraigh) ag caint ar dhúchas mhuintir na n-oileán.

Brian Ó Fearraigh

Well, creidim, duine ar bith a bhfuil ceangal acu le hoileán – tá an seanfhocal ann a chuala muid uilig go léir, ‘Tá an tsáile sna fhuil iontu’. Agus creidim go bhfuil fírinne ansin nó duine ar bith a bhfuil ceangal acu ar dhóigh ar bith le hoileán, go bhfuil, go bhfuil sin le feiceáil sa dearcadh atá acu, nó sa smaointeoireacht atá acu nó, go díreach, an dóigh a gcaitheann siad saol s’acu.

So, tá an ceangal sin agamsa le hInis Bó Finne. Agus is maith liom dul isteach chun an oileáin, go mion agus go minic. Go háirithe i rith séasúr an tsamhraidh anois. An rud atá ann, tá mé ag pilleadh ar mo dhúchas, ag pilleadh ar mo mhuintir féin. Agus, creidim, ó thaobh Inis Bó Finne de, nuair a smaointím – bhí an Ghaeilge go láidir ar an oileán ansin. Bhí cúrsaí creidimh go láidir ar an oileán ansin. Bhí teaghlach agus clann go láidir ar an oileán ansin agus – sin tréithe dúchasacha ag síneadh ar aghaidh mar oidhreacht chugamsa, agus na rudaí atá tábhachtach domhsa i mo shaol is i mo bheatha fosta.

Agus caomhnaím na rudaí sin de thairbhe gur caomhnadh1 iad san am a chuaigh thart. Agus go dtáinig siad ó mo mhuintir agus shín siadsan ar aghaidh chugamsa iad mar, creidim, mar oidhreacht luachmhar. Agus tá sé suas agamsa anois na tréithe céanna sin a chur chun cinn, chomh maith is a thig liom i mo shaol is i mo bheatha.

  1. caomhnadh iad… Is é a bheadh ann de réir an Chaighdeáin, ‘caomhnaíodh iad’. Is minic a ghiorraítear briathra ilsiollacha den dara réimniú ar an dóigh sin, mar shampla ‘ceangladh’ seachas ‘ceanglaíodh.’

Pádraig Ó Cearbhaill

Aodán: Deirtear go bhfuil dúchas dá gcuid féin ag muintir Thoraí. An ndéarfá go bhfuil sin fíor?

Pádraig: Well, tá… déarfainn go bhfuil. Caithfidh siad seasamh, seasamh iontu féin. B’fhéidir go mbrisfeadh páirt d’inneall síos, nó d’uirlisí talaimh nó seisreach nó cibé a bhriseas,1 caithfidh siad a bheith ábalta é a chóiriú. Agus sin an dóigh a bhfuil, sin an dóigh a bhfuil saol an oileáin.

Aodán: Bhí na ceirdeanna uilig acu, daofa féin, ar an oileán.

Pádraig: Bhí siad ábalta achan rud a dhéanamh. Bhí siad ábalta bádaí a thógáil. Bhí siad ábalta curaigh2 a thógáil. Bhí siad ábalta uirlisí talaimh…bhí siad ábalta eangacha a dhéanamh. Bhí siad ábalta achan rud a dhéanamh. Creidim go gcaithfeadh siad é a dhéanamh. Sin an cineál saoil a bhí ann.

  1. cibé a bhriseas… Is ionann sin agus ‘cibé a bhriseann’. Sampla atá ann d’fhoirm choibhneasta an bhriathair, atá iontach láidir i nGaeilge Uladh.
  2. curaigh… Is é ‘curacha’ an fhoirm iolra chaighdeánach.
  1. ‘Tá an tsáile san fhuil iontu,’ a deir Briain. Is é sin, uisce na farraige.
  2. ‘Ag pilleadh ar mo dhúchas’ an leagan a d’úsáid Brian.
  3. ‘I mo shaol is i mo bheatha’ a dúirt Brian. Níl difear céille eatarthu ach go bhfuil ‘saol’ níos coitianta sa ghnáthchaint.
  4. Is é an rud atá suntasach faoi fhuaimniú ‘cúrsaí creidimh’ ná go bhfuil ‘í’ le cluinstin in áit fuaim ‘iv’ sa tsiolla dheireanach. Is minic a dhéantar sin i gcás focail a chríochnaíonn le ‘(a)imh’.
  5. Tá níos mó ná bealach amháin ann le ‘dúchas’ a aistriú. Tá nature fóirsteanach do chomhthéacs na habairte.
  6. Is é an Ghaeilge atá ag Pádraig ar to repair/fix ná ‘a chóiriú’. Níl locht ar bith ar ‘rud a dheisiú’ ná ‘bail a chur ar rud’ ach oiread.