Céim Ar Aghaidh

Mír 6

I ngleic leis an ghramadach: cleachtaí

Tá dhá thasc le déanamh agat anois.

Tasc 1

An bhfuil na habairtí seo ceart nó mícheart, dar leat? Ceartaigh abairt ar bith atá mícheart.

  1. B’fhurasta a thuar cén toradh a bheadh ar an toghchán chéanna.
  2. Nach dána dóibh moladh go gcuirfí deireadh leis an scéim?
  3. Ní thig liomsa dearbhú go mbeidh post le fáil ag deireadh an chúrsa.
  4. Is doiligh a thuigbheáil cad chuige ar ghlac sí páirt sa scannán sin.
  5. Shocraigh muid gan insint do dhuine ar bith go bhfuil muid geallta.
  6. Nach bhfuil sé in am agat a admháil nach bhfuil ag éirí leat?
  7. Mo chomhairle duit séanadh go raibh baint ná páirt agat leo.
  8. B’éigean domh gan ligean orm féin go raibh an t-airgead ar fad caite.

Tasc 2

Athscríobh na habairtí 1–8 mar atá déanta sa tsampla:

Sampla: Faigh amach caidé go díreach a tharla.
Caithfidh muid:
Caithfidh muid a fháil amach caidé go díreach a tharla.

  1. Mínigh cad chuige a ndearna tú é.
    Tá sé in am duit:
  2. Déan cinnte go mbeidh an dinnéar réidh in am.
    Abair leis:
  3. Cuir i gcuimhne dó na páistí a bhailiú ón scoil.
    D’iarr sé orm:
  4. Deimhnigh go mbeidh tú féin i láthair.
    Tá mé ag iarraidh ort:
  5. Abair léi go bhfuil an praghas sin ró-ard.
    Caithfidh tú:
  6. Samhlaigh go bhfuil trí bliana imithe cheana féin!
    Is deacair:
  7. Cruthaigh nach tú féin atá ciontach.
    An dtig leat:
  8. Fiosraigh cén costas a bheidh air.
    Iarradh orm:

Tasc 1

  1. B’fhurasta a thuar cén toradh a bheadh ar an toghchán chéanna.
    Ceart. Tá an clásal ‘cén toradh a bheadh ar an toghchán chéanna’ ina chuspóir ag an ainm bhriathartha ‘tuar’.
  2. Nach dána dóibh moladh go gcuirfí deireadh leis an scéim?
    Mícheart. Tá an clásal ‘go gcuirfí deireadh leis an scéim’ ina chuspóir ag an ainm bhriathartha ‘moladh’. Leagan ceart: Nach dána dóibh a mholadh go gcuirfí deireadh leis an scéim?
  3. Ní thig liomsa dearbhú go mbeidh post le fáil ag deireadh an chúrsa.
    Mícheart. Tá an clásal ‘go mbeidh post le fáil ag deireadh an chúrsa’ ina chuspóir ag an ainm bhriathartha ‘dearbhú.’ Leagan ceart: Ní thig liomsa a dhearbhú go mbeidh post le fáil ag deireadh an chúrsa.
  4. Is doiligh a thuigbheáil cad chuige ar ghlac sí páirt sa scannán sin.
    Ceart. Tá an clásal ‘cad chuige ar ghlac sí páirt sa scannán sin’ ina chuspóir ag an ainm bhriathartha ‘tuigbheáil’.
  5. Shocraigh muid gan insint do dhuine ar bith go bhfuil muid geallta.
    Mícheart. Tá an clásal ‘go bhfuil muid geallta’ ina chuspóir ag an ainm bhriathartha ‘insint’. Leagan ceart: Shocraigh muid gan a insint (nó ‘gan a inse’) do dhuine ar bith go bhfuil muid geallta.
  6. Nach bhfuil sé in am agat a admháil nach bhfuil ag éirí leat?
    Ceart. Tá an clásal ‘nach bhfuil ag éirí leat’ ina chuspóir ag an ainm bhriathartha ‘admháil’.
  7. Mo chomhairle duit séanadh go raibh baint ná páirt agat leo.
    Mícheart. Tá an clásal ‘go raibh baint ná páirt agat leo’ ina chuspóir ag an ainm bhriathartha ‘séanadh’. Leagan ceart: Mo chomhairle duit a shéanadh go raibh baint ná páirt agat leo.
  8. B’éigean dom gan ligean orm féin go raibh an t-airgead ar fad caite.
    Mícheart. Tá an clásal ‘go raibh an t-airgead ar fad caite’ ina chuspóir ag an ainm bhriathartha ‘ligean’. Leagan ceart: B’éigean dom gan a ligean orm féin go raibh an t-airgead ar fad caite.

Tasc 2

  1. Tá sé in am duit a mhíniú cad chuige a ndearna tú é.
  2. Abair leis a dhéanamh cinnte go mbeidh an dinnéar réidh in am.
  3. D’iarr sé orm a chur i gcuimhne dó na páistí a bhailiú ón scoil.
  4. Tá mé ag iarraidh ort a dheimhniú go mbeidh tú féin i láthair.
  5. Caithfidh tú a rá léi go bhfuil an praghas sin ró-ard.
  6. Is deacair a shamhlú go bhfuil trí bliana imithe cheana féin!
  7. An dtig leat a chruthú nach tú féin atá ciontach?
  8. Iarradh orm a fhiosrú cén costas a bheidh air.