Céim Ar Aghaidh

Mír 7

I ngleic leis an ghramadach: cleachtaí

Críochnaigh na habairtí 1–20 thíos mar atá déanta sna samplaí.

Tá an aimsir i gcoinne [muid], a chairde.
Tá an aimsir inár gcoinne, a chairde.
Bhí an teas ag déanamh tuirseach [mé].
Bhí an teas do mo dhéanamh tuirseach.

  1. Ní mhairfidh an t-airgead i bhfad, an dóigh a bhfuil siadsan ag caitheamh [é].
  2. Fuair mé post buan agus de thairbhe [sin], thig liom árasán a cheannacht.
  3. Deir sí go ndearnadh an cinneadh in ainneoin [í].
  4. Is iomaí gar a rinne mé ar son [sibh].
  5. I dtaca le polasaithe an Rialtais seo de, tá mé go mór i gcoinne [iad].
  6. Nocht an bád as an cheo os comhair [muid] amach.
  7. Feachtas teasaí a bhí ann agus dúradh tréan rudaí conspóideacha le linn [é].
  8. Bean neamhspleách atá inti; ní maith léi daoine eile a bheith ag tiomáint [í].
  9. Leagadh an mhonarcha agus tógadh bloc árasán in áit [í].
  10. An mbeadh páirt agat fá choinne [seo]?
  11. Sráid dheas shuaimhneach agus siopa beag ag bun [í].
  12. ‘Céad punta,’ a dúirt sé. ‘Agus dheamhan pingin os cionn [sin].’
  13. Maidir leis an Uachtarán, ná habair focal cáinteach i dtaobh [é].
  14. Bhí siopaí ag a mhuintir agus bhí sé féin seal fada i mbun [iad].
  15. Bean lách atá inti agus is breá liom am a chaitheamh i gcuideachta [í].
  16. Tá na páistí ag stáisiún na traenach, agus caithfidh mé dul in araicis [iad].
  17. Tugadh orduithe domh agus rinne mé mo chuid oibre de réir [sin].
  18. Tá bailte beaga galánta in Éirinn, Baile an Chaistil i measc [iad].  
  19. Lig dó imeacht! Tá muid níos fearr de dhíobháil [é].
  20. Samhlaigh an t-iontas a bhí orm nuair a cuireadh an scéal faoi bhráid [mé]. 

Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

  1. Ní mhairfidh an t-airgead i bhfad, an dóigh a bhfuil siadsan á chaitheamh.
  2. Fuair mé post buan agus dá thairbhe sin, thig liom árasán a cheannacht.
  3. Deir sí go ndearnadh an cinneadh ina hainneoin.
  4. Is iomaí gar a rinne mé ar bhur son.
  5. I dtaca le polasaithe an Rialtais seo de, tá mé go mór ina gcoinne.
  6. Nocht an bád as an cheo os ár gcomhair amach.
  7. Feachtas teasaí a bhí ann agus dúradh tréan rudaí conspóideacha lena linn.
  8. Bean neamhspleách atá inti; ní maith léi daoine eile a bheith á tiomáint.
  9. Leagadh an mhonarcha agus tógadh bloc árasán ina háit.
  10. An mbeadh páirt agat fána choinne seo?
  11. Sráid dheas shuaimhneach agus siopa beag ag a bun.
  12. ‘Céad punta,’ a dúirt sé. ‘Agus dheamhan pingin os a chionn sin.’
  13. Maidir leis an Uachtarán, ná habair focal cáinteach ina thaobh.
  14. Bhí siopaí ag a mhuintir agus bhí sé féin seal fada ina mbun.
  15. Bean lách atá inti agus is breá liom am a chaitheamh ina cuideachta.
  16. Tá na páistí ag stáisiún na traenach, agus caithfidh mé dul ina n-araicis.
  17. Tugadh orduithe domh agus rinne mé mo chuid oibre dá réir sin.
  18. Tá bailte beaga galánta in Éirinn, Baile an Chaistil ina measc.  
  19. Lig dó imeacht! Tá muid níos fearr dá dhíobháil.
  20. Samhlaigh an t-iontas a bhí orm nuair a cuireadh an scéal faoi mo bhráid.