Céim Ar Aghaidh

Mír 4

I ngleic leis an ghramadach: uatha agus iolra

Mhínigh Aodh Ó Gallchóir an dóigh le péirí focal ar nós ‘deireadh seachtaine’ a chur san uimhir iolra. Tá gnéithe eile d’uimhir an ainmfhocail a mbíonn deacrachtaí ag daoine leo, anois is arís.

Ní hionann i gcónaí na foirmeacha iolra atá molta sa Chaighdeán Oifigiúil (an CO) agus na foirmeacha a úsáidtear i nGaeilge Uladh. Is minic, de réir an CO, a chaolaítear deireadh an ainmfhocail leis an fhoirm iolra a chur ar fáil:

leabhar > leabhair
bád > báid
éan > éin
post > poist

Tá an nós céanna coitianta go leor i nGaeilge Uladh, mar shampla ‘cosán’ > ‘cosáin’, ‘fear’ > ‘fir’. Ach is iomaí foirm iolra ann nach bhfuil ag teacht leis an CO:

leabhar > leabharthaí
bád > bádaí
éan > éanacha
post > postanna(í)

Má bhíonn tú in amhras faoin fhoirm chaighdeánach, seiceáil an focal in Foclóir–Gaeilge Béarla (FGB). Is fiú eolas a chur ar na giorrúcháin a úsáidtear sna foclóirí le heolas gramadaí a thabhairt, mar shampla gs. (genitive singular), npl. (nominative plural) nó gpl. (genitive plural).

Tugtar an fhoirm iolra chaighdeánach i dtús na hiontrála, mar seo:

éan1m. (gs. & npl. éingpl. ~).Bird. 

Tugtar eolas faoi fhoirmeacha iolra malartacha ag deireadh na hiontrála, mar seo:

(Var:pl. ~acha)

Is léir, mar sin, gurb é ‘éin’ an t-iolra caighdeánach agus gur iolra malartach atá in ‘éanacha’.

Lagiolraí agus tréaniolraí

Tá ainmfhocail ann a bhfuil foirm faoi leith acu sa tuiseal ghinideach iolra. ‘Tréaniolra’ a thugtar ar a leithéid.

siopa > Sráid na Siopaí
dán > cnuasach dánta

I gcás ainmfhocail eile, úsáidtear an fhoirm chéanna sa tuiseal ainmneach uatha agus sa tuiseal ghinideach iolra:

amhrán > cumadóir amhrán
cos/lámh > tháinig crith cos is lámh orm

Is minic a bhíonn ciall na bhfocal ag brath ar an riail seo. Ciallaíonn ‘cumadóir amhrán’ a composer of songs. Dá ndéarfaí ‘cumadóir amhráin’, is é a thuigfeadh daoine as ná a composer of one song.

Tá dhá chineál ainmfhocail ann a mbaineann lagiolra leo:

  1. Iad siúd a chríochnaíonn le consan caol sa tuiseal ainmneach iolra:
    cnoic > ag siúl na gcnoc
    fir > éadaí fear
    nuachtáin > siopa nuachtán
  1. Iad siúd a chríochnaíonn le ‘a’ sa tuiseal ainmneacha iolra:
    géaga > lúth na ngéag
    cleasa > Cú na gCleas
    úlla > pióg úll

Dar ndóigh, thiocfadh dó go mbeadh lagiolra ann de réir an Chaighdeáin Oifigiúil ach gur tréaniolra a bheadh ann i gcanúint Uladh, mar shampla ‘gort na n-úll’ sa CO agus ‘gort na n-úllaí’ i nGaeilge Uladh. Scéal casta, ach tá an t-eolas riachtanach faoi stádas na bhfoirmeacha éagsúla le fáil in FGB.

Tá dornán eile ainmfhocal ann a mbaineann lagiolraí leo, mar a chífidh muid sa chéad mhír eile.