Céim Ar Aghaidh

Mír 9

Saibhriú focal

Ar ball beag, beidh tú ag amharc ar fhíseán ina gcuireann triúr cainteoirí síos ar na seanfhocail agus na nathanna cainte is fearr leo sa Ghaeilge. Sula n-amharcfaidh tú ar an fhíseán, tabhair faoin dá thasc thíos.

Tasc 1

Caidé mar a mhíneofá féin ciall na seanfhocal seo a luaitear sna hagallaimh? Scríobh nótaí faoi achan cheann acu. Amharc ar an fhíseán go gcluinfidh tú míniú na gcainteoirí.

  1. Cha dtig leis an ghobadán an dá thráigh a fhreastal.
  2. Is trom cearc i bhfad.
  3. Fuaradh sí san fhuil ar théigh sí inti.
  4. Itheann na muca míne féin trosc.

Tasc 2

Le linn dóibh a bheith ag míniú chiall na nathanna, d'úsáid na cainteoirí neart frásaí úsáideacha.

  1. Caidé mar a déarfá féin na focail agus na frásaí thíos?
  2. Amharc ar an fhíseán go gcluinfidh tú caidé mar a dúirt na cainteoirí iad.
  3. Ná bí buartha mura raibh sibh ar aon fhocal; is iomaí bealach le rudaí a rá i nGaeilge.

Aodán
I’m involved in so many things.
Sadly
Many of them are addicted to their phones

Máire
A falling out
When push comes to shove
As rough as the next person

Tá script an fhíseáin le fáil in Scripteanna.
Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

Na seanfhocail is ansa liom

Aodán Ó Cearbhaill, Máire Uí Rabhartaigh agus Suzanne Uí Ghallchóir ag cur síos ar na seanfhocail is ansa leo.

Aodán Ó Cearbhaill & Antain Mac Lochlainn

Antain: An bhfuil nathanna cainte nó seanfhocla faoi leith a bhfuil dúil mhór agat féin iontu?

Aodán: Tá, cinnte. Agus, mar a tharlaíonn sé, tá mé ag léamh leabhair faoi láthair. Ceann a chuir an Dochtúir Dónall Ó Baoill le chéile, Amach as Ucht na Sliabh. Agus is é cruinniú atá ansin1 de nathanna agus pisreoga2 agus seanfhocail agus nósanna a bhí bainteach leis an cheantar seo. Agus rinneadh an cruinniú seo mar pháirt de Bhailiúchán na Scol i naoi gcéad tríocha a seacht. Agus cúpla seanfhocal, go díreach, a sheas amach domh féin nó,3 ‘Cha dtig leis an ghobadán an dá thráigh4 a fhreastal.’ Is é éan atá sa ghobadán agus, go díreach, cha dtig leis a bheith sa dá áit ag an am amháin. Agus mothaím féin go bhfuil mo shaol féin rud beag mar sin, corruair. Mar tá mé sáite in oiread rudaí. Tá suim mhór agam sna… cúrsaí drámaíochta, cúrsaí ceoil. Is maith liom a bheith ag taisteal. Tá mé ag obair. Ach, faraor géar, cha dtig liom a bheith achan áit ag an am amháin.

Antain: So, is cineál ‘seanfhocal a fhóireann don lá inniu’, mar a déarfá… ‘Nua-sheanfhocal’ atá ann?

Aodán: Fóireann sé domhsa, cibé.

Antain: Agus ceann ar bith eile?

Aodán: Ag smaointiú ar, go díreach, an saol atá ag an aos óg sa lá atá inniu ann. Go bhfuil cuid mhór acu gafa le gléasanna fóin. Agus go bhfuil siad ag caitheamh cuid mhór ama ag amharc isteach i scáileáin. Go díreach, ceann a sheas amach domh ná, ‘Bíonn tú ag caint leis an chapall agus an capall ina chodladh.’ Bíonn tú, corruair, ag iarraidh a bheith ag caint leis na boic seo, agus ní bhíonn siad ag éisteacht leat.

  1. is é cruinniú atá ansin… Is ainmfhocal éiginnte atá in ‘cruinniú’ agus b’ait leat, b’fhéidir gur ‘is é’ atá leis san abairt seo. Tá claonadh i nGaeilge Thír Chonaill ‘is é’ a úsáid san áit a mbeadh ‘is’ de réir an Chaighdeáin Oifigiúil. Sin mar atá sa tsampla eile a deir Aodán san agallamh: ‘Is é éan atá sa ghobadán.’
  2. pisreoga… Leagan Ultach de ‘piseoga’.
  3. … B’fhéidir go mbeifeá ag súil le ‘ná’ in abairt mar seo, áit a úsáidtear ‘ná’ leis an eolas atá ag teacht ina dhiaidh a chur i láthair: ‘Ba é an duine a tháinig sa tríú háit ná Sorcha.’ Tá claonadh sa ghnáthchaint i gCúige Uladh ‘nó’ a úsáid an t-am ar fad.
  4. an dá thráigh… Leagan Ultach de ‘trá’.

Suzanne Uí Ghallchóir

Tá dúil agam sa tseanfhocal, ‘Is trom cearc i bhfad.’ Foghlaimím do na páistí é1 agus míním an chiall daofa. Tá dúil agam sa tseanfhocal, ‘Maireann croí éadrom i bhfad.’ Bhí croí éadrom ag mo mháthair mhór. Bhí sí óg fiú go raibh sí nócha a haon,2 nuair a fuair sí bás. Agus tá mé féin óg fosta agus beidh choíche, le cuidiú Dé. Tá mo chroí seacht mbliana d’aois.

  1. Foghlaimím do na páistí é… Thig ‘foghlaim’ a úsáid sa chiall sin, is é sin ‘múineadh’ nó ‘teagasc’. Tá an nós céanna i mBéarla Chúige Uladh: ‘I learned him a couple of tunes.’
  2. fiú go raibh sí nócha a haon… Tabhair faoi deara nach gá ‘go dtí’ a úsáid le frásaí ama den chineál seo: ‘D’fhan mé (go dtí) go raibh mé tuirseach ag fanacht.’

Máire Uí Rabhartaigh

Tá leaganacha cainte, tá cúpla ceann ann a bhfuil dúil agamsa iontu. Tá ceann ann, a déarfá: ‘Fuaradh sí san fhuil ar théigh sí ann.’1 Anois, ciallaíonn2 sin, abair go raibh easaontas idir tusa agus mise agus gur fhada liom gan tú a bheith ag teacht ‘fhad liom agus nár labhair tú liom agus achan rud mar sin. Well, déarfainn, ní dhearn’ mise a dhath contráilte: ‘fuaradh sí san fhuil ar théigh sí ann.’ Nó bhí oiread feirg’ ort, agus oiread brú fola ort ag tabhairt amach go ndéarfainn, ‘fuaradh sí san fhuil ar théigh sí ann.’

Agus tá ceann eile ann a deireann siad, ‘Itheann na muca míne féin trosc.’ Thiocfadh leat duine a fháil atá chomh deas modhúil macánta séimh. Agus shílfeá nach leáfadh an t-im ina mbéal. Ach, nuair a théid3 an chúis go cnámh na huillinne, déarfá, ‘Itheann na muca míne féin trosc.’

Nach cuma caidé chomh deas le duine, thiocfadh leis an duine sin éirí chomh garbh agus chomh… thiocfadh leis an duine sin éirí chomh garbh agus, leis an dara duine.

  1. san fhuil ar théigh sí ann. Bheifeá ag súil le ‘san fhuil ar théigh sí inti’ ó tharla ‘fuil’ a bheith ina ainmfhocal baininscneach, ach ní i gcónaí a bhíonn an t-ainmfhocal agus an forainm de réir a chéile sa ghnáthchaint.
  2. ciallaíonn sin… Is é a deir Máire, ‘ciallann sin.’
  3. nuair a théid… Foirm choibhneasta den bhriathar ‘téigh’ atá coitianta go maith i nGaeilge Thír Chonaill.

Tasc 1

  1. Cha dtig leis an ghobadán an dá thráigh a fhreastal.
    Ní thig a bheith ag gabháil do chúraimí éagsúla san am chéanna.
  2. Is trom cearc i bhfad.
    An t-ualach is lú ar fad, d’éireodh sé trom dá mbeifeá tamall fada á iompar.
  3. Fuaradh sí san fhuil ar théigh sí inti.
    A chead aici a cuid feirge a chur di as a stuaim féin.
  4. Itheann na muca míne féin trosc.
    Fiú an duine a mbeadh cuma neamhurchóideach air, b’fhéidir go mbeadh diabhlaíocht ann.

Tasc 2

Aodán
I’m involved in so many things/tá mé sáite in oiread rudaí
Sadly/faraor géar
Many of them are addicted to their phones/tá cuid mhór acu gafa le gléasanna fóin

Máire
A falling out/easaontas
When push comes to shove/nuair a théid an chúis go cnámh na huillinne (nó ‘nuair a théann…’)