Céim Ar Aghaidh

Mír 9

Timpeall Bhéal Feirste

Ar ball beag, beidh tú ag amharc ar an fhíseán Timpeall Bhéal Feirste, agus cluinfidh tú Gráinne Ní Ghilín ag míniú cúpla logainm sa cheantar sin. Sula ndéanfaidh tú sin, áfach, tá rud beag oibre le déanamh.

Thíos faoi seo, tá téacs an agallaimh a rinne Gráinne. Caithfidh tusa na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

  • Léigh an téacs ó thús deireadh.
  • Déan cinnte go dtuigeann na focail agus na frásaí uilig. Mura dtuigeann, cuardaigh i bhfoclóirí Gaeilge iad.
  • Chífidh tú go bhfuil bearnaí sa téacs anseo is ansiúd. Is nascfhocail atá iontu, i.e. focail agus frásaí a úsáidtear le smaointe agus le páirteanna den abairt a nascadh le chéile, ar nós ‘mar sin féin’, ‘ar an chéad dul síos’ agus ‘ina ainneoin sin’.
  • Éist le Gráinne agus scríobh isteach na nascfhocail a d’úsáid sí. An bhfuil nascfhocail eile ann a bheadh fóirsteanach sa chomhthéacs?
  • Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

Timpeall Bhéal Feirste

Is mise Gráinne Ní Ghilín agus rugadh i mBéal Feirste mé. Tógadh mé i dtuaisceart na cathrach, i gceantar darb ainm ‘An Tobar Geal’. Tá cuid mhór toibreacha sa cheantar sin, nó foinsí uisce, ____________________1 an aolchloch atá le fáil sa tsraith bhunaidh de Bheann Madagáin, cnoc atá sa cheantar.

So, is dóigh liom go gciallaíonn ‘Tobar Geal’ go raibh uisce inólta, uisce glan deas inólta, le fáil. Agus má théann tú suas Beann Madagáin, tá cúpla tobar ann agus bíonn daoine ag ól uisce amach astu. Deir daoine go bhfuil siad cróga ach, ____________________,2 tá an t-uisce seo glan go leor.

Anois, tá mise i mo chónaí i gceantar darb ainm Gleann Ghormlaithe. Níl sé i bhfad ón Tobar Geal, an áit ar tógadh mé. Is logainm iontach suimiúil é ‘Gleann Ghormlaithe’, ____________________3 an Tobar Geal. Mar tá tagairtí don Tobar Geal ag dul siar go dtí an ceathrú haois déag, ach Whitewell a tugadh air an t-am sin. So, ____________________4 nach bhfuil in ‘Tobar Geal’ ach aistriúchán lom ó Bhéarla go Gaeilge. Ach ____________________,5 maidir le Gleann Ghormlaithe.

An bhean seo, Gormlaith, bhain sise le treabh darb ainm Dál Fiatach, a raibh lonnaíocht acu i gContae an Dúin, mar a thugtar air ____________________.6 Oirthear Bhéal Feirste, deisceart Bhéal Feirste – an ceantar sin. So, bhain Gormlaith leis an treabh sin agus ____________________7 gur tháinig daoine den treabh sin aneas go dtí Contae Aontroma, áit a bhfuil Gleann Ghormlaithe, agus gur lonnaigh siad ann. Agus rud eile atá suimiúil faoin logainm seo ná nach ‘Gleann Ghormlaithe’ atá ann i ndáiríre, ach ‘Clann Ghormlaithe.’

Ach is dóigh liom go n-athraíonn logainmneacha thar na blianta. Bíonn daoine áirithe ag tabhairt ‘Gleann Gormliath’ ar an áit, mar gheall ar an dath atá ar an chloch, ar Bheann Madagáin, agus ar Loch Lao, atá le feiceáil ón áit. Ach ní dóigh liom go bhfuil ____________________8 an leagan sin. Is fearr ‘Gleann Ghormlaithe’ – tá neart fianaise ann don logainm sin agus tá tagairt i scríbhneoireacht don logainm sin a théann chomh fada siar leis an darna haois déag.

An bhfuil nascfhocail eile ann a thiocfadh a chur isteach in áit na bhfocal agus na bhfrásaí a d’úsáid Gráinne?

Timpeall Bhéal Feirste

Gráinne Ní Ghilín ag caint faoi logainmneacha ina ceantar dúchais.

GRÁINNE NÍ GHILÍN

Is mise Gráinne Ní Ghilín agus rugadh i mBéal Feirste mé. Tógadh mé i dtuaisceart na cathrach, i gceantar darb ainm ‘An Tobar Geal’. Tá cuid mhór toibreacha sa cheantar sin, nó foinsí uisce, mar gheall ar an aolchloch atá le fáil sa tsraith bhunaidh de Bheann Madagáin, cnoc atá sa cheantar.

So, is dóigh liom go gciallaíonn ‘Tobar Geal’ go raibh uisce inólta, uisce glan deas inólta, le fáil. Agus má théann tú suas Beann Madagáin, tá cúpla tobar ann agus bíonn daoine ag ól uisce amach astu. Deir daoine go bhfuil siad cróga ach, de réir cosúlachta, tá an t-uisce seo glan go leor.

Anois, tá mise i mo chónaí i gceantar darb ainm Gleann Ghormlaithe. Níl sé i bhfad ón Tobar Geal, an áit ar tógadh mé. Is logainm iontach suimiúil é ‘Gleann Ghormlaithe’, murab ionann agus an Tobar Geal. Mar tá tagairtí don Tobar Geal ag dul siar go dtí an ceathrú haois déag, ach Whitewell a tugadh air an t-am sin. So, tá mé ag déanamh nach bhfuil in ‘Tobar Geal’ ach aistriúchán lom ó Bhéarla go Gaeilge. Ach scéal eile ar fad atá ann, maidir le Gleann Ghormlaithe.

An bhean seo, Gormlaith, bhain sise le treabh1 darb ainm Dál Fiatach, a raibh lonnaíocht acu i gContae an Dúin, mar a thugtar air sa lá atá inniu ann. Oirthear Bhéal Feirste, deisceart Bhéal Feirste – an ceantar sin. So, bhain Gormlaith leis an treabh sin agus is cosúil gur tháinig daoine den treabh sin aneas go dtí Contae Aontroma, áit a bhfuil Gleann Ghormlaithe, agus gur lonnaigh siad ann. Agus rud eile atá suimiúil faoin logainm seo ná nach ‘Gleann Ghormlaithe’ atá ann i ndáiríre, ach ‘Clann Ghormlaithe.’

Ach is dóigh liom go n-athraíonn logainmneacha thar na blianta. Bíonn daoine áirithe ag tabhairt ‘Gleann Gormliath’ ar an áit, mar gheall ar an dath atá ar an chloch, ar Bheann Madagáin, agus ar Loch Lao, atá le feiceáil ón áit. Ach ní dóigh liom go bhfuil bunús ar bith i ndáiríre leis an leagan sin. Is fearr ‘Gleann Ghormlaithe’ – tá neart fianaise ann don logainm sin agus tá tagairt i scríbhneoireacht don logainm sin a théann chomh fada siar leis an darna2 haois déag.

  1. treabh darb ainm Dál Fiatach… Is é ‘treibh’ an leagan caighdeánach.
  2. an darna haois déag… Is é ‘dara’ an leagan caighdeánach. Tá an dá leagan, ‘darna’ agus ‘dara’, in úsáid i gCúige Uladh.

Is iad seo na leaganacha a d’úsáid Gráinne chomh maith le leaganacha eile a bhfuil an chiall chéanna leo.

  1. mar gheall ar an aolchloch… Is frása iontach úsáideach atá in ‘mar gheall ar’ (on account ofbecause of). Is deas roghanna eile a bheith ann seachas an struchtúr ‘toisc go bhfuil’ a úsáid an t-am ar fad.
  1. de réir cosúlachta… Is intriacht atá sa fhrása seo, i.e. nath a chaitear isteach idir clásail. Ní bhíonn tionchar gramadaí ar bith ag intriachtaí ar an chuid eile den abairt, is é sin le rá, ní leanann caint indíreach iad. Mar a chéile frásaí ar nós ‘de réir mar a thuigim’, ‘más fíor do dhaoine áirithe’ nó ‘go bhfios domhsa.’
  1. murab ionann agus an Tobar Geal… Frása úsáideach atá in ‘murab ionann agus’, a chiallaíonn unlikeas opposed to.
  1. tá mé ag déanamh nach bhfuil in ‘Tobar Geal’ ach aistriúchán lom… Leagan fíor-Ultach atá in ‘tá mé ag déanamh’. Tá neart focal agus frásaí ar aon bhrí leis a mbíonn caint indíreach ina ndiaidh: ‘measaim’, ‘creidim’, ‘sílim’, ‘is dóigh liom’, ‘is dócha’ agus 'chítear domh' (it seems to me). Thig ‘dar liom’ a úsáid mar intriacht i dtús abairte. Sa chás sin, ní bhíonn caint indíreach ina dhiaidh: ‘Dar liom, níl in ‘Tobar Geal ach aistriúchán lom.’ Methinks an Béarla a cuireadh air sin in FGB. Má úsáidtear ‘dar liom’ ar aon dul le 'sílim’, is amhlaidh a leanann caint indíreach é: ‘Dar liom nach bhfuil in ‘Tobar Geal’ ach aistriúchán lom.’
  1. Ach scéal eile ar fad atá ann, maidir le Gleann Ghormlaithe. Tá leaganacha deasa eile ann, m.sh. ‘Ní hionann an cás ar chor ar bith’ nó ‘a mhalairt atá fíor’. Chaithfí an abairt a athscríobh le comparáid dhíreach a dhéanamh idir an dá áit:
    • Is mór idir sin agus Gleann Ghormlaithe
    • Tá difear lá agus oíche idir sin agus Gleann Ghormlaithe
  1. …i gContae an Dúin, mar a thugtar air sa lá atá inniu ann. Thiocfadh ‘inniu’ a rá, nó ‘lenár linn féin’.
  1. is cosúil gur tháinig daoine den treabh sin aneas… Leaganacha eile: ‘tá an chuma air’, ‘tá an chuma ar an scéal’. Ní bheadh caint indíreach i ndiaidh intriachtaí mar ‘de réir dealraimh’, ‘de réir cuma’.
  1. Ní dóigh liom go bhfuil bunús ar bith i ndáiríre leis an leagan sin. Thiocfadh na nathanna seo a úsáid fosta: ‘ní móide go bhfuil an leagan sin ceart’, ‘níl údar ar bith leis an leagan sin’, ‘níl craiceann (na fírinne) ar an leagan sin’.