Céim Ar Aghaidh

Mír 4

I ngleic leis an ghramadach: cleachtadh

Cuir i gcás gur eagarthóir ar nuachtán Gaeilge thú. Caithfidh tú slacht a chur ar an alt seo, atá iontach lochtach maidir leis an tséimhiú de.

  • Aimsigh na botúin agus ceartaigh iad.
  • Scríobh nótaí ag míniú don iriseoir cad chuige a bhfuil siad mícheart.

Caithfidh idir polaiteoirí agus gnáthmhuintir na hÉireann dúshlán nósanna ólacháin na tíre a thabhairt, dar le hAoife Nic Ghiolla Domhnaigh, atá ina saineolaí ar an tsláinte poiblí. Ag labhairt di ag Comhdháil Bliantúil Cumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann, dúirt sí: “Tá an mheisce fhorleathan sa tír seo. I lár chathair Luimnigh, ar shráideanna an tSratha Bháin, bíonn daoine óga ar meisce agus, go rómhinic, ar dheargmheisce. Ní fadhb cathrach atá ann níos mó, ach galar náisiúnta a dhéanann scrios áit ar bith a bhfuil pub agus sráid.”

Cháin sí polaiteoirí a bhíonn ag síorchaint ar mhí-úsáid dhrugaí, “Fad is a bhíonn sláinte na ndaoine á chur i mbaol in óstáin agus i dtithe tábhairne le druga traidisiúnta na nÉireannach.” Cúis dhíomá ar leith, a deir sí, go ndiúltaíonn an Rialtas straitéis chuimsitheach a fhorbairt le dul i ngleic le alcopops, “a dhíoltar i mbuidéil deasa ildhaite ar praghas i bhfad ró-íseal.” Níor tháinig an earnáil thurasóireachta slán ón cháineadh ach oiread. “Tugtar le fios gurb é an pub an t-aon áit siamsaíochta atá ann. Murach an pub, bheadh muid fágtha gan cheol gan chuideachta, más fíor don fhógraíocht turasóireachta.”

Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

Seo thíos ceartú agus míniú ar na hearráidí san alt.

Caithfidh idir polaiteoirí agus gnáthmhuintir1 na hÉireann dúshlán nósanna ólacháin na tíre a thabhairt, dar le hAoife Nic Ghiolla Domhnaigh,2 atá ina saineolaí ar an tsláinte poiblí.3 Ag labhairt di ag Comhdháil Bliantúil4 Cumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann,5 dúirt sí: “Tá an mheisce fhorleathan6 sa tír seo. I lár chathair Luimnigh, ar shráideanna an tSratha Bháin,7 bíonn daoine óga ar meisce agus, go rómhinic, ar dheargmheisce.8 Ní fadhb cathrach9 atá ann níos mó, ach galar náisiúnta a dhéanann scrios áit ar bith a bhfuil pub agus sráid.”

Cháin sí polaiteoirí a bhíonn ag síorchaint ar mhí-úsáid dhrugaí,10 “Fad is a bhíonn sláinte na ndaoine á chur i mbaol11 in óstáin agus i dtithe tábhairne le druga traidisiúnta na nÉireannach.” Cúis dhíomá12 ar leith, a deir sí, go ndiúltaíonn an Rialtas straitéis chuimsitheach a fhorbairt le dul i ngleic le alcopops, “a dhíoltar i mbuidéil deasa13 ildhaite14 ar praghas15 i bhfad ró-íseal.” Níor tháinig an earnáil thurasóireachta16 slán ón cháineadh ach oiread. “Tugtar le fios gurb é an pub an t-aon áit siamsaíochta atá ann. Murach an pub, bheadh muid fágtha gan cheol gan chuideachta, más fíor don fhógraíocht turasóireachta.”

  1. Caithfidh idir pholaiteoirí agus ghnáthmhuintir na hÉireann… Is gnách go mbíonn séimhiú ar na hainmfhocail nuair a úsáidtear ‘idir’ sa chiall ‘araon’: ‘Tá idir ghasúraí agus ghirseachaí ar an scoil sin.’
  2. Aoife Nic Giolla Domhnaigh… Ní bhíonn séimhiú idir ‘c’ agus ‘g’ i sloinnte: ‘teach Sheáin Mhic Corráin’, ‘Bríd Bean Mhic Grianna’.
  3. an tsláinte phoiblí… Aidiacht aitreabúideach atá in ‘poiblí’.
  4. Comhdháil Bhliantúil... Aidiacht aitreabúideach atá in ‘bliantúil’.
  5. Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann… Ainm dílis atá in ainm na heagraíochta seo, ar aon dul le ‘Cumann Lúthchleas Gael’.
  6. Tá an mheisce forleathan… Is aidiacht fhaisnéiseach atá i ‘forleathan’ agus níor cheart é a shéimhiú.
  7. ar shráideanna an tSratha Báin... Bheifeá ag súil le séimhiú ar an aidiacht ‘bán’ de réir rialacha na Nua-Ghaeilge, ach is iomaí seanriail ghramadaí atá ‘reoite’ i logainmneacha Gaeilge. I roinnt logainmneacha seanbhunaithe, ní shéimhítear i ndiaidh ainmfhocal a chríochnaíonn le guta. Is fiú i gcónaí an leagan ginideach den logainm a sheiceáil ar www.logainm.ie.
  8. ar deargmheisce…Ní shéimhítear i ndiaidh ‘ar’ de ghnáth nuair is staid atá i gceist: ‘ar bord’, ‘ar dóigh’. Is fíor go mbíonn séimhiú ar a leithéid má tá an focal cáilithe ar bhealach éigin, mar shampla ‘ar cíos’ ach ‘ar chíos mór’. Ach ní leor réimír leis an riail áirithe sin a chur i bhfeidhm: ‘ar drochchaighdeán’, ‘ar comhchéim’, ‘ar deargbhuile’.
  9. fadhb chathrach… Ainmfhocal baininscneach atá in ‘fadhb’.
  10. ar mhí-úsáid drugaí… Ní bhíonn séimhiú idir ainmfhocail áit a dtagann DNTLS le chéile: ‘bean déirce’, ‘cúirt dúiche’, ‘institiúid taighde.’
  11. á cur i mbaol… Ainmfhocal baininscneach atá i ‘sláinte’ agus is forainm baininscneach a úsáidtear leis: ‘tá sláinte daoine á cur i mbaol’.
  12. Cúis díomá… Féach 10 thuas.
  13. i mbuidéil dheasa… Is fíor nach mbíonn séimhiú idir ainmfhocail áit a dtagann DNTLS le chéile, ach is aidiacht aitreabúideach atá in ‘deas’.
  14. ildaite… Ní bhíonn séimhiú i gcomhfhocail áit a dtig DNTLS le chéile: ‘cúldoras’, ‘spotsolas’, ‘bándearg.’
  15. ar phraghas i bhfad ró-íseal. Ní gnách go gcuireann ‘ar’ séimhiú i leaganacha mar ‘ar muir’ nó ‘ar cíos’. Ach séimhítear má bhíonn cáiliú ann: ‘ar Mhuir Éireann’ nó ‘ar chíos measartha’. Tá sampla seo, tá ‘praghas’ cáilithe ag ‘i bhfad ró-íseal.’
  16. an earnáil turasóireachta… Féach 10 thuas.

Is mar seo a bheadh an t-alt i ndiaidh na ceartúcháin uilig a dhéanamh.

Caithfidh idir pholaiteoirí agus ghnáthmhuintir na hÉireann dúshlán nósanna ólacháin na tíre a thabhairt, dar le hAoife Nic Giolla Domhnaigh, atá ina saineolaí ar an tsláinte phoiblí. Ag labhairt di ag Comhdháil Bhliantúil Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann, dúirt sí: “Tá an mheisce forleathan sa tír seo. I lár chathair Luimnigh, ar shráideanna an tSratha Báin, bíonn daoine óga ar meisce agus, go rómhinic, ar deargmheisce. Ní fadhb chathrach atá ann níos mó, ach galar náisiúnta a dhéanann scrios áit ar bith a bhfuil pub agus sráid.”

Cháin sí polaiteoirí a bhíonn ag síorchaint ar mhí-úsáid drugaí, “Fad is a bhíonn sláinte na ndaoine á cur i mbaol in óstáin agus i dtithe tábhairne le druga traidisiúnta na nÉireannach.” Cúis díomá ar leith, a deir sí, go ndiúltaíonn an Rialtas straitéis chuimsitheach a fhorbairt le dul i ngleic le alcopops, “a dhíoltar i mbuidéil dheasa ildaite ar phraghas i bhfad ró-íseal.” Níor tháinig an earnáil turasóireachta slán ón cháineadh ach oiread. “Tugtar le fios gurb é an pub an t-aon áit siamsaíochta atá ann. Murach an pub, bheadh muid fágtha gan cheol gan chuideachta, más fíor don fhógraíocht turasóireachta.”