Céim Ar Aghaidh

Mír 10

Foinsí foghlama: canúintí Uladh

San fhíseán Mise agus an Fhoghraíocht, luaigh Antain Mac Lochlainn taifeadtaí a rinneadh ar chainteoirí dúchais i gCúige Uladh san am atá thart. Is é atá i gceist aige na taifeadtaí fuaime a rinne an scoláire Gearmánach Wilhelm Doegan agus a chomhghleacaithe in Éirinn le linn na tréimhse 1928–31. Ina measc sin, tá agallaimh a rinneadh le cainteoirí dúchais i nGaeltacht Dhún na nGall agus in áiteanna ina ndeachaigh an Ghaeilge i léig ó shin, mar shampla contaetha Aontroma, Ard Mhacha, an Chabháin, Dhoire, Lú agus Thír Eoghain. 

Tá rogha de thaifeadtaí Doegan le fáil in Ulster Gaelic Voices: Bailiúchán Doegan 1931, atá curtha in eagar ag Róise Ní Bhaoill (Iontaobhas Ultach/Ultach Trust, 2010). Tá an méid a dúirt na cainteoirí tras-scríofa ann, chomh maith le haistí faoi bhailiú an bhéaloidis agus faoi stair na Gaeilge i gCúige Uladh.

Tá cartlann de na taifeadtaí a rinne Doegan ar fud na hÉireann ar shuíomh Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen. Is fiú go mór amharc ar an tsuíomh. B’fhéidir go mbeadh samplaí de Ghaeilge do dhúiche féin le fáil ann.