Céim Ar Aghaidh

Mír 8

Lúth na teanga: c leathan agus c caol

Ar ball beag, beidh tú ag amharc ar fhíseán ina gcuireann Antain Mac Lochlainn síos ar na fuaimeanna c leathan agus c caol. Deir Antain gur minic a bhíonn ciall ag brath ar na fuaimeanna seo a rá mar is ceart, agus difear soiléir a bheith le cluinstin eatarthu.

Tá rud beag oibre le déanamh agat féin anois, féachaint an aithníonn tú na fuaimeanna seo seachas a chéile.

  • Cuir Comhad Fuaime 1 ar siúl.
  • Cluinfidh tú dornán focal á léamh amach, cuid acu a bhfuil c leathan iontu, cuid eile a bhfuil c caol iontu.
  • Tabhair cluas le héisteacht go gcluinfidh tú cé acu focal atá á rá ag an chainteoir agus cuir tic sa bhosca cheart sa tábla thíos.
  • Tá an chéad sampla déanta le cuidiú leat.
  • Amharc ar an fhíseán ansin go gcluinfidh tú na pointí a dhéanann Antain faoin ghné seo den fhoghraíocht.
  • Tá script an fhíseáin le fáil in Scripteanna agus tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.
C leathan   C caol  
1. cad   cead  
2. carn   cearn  
3. cathair   ceathair  
4. seabhac   seabhaic  
5. cart   ceart  
6. cas   ceas  
7. carr   cearr  
8. cantar   ceantar  
9. clais   clis  
10. cathanna   ceathanna  

 

Cantar nó ceantar? C leathan & caol

Cúrsaí foghraíochta á bplé ag Siuán Ní Mhaonaigh agus Antain Mac Lochlainn

Aonad 9 Comhad Fuaime 1

Siuán Ní Mhaonaigh agus Antain Mac Lochlainn

Siuán: Tá a fhios again go bhfuil dhá ‘c’ ann sa Ghaeilge – ‘c’ leathan agus ‘c’ caol. An mbíonn an chiall ag brath air sin?

Antain: Bíonn ciall na bhfocal ag brath air sin, go minic. Cuir i gcás, dá mbeadh abairt mar seo agat i mBéarla: That song is sung a lot, or that song is often sung. ‘Cantar an t-amhrán sin go minic.’ Agus tá sé sin leathan – ‘cantar’. Agus ansin, b’fhéidir, dá mbeifeá ag caint ar áit, bheifeá ag caint ar ‘ceantar’. Agus tá an ceann sin caol. Agus níl difear ar bith idir an dá fhocal ach go bhfuil ceann acu leathan, ceann acu caol. Mar sin de, is fuaim atá ann ba cheart a rá go soiléir agus dealú idir an dá chineál.

Siuán: Caidé mar a dhéantar an dá fhuaim sin?

Antain: D’fhéadfá a rá go ndéantar ‘c’ leathan, go ndéantar fada go leor siar sa bhéal é. Bíonn, cineál, cúl na teanga ardaithe rud beag i dtreo an chuid sin d’uachtar an bhéil a dtugtar an coguas nó an soft palate air. So, mholfainn do dhaoine triail a bhaint as seo – an focal ‘carr’ a rá, agus é a rá trí huaire. Agus ba cheart go mbeadh sé le mothú gur siar go maith sa bhéal atá sé á dhéanamh. (Deir sé an focal trí huaire.) Agus ansin triail, b’fhéidir, a bhaint as focal eile. An ceann caol, an focal ‘cearr’ – ‘caidé atá cearr leat?’

Anois, sa chás sin, ba cheart go mbeadh lár na teanga cineál, ag bualadh leis an charball nó leis an hard palate, atá i lár an bhéil. (Deir sé an focal trí huaire.) Agus má tá tú á rá mar is ceart, ba chóir go mbeadh sé le mothú agat gur san áit sin, an chuid sin den bhéal a dhéantar an fhuaim.

Siuán: Agus ansin, caidé a tharlaíonn má chuirtear séimhiú orthu?

Antain: Is beag difear a bíos ann. Arís, má chuireann muid séimhiú… An sampla sin a bhí againn ar dtús: ‘Cantar an t-amhrán sin go minic.’ Abair anois, ‘ní chantar’. (Deir sé ‘chantar’ trí huaire.) Go fóill féin, is, cineál, siar go maith sa bhéal atá an fhuaim sin á déanamh. Agus an rud céanna i gcás, abair anois, ‘ceantar’ dá mbeadh séimhiú air sin: ‘Bhí mé sa cheantar.’ (Deir sé ‘cheantar’ trí huaire.) Agus mothaíonn tú, cineál, sruth aeir idir lár na teanga agus an carball ansin. Agus is mar sin a dhéantar an fhuaim. So, an bhfuil a fhios agat, ní caint le haer atá ann. Ní rud ‘acadúil’ atá ann. Má bhíonn an leagan amach ceart ar na baill urlabhra, na fuaimeanna seo a bíos deacair ag daoine, is féidir iad a rá.

Is é seo an leagan amach ba cheart a bheith ar an tábla.

C leathan   C caol  
1. cad   cead
2. carn   cearn
3. cathair   ceathair
4. seabhac
seabhaic  
5. cart   ceart
6. cas
ceas  
7. carr
cearr  
8. cantar   ceantar
9. clais
clis  
10. cathanna   ceathanna