Céim Ar Aghaidh

Mír 8

I ngleic leis an ghramadach: bata fear siúil

Gné thábhachtach de ghramadach na Gaeilge atá san infhilleadh, is é sin an t-athrú a thagann ar fhocail san uimhir iolra nó sa tuiseal ghinideach.

  • Tá dúil mhór agam sa scannán sin.
  • Tá dúil mhór agam sna scannáin sin.
  • An cuimhin leat ainm an scannáin sin?

Bíonn tionchar ag an fhocal infhillte ar na focail thart air. Is minic, mar shampla, a bhíonn séimhiú i gceist:

  • An cuimhin leat ainm an scannáin ghrinn sin?
  • Scannáin Fhrancacha is fearr liomsa.

Éiríonn ceisteanna maidir le hinfhilleadh agus séimhiú beagáinín casta nuair a bhíonn péirí focal le cur sa ghinideach, leithéidí ‘cumann carthanachta’, ‘clár teilifíse’ nó ‘fíon dearg’. Is minic a thugtar ‘aonad brí’ ar a leithéid. In ainneoin go bhfuil níos mó ná focal amháin iontu, cuireann siad rud amháin in iúl.

Cuir i gcás go gcaithfí na haonaid bhrí sin a chur sa tuiseal ghinideach, as siocair go bhfuil ainmfhocal rompu:

  • rúnaí + cumann carthanachta
  • léiritheoir + scannán grinn
  • buidéal + fíon dearg

Ní raibh na foinsí gramadaí riamh ar aon fhocal faoin dóigh cheart leis sin a dhéanamh. Mhol an chuid is mó acu an dá fhocal san aonad brí a infhilleadh agus séimhiú a chur ar an fhocal ina dhiaidh, mar seo:

  • rúnaí + cumann carthanachta = rúnaí cumainn charthanachta
  • léiritheoir + scannán grinn = léiritheoir scannáin ghrinn
  • buidéal + fíon dearg = buidéal fíona dheirg

Inniu, tá nós sa Ghaeilge gan aonaid bhrí a infhilleadh ar an dóigh sin, ach iad a fhágáil sa tuiseal ainmneach, mar seo:

  • rúnaí + cumann carthanachta = rúnaí cumann carthanachta
  • léiritheoir + scannán grinn = léiritheoir scannán grinn
  • buidéal + fíon dearg = buidéal fíon dearg

Tá ainm neamhoifigiúil ar an nós seo, is é sin ‘bata fear siúil’. Is cinnte go bhfuil leithéidí ‘buidéal fíon dearg’ ag teacht níos fearr leis an teanga bheo ná ‘buidéal fíona dheirg’.

Úsáidtear ‘bata fear siúil’ sna cásanna seo fosta, in áit an ainmfhocail a infhilleadh:

  • I ndiaidh ainmfhocal briathartha: ag foghlaim gléas ceoil, ag scríobh úrscéal bleachtaireachta, ag ól fíon dearg
  • I ndiaidh réamhfhocail chomhshuite: fá choinne cumann carthanachta, i ndiaidh cruinniú fada, i lár cruinniú Rialtais
  • I ndiaidh na réamhfhocal simplí ‘cois’, ‘trasna’, ‘timpeall’, ‘trasna’: cois abhainn bheag, timpeall baile mór, trasna bóthar gnóthach

Pointe tábhachtach: is aonaid bhrí éiginnte atá sna samplaí seo ar fad. Tá rialacha ann i gcás aonaid bhrí chinnte a bheidh á bplé níos faide anonn in Céim ar Aghaidh.