Céim Ar Aghaidh

Mír 1

Cluas le héisteacht: bliain sa Bhriotáin

Ar ball beag, beidh tú ag amharc ar fhíseán ina gcuireann Antaine Ó Donnaile agus Anna Ní Bhroin síos ar thréimhsí a chaith siad sa Bhriotáin. Sula n-amharcfaidh tú ar an fhíseán, tabhair faoin dá thasc thíos.

Tasc A

Cén cur amach atá agat ar an Bhriotáin agus ar chultúr na Briotáine? Scríobh nótaí leis an eolas atá agat a chur i láthair.

Tasc B

  • Léigh na ceisteanna tuisceana 1–5.
  • Amharc ar an fhíseán ansin leis na freagraí a aimsiú.
  1. Caidé na hábhair a bhí á dteagasc ag Antaine san ollscoil?
  2. Caidé na hábhair a raibh sé féin ag déanamh staidéar orthu?
  3. Cén leigheas a bhí aige ar an uaigneas a bhain le saol an bhaile mhóir?
  4. Caidé na dúshláin a bhí le sárú ag Anna agus í ag teagasc in Rennes?
  5. Tugann Anna sampla a léiríonn na deacrachtaí a bhí aici. Caidé a bhí ann?

Tá script le fáil in Scripteanna.
Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

Bliain sa Bhriotáin

Anna Ní Bhroin agus Antaine Ó Donnaile ag caint faoina dtaithí ag teagasc Gaeilge thall sa Bhriotáin.

Antaine Ó Donnaile

Chaith mé seal sa Bhriotáin nuair a bhí mé ar an choláiste. Bhí mé ag déanamh iarchéime ag an am. Agus bhí sé de phribhléid agam airgead Erasmus, agus scéim Erasmus a dhéanamh. Agus chaith mé seal i mBrest na Briotáine.

Agus bhí mé amuigh an t-am sin ag foghlaim Fraincise, nár éirigh liom go rómhaith… agus ag iarraidh Briotáinis a fhoghlaim chomh maith.

Agus bhí mé ann, mar Ghael ansin, ag teagasc Gaeilge agus ag teagasc stair na hÉireann do na mic léinn amuigh ansin i nBrest. Chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm ach, caithfidh mé a rá go raibh mé iontach, iontach uaigneach ag an am. Mhothaigh mé go raibh cultúr na mac léinn cineál… Bhí siad cineál príobháideach agus ciúin. Agus níor chuir siad sonrú,1 mórán, ionam, san ollscoil.

Agus, an rud a rinne mé ná chuaigh mé amach faoin tuath. Amach ó Brest agus chónaigh mé ar feadh cúpla mí le bundúchasaithe2 de chuid na Briotáine. Agus chuaigh sin i bhfeidhm go mór orm. Mar is pobal, is Gaeil…well, ní… is Ceiltigh iad. You know, mhothaigh mé an gaol leo agus mhothaigh mé go raibh mé páirteach sa phobal ina raibh mé. Pobal beag tuaithe. Agus bhí scoileanna acu3 agus bhí nósanna acu. Bhí céilithe acu – Fest Noz4 agus a leithéid sin.

So, bhí mé sa bhaile an t-am sin. Ach nuair a bhí muid in Brest,5 mhothaigh mé go raibh mé i mo strainséir ann. Ach thaitin sé go mór liom a bheith ag staidéar ann.

  1. sonrú… Tabhair faoi deara gur fuaim shrónach atá i lár an fhocail.
  2. bundúchasaithe… Is é a bheadh sa Chaighdeán Oifigiúil ‘bundúchasaigh’. Bíonn iolra an ainmfhocail iontach neamhrialta sa Ghaeilge labhartha.
  3. bhí scoileanna acu… Tá Antaine ag trácht ar na scoileanna Briotáinise, macasamhail Ghaelscoileanna na hÉireann, atá ag fás is ag forbairt ar fud na Briotáine.
  4. Fest Noz… Féilte ceol agus damhsa traidisiúnta.
  5. in Brest… Deir Antaine ‘i mBrest’ agus ‘in Brest’. Sa ghnáthchaint, bíonn daoine anonn is anall idir ‘i’ agus ‘in’ nuair is logainmneacha eachtrannacha atá i gceist. Sa Ghaeilge scríofa, is gnách ‘in’ a úsáid ach amháin más príomhchathair nó logainm atá sa Ghaeilge le fada atá i gceist: ‘i mBeirlín’, ‘i Maidrid’ ach ‘in Stuttgart’, ‘in Baton Rouge.’

Anna Ní Bhroin

Nuair a bhí mo chéim bainte amach ansin agam in Ollscoil Uladh, Cúil Raithin, fuair mé deis imeacht ar ais chun na Fraince. Chaith mé bliain sa Bhriotáin, san ollscoil ansin in Rennes, ag teagasc na Gaeilge. Agus, is dóiche, bhí dúshlán ar leith ansin a bheith ag teagasc na Gaeilge fríd1 mheán na Fraincise.

But is dóiche gur rud iontach a bhí ansin fosta – tá mé ag déanamh gurb é. Chuir mé aithne2 i bhfad níos fearr ar mo theangaidh féin nó go raibh agam í a mhíniú. Chan amháin i mo theangaidh féin ach í a mhíniú i bhFraincis. So, chuir mé aithne i bhfad níos fearr ar an Ghaeilge le linn na bliana sin. Chan amháin sin, d’fhoghlaim mé cuid mhór Fraincise fosta.

Agus bhí spéis mhór ag na mic léinn sa Ghaeilge. Dúshlán a bhí ansin ach rud a bhí ann a bhí iontach úsáideach fosta, ná go raibh agat theacht chuige ar bhealach inteacht eile. In Éirinn, nuair a bhíonn muid ag teagasc daoine, agus ag teagasc daoine fásta – agus rinne mé féin roinnt den obair sin, anuas fríd na bliantaí – nuair atá tú ag teagasc daoine nach bhfuil cúlra ar bith ar chor ar bith acu sa teangaidh agus nach ndearna staidéar ar bith ar an teangaidh ar an scoil. Níl an rud is bunúsaí acu. Níl siad ábalta cuntas fiú amháin óna haon go dtí a deich. Agus iad ag streachailt leis na huimhreacha.

Agus is cuimhin liom i gcónaí, sa rang, agus ba chuma cén rang a thiocfadh isteach, bhí deacracht i gcónaí leis an uimhir ‘naoi’. Leis an fhoghraíocht a bhain leis an uimhir ‘naoi.’ Bíonn ‘nóigh’ agus ‘nigh’ agus ‘náigh’ agus bhí siad ag rá i gcónaí gcónaí gcónaí, ‘Abair uair amháin eile é. Just, abair an focal sin arís. Uimhir a naoi.’

So, sin chomh3 dúshlánach leis an…sin chomh deacair agus a bhí sé. But, bhí spórt ar dóigh ag baint leis fosta.

  1. fríd mheán na Fraincise… I nGaeilge Uladh, deirtear ‘fríd’ in áit na bhfoirmeacha éagsúla den réamhfhocal ‘trí’ atá sa Chaighdeán Oifigiúil, beag beann ar uimhir agus ar an alt.
  • trí mheán na Fraincise > fríd mheán na Fraincise
  • tríd an fhuinneog > fríd an fhuinneog
  • trí na doirse > fríd na doirse
  1. aithne… Is gnách ‘aithne’ a chur ar dhaoine agus ‘eolas’ a chur ar rudaí.
  2. chomh dúshlánach… Is é a deir Anna, ‘go dúshlánach’, fuaimniú atá iontach coitianta i dTír Chonaill.

Tasc A

Fútsa atá sé freagraí a chur ar fáil fá choinne an taisc áirithe seo.

Tasc B

Seo an méid a dúirt na cainteoirí i dtaobh na gceisteanna tuisceana.

  1. Caidé na hábhair a bhí á dteagasc ag Antaine san ollscoil?
    Gaeilge agus stair na hÉireann.
  2. Caidé na hábhair a raibh sé féin ag déanamh staidéar orthu?
    An Fhraincis agus an Bhriotáinis.
  3. Cén leigheas a bhí aige ar an uaigneas a bhain le saol an bhaile mhóir?
    D’imigh sé ó Brest agus chónaigh i gceantar tuaithe i measc bhunadh na Briotáine.
  4. Caidé na dúshláin a bhí le sárú ag Anna agus í ag teagasc in Rennes?
    Go gcaithfí an teagasc a dhéanamh i bhFraincis. Sin agus nach raibh oiread agus focal amháin Gaeilge ag na mic léinn.
  5. Tugann Anna sampla a léiríonn na deacrachtaí a bhí aici. Caidé a bhí ann?
    Fuaimniú an fhocail ‘naoi.’