Céim Ar Aghaidh

Mír 1

Cluas le héisteacht: na meáin shóisialta

Ar ball beag, beidh tú ag amharc ar fhíseán ina gcuireann Seán Ó Daimhín síos ar a dhearcadh féin maidir leis na meáin shóisialta.

  • Sula n-amharcfaidh tú ar an fhíseán, léigh na ráitis 1–6 thíos, atá bunaithe ar an mhéid a deir Seán san agallamh.
  • Amharc ar an agallamh go gcluinfidh tú an méid a deir Seán.
  • An bhfuil na ráitis fíor, bréagach nó an é nach dtugtar an t-eolas ar chor ar bith?
  • Cuir tic sa bhosca cheart.
  • Más ‘fíor’ nó ‘bréagach’ a roghnaigh tú, tabhair fianaise ón agallamh.
  1. Bhíodh Seán iontach gníomhach ar Facebook agus ar Twitter.

Fíor              Bréagach                 Ní deirtear

Fianaise:
___________________________________________________________________________

___________________________________________________________________________

  1. I nGaeilge a bhíodh Seán ag postáil, den chuid is mó.

Fíor              Bréagach                 Ní deirtear

Fianaise:
___________________________________________________________________________

___________________________________________________________________________

  1. Bhí imní ar Sheán go raibh tionchar ag na meáin shóisialta ar a ghnáthshaol.

Fíor              Bréagach                 Ní deirtear

Fianaise:
___________________________________________________________________________

___________________________________________________________________________

  1. Bhí cairde Sheáin buartha faoin mhéid ama a bhí sé ag caitheamh ar líne.

Fíor              Bréagach                 Ní deirtear

Fianaise:
___________________________________________________________________________

___________________________________________________________________________

  1. Tá Seán ag iarraidh ar achan duine éirí as na meáin shóisialta.

Fíor              Bréagach                 Ní deirtear

Fianaise:
___________________________________________________________________________

___________________________________________________________________________

  1. Crothnaíonn Seán na meáin shóisialta anois is arís.

Fíor              Bréagach                 Ní deirtear

Fianaise:
___________________________________________________________________________

___________________________________________________________________________

Tá script an fhíseáin le fáil in Scripteanna.
Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

Na meáin shóisialta

Seán Ó Daimhín ag cur síos ar a thaithí féin ar na meáin shóisialta.

Seán Ó Daimhín

Maidir leis na meáin shóisialta, bhí mise i mo chineál leath-rí, déarfainn, ar Facebook ar an tSrath Bán ar feadh na mblianta fada. Chaith mé deich mbliana ar Facebook. Níor bhac mé mórán leis an chóras giolcaireachta mar níor shíl mé go raibh sé sóisialta go leor. Bhí Facebook iontach iontach sóisialta. Bhí meascán maith ansin de… idir a bheith i dteagmháil le daoine muinteartha domh agus i dteagmháil le cairde. I dteagmháil le strainséirí a raibh suim acu sa Ghaeilge. I dteagmháil le strainséirí, b’fhéidir, a raibh suim acu sa pholaitíocht agus rudaí a raibh suim agam féin iontu.

Agus bhain mé féin an-sult as an phlé ar fad, agus na díospóireachtaí, agus fiú, d’fhág mé píosa díom féin thuas ansin ar Facebook.

So, bhí mise go mór i bhfách leis na meáin shóisialta agus chonaic mé an luach a bhí leis, ó thaobh, fiú, mar shampla… cineál, cur chun cinn na teanga. Bhí sé fíor, fíorúsáideach. Ach sa deireadh, bhí ormsa éirí as mar bhí mé ag caitheamh i bhfad barraíocht ama ar na meáin shóisialta. Bhí sé ag alpadh mo chuid ama. Achan bhomaite, bheinn ag caitheamh mo shúl ar an ghuthán. Agus dá mbeinn ag caint le duine ar bith – i lár an chomhrá – bheadh súil amháin agamsa ar an duine agus bheadh an tsúil eile ar an ghuthán. Agus mura mbeadh an tsúil eile ar an ghuthán, bheadh m’intinn, ag smaointiú caidé mar atá an díospóireacht sin ag dul ar aghaidh. Nó, caidé mar atá seo ag dul ar aghaidh.

Mar, an rud a thug mise faoi deara, nuair a scríobhann tú rud éigin suas – is cuma más rud simplí é, nó más pic… más grianghraf de do dhinnéar atá ann, nó mura bhfuil ann ach, just, abairt amháin – ‘tharla seo.’ Tá sé mar chineál peata agat agus caithfidh tú cúram a thabhairt don pheata anois. Caidé an dearcadh atá ag daoine eile ar an rud seo atá curtha suas agam? Agus bíonn tú buartha faoi na rudaí seo. Agus ansin bíonn tú gafa leis na fógraí beaga dearga agus, b’fhéidir, sin tuairim eile ar an rud a scríobh mé.

So, ní bhíonn…tá tú cineál scartha ón áit ina bhfuil tú. So, tá tú i do chónaí… tá tú i do chónaí áit éigin eile. Tá d’intinn dírithe ar áit éigin eile agus níos lú ar na daoine atá thart ort agus ar an áit a bhfuil tú faoi láthair.

Agus nuair a thug mise sin faoi deara, cé gur bhris sé mo chroí, bhí ormsa deireadh a chur le mo chuntas ar na meáin shóisialta. Tá mé éirithe as anois le dhá mhí agus tá súil agamsa, b’fhéidir, nach rachaidh mé ar ais air.

Rud eile, chuir sé isteach go mór ar mo chruthaitheacht. Tá suim agam sa cheol agus sa léitheoireacht agus rudaí mar sin. Thug mé faoi deara nach raibh mé fiú ag léamh an oiread sin. Ní raibh mé ag cleachtadh mo chuid ceoil. Agus fiú ó thaobh cúrsaí nuachta, chaith mé níos mó ama ag léamh tuairimí daoine ar an cheannlíne ná mar a chaith mé ag léamh, b’fhéidir, an ailt iomláin nuachta. So, bhí, cineál, saol i bhfad níos, nó… Déarfainn anois go bhfuil saol níos doimhne agam. Léim an nuacht go fóill. Úsáidim an t-idirlíon.

Ach mothaím go bhfuil mise, cineál, go bhfuil smacht agam féin ar an mhéid ama a chaithim air. Agus níl mé gafa leis na fógraí agus an tsíor-scrolláil1 seo síos. Agus nuair a bhaineann tú bun an leathanaigh amach, téann tú ar ais go barr an leathanaigh mar tá rudaí eile scríofa ag daoine eile agus ar ais. Síor-scrolláil ar fad. Agus sin an fáth…

So, tá daoine ann atá ábalta, b’fhéidir, dul isteach is amach. Ní mar sin a bhí mé féin. Bhí mise go huile is go hiomlán gafa leis. So, bhí ormsa éirí as. Agus, má tá tú gafa leis, níl, i mo bharúil féin… an t-aon réiteach atá ann ná éirí as.

Ach, san am céanna, níl aon dabht faoi gur uirlis den chéad scoith é. Agus go bhfuil, gur féidir… tá an-bhuntáistí leis, ó thaobh teagmháil leis an chlann, teagmháil le daoine eile, cur chun cinn teangacha. Agus crothnaím2 na rudaí sin. Nó, in amanna, glacaim grianghraf anois agus bím ag smaointiú, ‘Cén fáth ar ghlac mé an grianghraf? Níl aon áit le é a chur. Tá sé ar mo ghuthán.’ So, ar bhealach, tá buntáistí leis ach ag an am céanna, i mo shaol féin, bhí níos mó míbhuntáistí ag an deireadh. Agus sin, alpadh mo chuid ama.

  1. scrolláil… De réir www.tearma.ie, is ‘scrollú’ an téarma Gaeilge atá ag freagairt do scrolling sa Bhéarla. Is minic, sa ghnáthchaint, a chuirtear an deireadh ‘–áil’ le fréamh an bhriathair Bhéarla mar atá déanta ag Seán.
  2. crothnaím na rudaí sin… Is ionann sin agus ‘braithim uaim na rudaí sin.’ Is é ‘cronaím’ an leagan caighdeánach den bhriathar. Deirtear ‘croinim’ fosta.
  1. Bhíodh Seán iontach gníomhach ar Facebook agus ar Twitter.
    Bréagach. Deir Seán nach raibh ‘an córas giolcaireachta’ (Twitter) sóisialta go leor.
  1. I nGaeilge a bhíodh Seán ag postáil, den chuid is mó.
    Ní deirtear rud ar bith faoi sin san agallamh. Deir Seán gur uirlis úsáideach atá sna meáin shóisialta maidir le cur chun cinn na Gaeilge, ach ní deir sé gur i nGaeilge ba mhó a bhíodh sé féin ag scríobh.
  1. Bhí imní ar Sheán go raibh tionchar ag na meáin shóisialta ar a ghnáthshaol.
    Fíor. Deir Seán gur mhinic a bhíodh sé ag caint le duine gan aird a bheith aige ar an chomhrá dáiríre. Bhíodh a intinn dírithe ar ‘áit éigin eile.’
  1. Bhí cairde Sheáin buartha faoin mhéid ama a bhí sé ag caitheamh ar líne.
    Ní deirtear rud ar bith faoi sin san agallamh. Is cinnte gur shíl Seán go mbíodh i bhfad barraíochta ama á chaitheamh aige ar líne, ach ní deir sé rud ar bith faoin dearcadh a bhí ag a chuid cairde.
  1. Tá Seán ag iarraidh ar achan duine éirí as na meáin shóisialta.
    Bréagach. Dar le Seán, tá daoine ann atá ábalta na meáin shóisialta a úsáid gan dul thar fóir leo. Is é a deir Seán gur cheart éirí astu má tá tú go huile is go hiomlán gafa leo.
  1. Crothnaíonn Seán na meáin shóisialta anois is arís.
    Fíor. Admhaíonn sé, mar shampla, go mbíonn fonn air go fóill na grianghraif a ghlacann sé a roinnt le daoine eile ar líne.