Céim Ar Aghaidh

Mír 4

An Lia Gramadaí: an darna bliain nó an darna bhliain?

Ar ball beag, beidh tú ag éisteacht leis an Lia Gramadaí, Aodh Ó Gallchóir, agus fadhb eile ghramadaí á réiteach aige. Sula n-amharcfaidh tú ar an fhíseán, freagair na ceisteanna seo thíos.

Scríobh míniú ar achan cheann de na téarmaí gramadaí seo thíos. Tabhair samplaí den rud atá i gceist.

  1. Bunuimhir
  2. Maoluimhir
  3. Orduimhir
  4. Réamhlitir

Tá script an fhíseáin le fáil in Scripteanna.
Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

Lia na Gramadaí: an darna bliain nó an darna bhliain?

Cruacheist ghramadaí á plé ag an Lia Gramadaí, Aodh Ó Gallchóir. Cé acu atá ceart: ‘An darna bhliain’ nó ‘an darna bliain’?

Aodh Ó Gallchóir

An darna bliain nó an darna bhliain? Cén ceann atá ceart? Ar dtús, tá cineálacha éagsúla uimhreacha againn sa Ghaeilge. Ar scoil, foghlaimíonn muid uilig na rialacha a bhaineann leis na bunuimhreacha, is é sin nuair a bhíonn rudaí á gcuntas againn.

Tógfaidh muid an focal ‘cathaoir’, mar shampla:

cathaoir amháin
dhá chathaoir
trí chathaoir
ceithre chathaoir
cúig chathaoir
sé chathaoir
seacht gcathaoir
ocht gcathaoir
naoi gcathaoir
deich gcathaoir

Tá sé tábhachtach idirdhealú a dhéanamh anseo idir bunuimhreacha, is é sin rudaí a insíonn dúinn cá mhéad den ainmfhocal atá againn. Déarfaidh muid ‘dhá bhróg’ nó ‘trí lá’. Agus orduimhreacha, rud a insíonn dúinn cén t-ord ina bhfuil na hainmfhocail sin: ‘an darna bróg’ nó ‘an tríú lá’, cuir i gcás.

Is é ‘an darna bliain’ an leagan ceart. Ní leanann séimhiú ná urú na horduimhreacha de ghnáth. Déarfaidh muid, ‘an cúigiú teach’, ‘an darna poll’ agus mar sin de. Anois, toisíonn na samplaí sin uilig le consan, ach cuir i gcás go bhfuil guta i dtús an fhocail. ‘An darna huair’ nó ‘an darna hainm’ a deirtear, cuir i gcás.

Ní séimhiú ach réamhlitir h atá i gceist sna samplaí sin i ndáiríre. Agus bíonn sin againn sna horduimhreacha uilig. Déarfaidh muid, an tríú hóráid’, ‘an cúigiú hurlár’ agus mar sin de.

Níl ach orduimhir amháin a chuireann séimhiú ar ainmfhocal dar tús consain, is é sin ‘an chéad’: ‘an chéad pholl’, ‘an chéad chloch’, ‘an chéad bhróg’.

Bígí faichilleach, mar sin, go dtuigfidh sibh cé acu bunuimhir nó orduimhir atá agaibh.

  1. Bunuimhir
    Úsáidtear bunuimhreacha le rudaí a chuntas: ‘dhá bhliain’, ‘ocht ngloine’ srl.
  2. Maoluimhir
    Seasann an mhaoluimhir léi féin: ‘a haon, a dó, a trí’ srl.
  3. Orduimhir
    Léiríonn an t-orduimhir ionad an ainmfhocail i sraith: ‘an chéad chúrsa’, ‘an tríú bliain’ srl.
  4. Réamhlitir
    Ceann de na litreacha a chuirtear le gutaí i dtús ainmfhocail. Cuir i gcás, bíonn an réamhlitir t ann i ndiaidh an ailt i gcúinsí áirithe: ‘an t-am’, ‘an t-uisce’. Tá an réamhlitir h ann fosta: ‘Na hÉireannaigh’, ‘an tríú huair’.