Céim Ar Aghaidh

Mír 5

I ngleic leis an ghramadach: an clásal coibhneasta

Amharc ar na frásaí seo as an fhíseán An áit a bhfuil mo chroí, agus ar na haistriúcháin Bhéarla atá taobh leo.

Gaeilge Béarla
Baile fearainn Mhachaire Rabhartaigh, atá cois cladaigh ansin. The townland of Machaire Rabhartaigh, which is by the seashore.
Sin an áit a bhfuil mo theaghlach go fóill.  That’s where my family are still.
Na chéad daoine a bhí lonnaithe san áit. The first people who were settled there.
An lán mara ard a thagann isteach ar an chúltrá. The high tide that comes in on the inner beach.
An áit a dtagann an fharraige isteach ar an Tráigh Bheag. Where the sea comes in on an Tráigh Bheag.

Tá seanchleachtadh againn ar na míreanna coibhneasta Béarla, whichwherewhothatwhen agus araile. Is focail ghairide iad a nascann páirt amháin d’abairt le páirt eile sa dóigh is go mbeidh a fhios againn cé atá i gceist, nó cén áit nó cén t-am.

Tá na míreanna coibhneasta Gaeilge rud beag níos casta ná sin. I measc na gceisteanna a bhíonn ar intinn an fhoghlaimeora tá:

  • Cad chuige a mbíonn ‘atá’ in abairtí áirithe agus ‘a bhfuil’ in abairtí eile?
  • Cad chuige a mbíonn ‘a thagann’ in abairtí áirithe agus ‘a dtagann’ in abairtí eile?
  • Bíonn ‘a’ ann go minic, ach tá míreanna coibhneasta eile ann: ‘ar’, ‘nach’, ‘nár’. Cá huair a úsáidtear na míreanna sin? Caidé ba cheart a dhéanamh má tá an chopail ‘is’ san abairt?

Freagróidh muid na ceisteanna sin san aonad seo agus in Aonad 2. Beidh neart cleachtaí gramadaí ann a thabharfaidh seans duit na rialacha a chleachtadh. San aonad seo, beidh muid ag díriú ar an chlásal choibhneasta dhíreach. 

Amharc ar an dá chlásal seo thíos.

Sin an t-amhránaí.
Ceolann sí amhráin Ghaeilge.

Agus seo an dá chlásal le chéile in aon abairt amháin.

Sin an t-amhránaí a cheolann amhráin Ghaeilge.

Deirtear gur coibhneas díreach atá idir an dá chlásal sin – is í an t-amhránaí a cheolann an t-amhrán. Déanann sí féin sin glan díreach, gan baint a bheith ag duine ar bith eile leis an scéal. Ó thaobh na gramadaí de, is í an t-amhránaí an t-ainmní. Is ise a dhéanann an gníomh atá i gceist sa bhriathar ‘ceol.’ Coibhneas díreach a bheadh ann fiú dá mbeadh na focail in ord eile, sa dóigh is go mbeadh an cuspóir (‘amhráin Ghaeilge’) i dtús na habairte agus an t-ainmní ag teacht ina dhiaidh.

Amhráin Ghaeilge a cheolann an t-amhránaí sin.

Más coibhneas díreach atá ann, agus más abairt dhearfach ata i gceist, úsáidtear an mhír choibhneasta ‘a’ i ngach aimsir. Leanann séimhiú ‘a’ ach amháin i gcás an bhriathair 'abair' agus aimsir láithreach an bhriathair ‘tá’:

Sin an cheist. Tá sí doiligh a fhreagairt.
Sin an cheist atá doiligh a fhreagairt
Duine atá ann. Deir sé rudaí gan chiall.
Duine atá ann a deir rudaí gan chiall.

Más abairt dhiúltach atá i gceist, úsáidtear ‘nach’ + urú i ngach aimsir ach amháin an aimsir chaite shimplí. ‘Nár’ + séimhiú a úsáidtear san aimsir sin, de ghnáth.

Is beag rud. Ní chuireann siad suim ann.
Is beag rud nach gcuireann siad suim ann.

Foireann a bhí ann. Níor chaill siad mórán cluichí riamh.
Foireann a bhí ann nár chaill mórán cluichí riamh.