Céim Ar Aghaidh

Mír 8

An chopail

Deirtear, corruair, go bhfuil úsáid na copaile ‘is’ i ndiaidh dul ar gcúl go mór i nGaeilge Uladh. Cuir i gcás, san áit a mbeadh ‘Is scríbhneoir í’ i gcanúintí áirithe, deir na hUltaigh ‘Scríbhneoir atá inti’. Le fírinne, tá an chopail ‘i bhfolach’ sa struchtúr sin. Thiocfadh é a scríobh ar bhealach eile:

(Is) scríbhneoir atá inti.

Is léir an chopail a bheith ann nuair a bhíonn caint indíreach i gceist.

Deir sí gur scríbhneoir atá inti.

Caithfidh duine ar bith a bhíonn ag plé leis an Ghaeilge scríofa a bheith ábalta an chopail ‘is’ a úsáid mar is ceart. Is minic a bhíonn difríochtaí céille ann nach dtig a thabhairt slán gan an chopail a úsáid. Féach, mar shampla, an abairt Bhéarla seo:

Is Louise leaving today?

Thiocfadh rudaí éagsúla a bheith i gceist ansin, ag brath ar chúrsaí béime.

  1. Is Louise leaving today? (Is it Louise who is leaving today?)
  2. Is Louise leaving today? (Is Louise actually leaving today?)
  3. Is Louise leaving today? (Is it today Louise is leaving?)

Is furasta freastal ar chiall achan abairte acu sin má bhaintear úsáid as an chopail.

  1. An í Louise atá ag imeacht inniu?
  2. An ag imeacht atá Louise inniu?
  3. An inniu atá Louise ag imeacht?

Ó thaobh na stíle de, ní bhíonn téacs i bhfad ag iarraidh leadránach má bhíonn ‘tá’ nó ‘níl’ i dtús achan abairte. Cuireann an chopail brí san abairt, agus cuireann ar ár gcumas béim a chur ar fhocail nó ar fhrásaí faoi leith.

Déan athscríobh ar na habairtí 1–15. Úsáid an chopail in achan chás mar atá déanta sa tsampla. Tá cló iodálach ar an eolas a bhfuil béim le cur air.

Sampla: Chum Peadar Ó Doirnín an dán sin. 
(Ba é) Peadar Ó Doirnín a chum an dán sin.

  1. Ó, tá tú anseo.
  2. An bhfuil tú ag magadh orm?
  3. Tá an siopa úr sin ag foscailt amárach.
  4. Níl an locht ar Mharcas.
  5. Tá mé ag iarraidh cuidiú leat.
  6. Chuala mé an scéal ar maidin.
  7. Cheannaigh Stiofán an mála seo domh.
  8. Déanann cleachtadh máistreacht.
  9. Tá an aimsir ag dul in olcas i rith an ama.
  10. Tá Rann na Feirste in iarthuaisceart Dhún na nGall.
  11. Dhéanfadh drochdhuine a leithéid sin.
  12. Tháinig sí ar an tsaol i mBéal Feirste.
  13. Níor dhúirt sé focal
  14. Bhí muid sa bhaile nuair a chuir na Gardaí scairt.
  15. Itheann sí bia folláin i gcónaí.

Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

  1. Ó, anseo atá tú.
  2. An ag magadh orm atá tú?
  3. Amárach atá an siopa úr sin ag foscailt.
  4. Ní ar Mharcas atá an locht.
  5. Ag iarraidh cuidiú leat atá mé.
  6. Ar maidin a chuala mé an scéal.
  7. Stiofán a cheannaigh an mála seo domh.
  8. Cleachtadh a dhéanann máistreacht.
  9. (Is) ag dul in olcas atá an aimsir i rith an ama.
  10. In iarthuaisceart Dhún na nGall atá Rann na Feirste.
  11. Drochdhuine a dhéanfadh a leithéid sin.
  12. I mBéal Feirste a tháinig sí ar an tsaol.
  13. Focal níor dhúirt sé liomsa.
  14. Sa bhaile a bhí muid nuair a chuir na Gardaí scairt.
  15. Bia folláin a itheann sí i gcónaí.