Céim Ar Aghaidh

Mír 7

An Lia Gramadaí: na huimhreacha pearsanta i nGaeilge Uladh

Bíonn neart míthuiscintí ag cur as do dhaoine maidir le canúint Chúige Uladh. Deirtear a leithéid seo, cuir i gcás: ‘Ó na hUltaigh, deir siadsan “beirt chathaoir” agus “triúr carranna”.’

San fhíseán seo, míníonn Aodh Ó Gallchóir bunús na míthuisceana sin agus an dóigh cheart leis na huimhreacha pearsanta a úsáid ag tagairt siar do rudaí atá luaite cheana féin.

Tá script an fhíseáin le fáil in Scripteanna.

An Lia Gramadaí: na huimhreacha pearsanta i gCúige Uladh

Cruacheist ghramadaí á plé ag an Lia Gramadaí, Aodh Ó Gallchóir: úsáid cheart na n-uimhreacha pearsanta i nGaeilge Uladh.

Aodh Ó Gallchóir

Cluintear ‘beirt’, ‘triúr’ agus na focla1 sin á lua le rudaí nach daoine iad, corruair. An botún é sin?

Ar dtús, is ‘uimhreacha pearsanta’ na focla sin, agus is le daoine a luaitear iad an chuid is mó den am. Beirt fhear. Triúr ban. Ceathrar gasúr agus mar sin de. É sin ráite, tá nós i nGaeilge Uladh na huimhreacha pearsanta a úsáid ar dhóigh eile, is é sin más ag tagairt siar d’ainmfhocal a luaíodh2 roimhe sin atá an cainteoir, mar fhreagra ar cheist, cuir i gcás. Seo sampla, ‘Cá mhéad rang a bhí agat ar maidin, a Shéamais?’ ‘Triúr’.

Anois, is léir sa tsampla sin gur ag tagairt siar don ainmfhocal ‘rang’ atá an té a d’fhreagair an cheist sin. Maíonn daoine áirithe gur úsáid bhreallach í seo, agus déanann siad an nós sin a cheartú. Ach, i ndáiríre, níl locht ar bith air. Más léir ón chomhthéacs cé dó a bhfuil an cainteoir ag tagairt, más ag tagairt siar d’ainmfhocal a luaíodh roimhe seo atá an duine sin, tá sé go breá. Fhad is nach n-úsáideann siad an t-ainmfhocal sin arís leis.

I gcásanna den chineál chéanna, déarfaidh muid, an sampla sin a bhí agamsa, áit a raibh ‘triúr’ againn, seans gur ‘trí cinn’ a déarfadh cainteoirí in áiteanna eile.

Seo tuilleadh samplaí agaibh: ‘Cá mhéad lá a chaith tú i Londain?’ An freagra, ‘ceathrar’ nó ‘ceithre cinn’. Seo ceann eile, ‘Bhí cúig charr taobh amuigh den teach ar maidin agus níl ach beirt anois ann’ nó ‘níl ach dhá cheann anois ann’ nó ‘níl ach péire anois ann.’

Mar sin, thig uimhreacha pearsanta a úsáid nuair atáthar ag tagairt siar d’ainmfhocal a luaíodh roimhe seo agus nuair atá sin breá soiléir ón chomhthéacs. Bíodh sin mar atá, níor cheart riamh gnáth-ainmfhocal a úsáid le huimhir phearsanta. Bheadh sé go hiomlán mícheart ‘cúigear carranna’, nó ‘beirt phlandaí’ nó rud éigin mar sin a ráit.

  1. na focla sin… Is é ‘focail’ an fhoirm iolra chaighdeánach ach ‘focla’ a deirtear i nGaeilge Uladh. Tá nós ag daoine ‘í’ a chur i ndeireadh an fhocail seo agus ‘foclaí’ a rá. Ní mar sin a deirtear an focal sa Ghaeltacht. Tá an rud céanna fíor i gcás foirmeacha iolra eile atá láidir i nGaeilge Uladh, mar shampla ‘scoltacha’ nó ‘bróga’.
  2. a luaíodh roimhe sin… De réir an Chaighdeáin Oifigiúil, is ‘luadh’ a bheadh ann.