Céim Ar Aghaidh

Mír 5

I ngleic leis an ghramadach: bain triail as

Cuir an focal idir lúibíní sa tuiseal ghinideach iolra, mar atá déanta sa tsampla.

Sampla: Ag insint (bréaga) atá siad.
Ag insint bréag atá siad.

  1. Mholfainn duit cead a cinn is a (cosa) a thabhairt di.
  2. Tá an Chomhairle i ndiaidh Oifigeach (Ealaíona) úr a cheapadh.
  3. Níl radharc na (súile) go rómhaith agam.
  4. Cuimhnigh ar an tseanfhocal, ‘Is taibhseach iad adharca na (ba) thar lear.’
  5. Tá mé go mór i gcoinne troid (coiligh).
  6. D’fhág siad a muintir ag sileadh na (deora).
  7. Níl iontu ach scaifte (amadáin).
  8. Bhí ainm fileata ar an chathair fosta, is é sin ‘Gaillimh na (Seoda)’.
  9. A Dhia na (grásta)!
  10. Fág spás ar imeall na (leathanaigh).

Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

  1. Mholfainn duit cead a cinn is a cos a thabhairt di.
  2. Tá an Chomhairle i ndiaidh Oifigeach Ealaíon úr a cheapadh.
  3. Níl radharc na súl go rómhaith agam.
  4. Cuimhnigh ar an tseanfhocal, ‘Is taibhseach iad adharca na mthar lear.’
  5. Tá mé go mór i gcoinne troid choileach.
  6. D’fhág siad a muintir ag sileadh na ndeor.
  7. Níl iontu ach scaifte amadán.
  8. Bhí ainm fileata ar an chathair fosta, is é sin ‘Gaillimh na Seod’.
  9. A Dhia na ngrást!
  10. Fág spás ar imeall na leathanach.