Céim Ar Aghaidh

Mír 10

Gaeilge Chúige Uladh: do dhearcadh féin

Chuala tú Aodh Ó Gallchóir ag caint faoina thaithí agus a dhearcadh féin ar chúrsaí canúna. Is é do shealsa anois é roinnt nótaí a scríobh ar an cheist chéanna.

  1. Casadh daoine ar Aodh a bhí ag iarraidh a chuid Gaeilge ‘a cheartú’ nó a raibh dímheas acu ar Ghaeilge Uladh. Ar casadh a leithéid ortsa riamh? Scríobh cur síos ar an rud a tharla.
  2. ‘B’fhearr go mór mura mbeadh canúintí ar bith sa Ghaeilge, ach teanga chaighdeánach amháin ó cheann ceann na tíre.’ Scríobh nótaí le do dhearcadh faoin ráiteas sin a chur in iúl.
  3. Deir Aodh go mbaineann sé sult as eolas a chur ar chanúintí eile. An bhfuil tusa mar an gcéanna? Cuir síos ar na gnéithe de Ghaeilge Chonnacht agus de Ghaeilge na Mumhan a bhfuil dúil agat iontu.
  4. ‘Mothaím go bhfuil cur amach níos fearr agam ar an Ghaeilge, go háirithe ar Ghaeilge Uladh, i ndiaidh domh staidéar a dhéanamh ar na hábhair in Céim ar Aghaidh.’ Scríobh nótaí le do dhearcadh maidir leis an ráiteas sin a mhíniú. Má tá moltaí agat le Céim ar Aghaidh a dhéanamh níos fearr, cuir scéal chuig ceimaraghaidh@gmail.com.