Céim Ar Aghaidh

Mír 6

An clásal coibhneasta díreach: cleachtadh

Ceangail an dá chlásal le mír choibhneasta, mar atá déanta sa tsampla.

Bím ar mire le daoine. Bíonn siad ag tiomáint róghasta.
Bím ar mire le daoine a bhíonn ag tiomáint róghasta.

Tá na freagraí ar fáil in Nótaí agus Freagraí.

A. Abairtí dearfacha, gach aimsir

  1. Tá aithne agam ar bhean. Déanann sí an cineál sin oibre.
    Tá aithne agam ar bhean...
  2. Bainfidh mé triail as amhrán. D’fhoghlaim mé le gairid é.
    Bainfidh mé triail as amhrán...
  3. Faraor, níl cara aige. Chuirfeadh sé comhairle air.
    Faraor, níl cara aige...
  4. Níl muinín agam i bhfear ar bith. Déarfadh sé a leithéid de rud.
    Níl muinín agam i bhfear ar bith...
  5. Is cuimhin liom an uair. Bhí neart daoine ina gcónaí anseo.
    Is cuimhin liom an uair...
  6. Is doiligh dul in iomaíocht le foireann. Tá siad chomh láidir sin.
    Is doiligh dul in iomaíocht le foireann...
  7. Caidé a dhéanfaidh tú leis an airgead? Thug do thuismitheoirí duit é.
    Caidé a dhéanfaidh tú leis an airgead...
  8. An é seo an bus? Téann sé díreach go hInis Ceithleann.
    An é seo an bus...
  9. Bhí clú orthu mar dhream. Chuireadh siad cogadh ar na náisiúin thart orthu.
    Bhí clú orthu mar dhream...
  10. Mo thrua an té. Chreidfeadh sé scéal mar sin.
    Mo thrua an té...

B. Abairtí diúltacha, gach aimsir

  1. Tá aithne agam ar dhaoine. Ní itheann siad feoil.
    Tá aithne agam ar dhaoine...
  2. Ná bí buartha faoi rudaí. Ní tharlóidh siad choíche.
    Ná bí buartha faoi rudaí...
  3. Tá aiste amháin ann. Níor cheartaigh mé go fóill í.
    Tá aiste amháin ann...
  4. Scannán atá ann. Níl sé fóirsteanach do dhaoine óga.
    Scannán atá ann...
  5. Tá olc aige dóibh siúd. Níor chuidigh siad leis.
    Tá olc aige dóibh siúd...
  6. Sin an cineál bia. Ní fhóireann sé domh.
    Sin an cineál bia...
  7. Is doiligh cuidiú le daoine. Ní ghlacann siad le comhairle.
    Is doiligh cuidiú le daoine...
  8. Cheannaigh sí teach. Ní cheannódh duine ar bith eile é.
    Cheannaigh sí teach...
  9. Níl trua agam do dhaoine. Ní thugann siad aire mhaith dóibh féin.
    Níl trua agam do dhaoine...
  10. Chum sí ceol. Níor cumadh a leithéid riamh.
    Chum sí ceol...

C. Meascra

  1. Tá meas agam ar na hiriseoirí. Nocht siad an scéal.
    Tá meas agam ar na hiriseoirí... 
  2. Is aisteach an duine. Ní bheannódh sé duit sa tsráid.
    Is aisteach an duine... 
  3. Duine múinte atá ann. Níor chuir sé isteach ormsa riamh.
    Duine múinte atá ann... 
  4. Droch-chinneadh a bhí ann. Rinneadh faoi dheifir é.
    Droch-chinneadh a bhí ann... 
  5. Bhí casadh sa scéal. Ní inseoidh mé duit é.
    Bhí casadh sa scéal... 
  6. Ná hiarr comhairle ó dhuine. Níl fhios a cheirde aige.
    Ná hiarr comhairle ó dhuine... 
  7. Theip ar an chomhlacht. D’fhoilsigh siad a cuid filíochta.
    Theip ar an chomhlacht... 
  8. Ná hith rud ar bith. Ní íosfadh bunadh na háite é.
    Ná hith rud ar bith... 
  9. Is trua liom anois. Níor fhoghlaim mé an tiomáint.
    Is trua liom anois... 
  10. Ní chreidfeá an scéal. D’inis Úna domh aréir é.
    Ní chreidfeá an scéal...

Seo na habairtí iomlána agus ceangal coibhneasta iontu. Tá nótaí breise eolais le cuid acu.

A. Abairtí dearfacha, gach aimsir

  1. Tá aithne agam ar bhean a dhéanann an cineál sin oibre.
  2. Bainfidh mé triail as amhrán a d’fhoghlaim mé le gairid.
  3. Faraor, níl cara aige a chuirfeadh comhairle air.
  4. Níl muinín agam i bhfear ar bith a déarfadh a leithéid de rud. (Tabhair faoi deara nach bhfuil séimhiú ar ‘déarfadh’. B’fhéidir, mar sin féin, go gcluinfeá séimhiú sa chaint i nGaeltacht Thír Chonaill.)
  5. Is cuimhin liom an uair a bhí neart daoine ina gcónaí anseo.
  6. Is doiligh dul in iomaíocht le foireann atá chomh láidir sin.
  7. Caidé a dhéanfaidh tú leis an airgead a thug do thuismitheoirí duit?
  8. An é seo an bus a théann díreach go hInis Ceithleann? (Tá foirm choibhneasta faoi leith den bhriathar ‘téigh’ a úsáidtear i nGaeilge Uladh: ‘an bus a théid díreach go hInis Ceithleann’.)
  9. Bhí clú orthu mar dhream a chuireadh cogadh ar na náisiúin thart orthu.
  10. Mo thrua an té a chreidfeadh scéal mar sin.

B. Abairtí diúltacha, gach aimsir

  1. Tá aithne agam ar dhaoine nach n-itheann feoil.
  2. Ná bí buartha faoi rudaí nach dtarlóidh choíche.
  3. Tá aiste amháin ann nár cheartaigh mé go fóill.
  4. Scannán atá ann nach bhfuil fóirsteanach do dhaoine óga.
  5. Tá olc aige dóibh siúd nár chuidigh leis.
  6. Sin an cineál bia nach bhfóireann domh.
  7. Is doiligh cuidiú le daoine nach nglacann le comhairle.
  8. Cheannaigh sí teach nach gceannódh duine ar bith eile.
  9. Níl trua agam do dhaoine nach dtugann aire mhaith dóibh féin.
  10. Chum sí ceol nár cumadh a leithéid riamh.

C. Meascra

  1. Tá meas agam ar na hiriseoirí a nocht an scéal.
  2. Is aisteach an duine nach mbeannódh duit sa tsráid.
  3. Duine múinte atá ann nár chuir isteach ormsa riamh.
  4. Droch-chinneadh a bhí ann a rinneadh faoi dheifir.
  5. Bhí casadh sa scéal nach n-inseoidh mé duit.
  6. Ná hiarr comhairle ó dhuine nach bhfuil fhios a cheirde aige.
  7. Theip ar an chomhlacht a d’fhoilsigh a cuid filíochta.
  8. Ná hith rud ar bith nach n-íosfadh bunadh na háite.
  9. Is trua liom anois nár fhoghlaim mé an tiomáint.
  10. Ní chreidfeá an scéal a d’inis Úna domh aréir.