Céim Ar Aghaidh

Mír 4

Caighdeán agus canúint

San agallamh a rinne Gráinne faoina cuid taistil san India, d’úsáid sí dornán maith leaganacha atá coitianta sa Ghaeilge ach a deirtear a bheith ‘míchaighdeánach’. Seo roinnt samplaí:

Leagan Ghráinne An leagan caighdeánach
an Ind an India
duine seort faiteach duine sórt faiteach
achan duine gach aon duine
ag scairteadh ag scairt

Caidé go díreach atá i gceist le leaganacha a bheith ‘caighdeánach’ nó ‘míchaighdeánach’? Amharc ar an fhíseán ‘An Caighdeán Oifigiúil’ agus freagair na ceisteanna seo thíos.

  • Cé a cheap an Caighdeán Oifigiúil (an CO)?
  • Cén cuspóir a bhí leis?
  • Cén bhaint atá ag CO leis an Ghaeilge labhartha?

Mínigh an dá théarma seo:

  • Leagan caighdeánach
  • Leagan malartach

Tá script an fhíseáin le fáil in Scripteanna.
Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

An Caighdeán Oifigiúil: caidé atá ann?

Siuán Ní Mhaonaigh agus Antain Mac Lochlainn ag cur síos ar na cuspóirí agus na conspóidí a bhaineann leis an Chaighdeán Oifigiúil.

Siuán Ní Mhaonaigh agus Antain Mac Lochlainn

Siuán: ‘An Caighdeán Oifigiúil’. Bíonn daoine ag caint faoi. Bíonn daoine eile ag tabhairt amach faoi. Caidé go díreach atá ann?

Antain: Well, tá leideadh1 san ainm, mar a déarfá. Is caighdeán atá ann don Ghaeilge scríofa i gcúrsaí oifigiúla – tuarascálacha, achtanna agus rudaí mar sin. Téacsanna oifigiúla. Agus an dream a cheap an Caighdeán Oifigiúil, is aistritheoirí iad i dTithe an Oireachtais. ‘Rannóg an Aistriúcháin’ a thugtar orthu. Agus bhí siad ag iarraidh sraith rialacha gramadaí le go mbeadh leanúnachas ina gcuid oibre, sna téacsanna a chuireann siad féin ar fáil. Agus chuir siad na moltaí sin i bhfoirm leabhair sna caogaidí. Leabhar beag, Gramadach na Gaeilge agus Litriú na Gaeilge: an Caighdeán Oifigiúil. So, sin go bunúsach an rud atá sa Chaighdeán Oifigiúil.

Siuán: Cad chuige ar measadh gá a bheith leis?

Antain: Is dóiche, ceann is go bhfuil an Ghaeilge roinnte i gcanúintí agus go bhfuil bearna mhór idir cuid de na canúintí sin. Rud chomh bunúsach le, abairt mar seo, cuir i gcás: I made a house for myself or I built myself a house. Is é an rud a déarfadh an tUltach, ‘Rinn’ mé teach domh fhéin.’ Agus is é an rud a déarfadh an Muimhneach ná ‘Do dheineas tig dhom féinig.’ Agus má chuireann tú an dá rud sin i gcomparáid le chéile – ‘Rinn’ mé teach domh fhéin’ agus ‘Do dheineas tig dhom féinig’ – tá difear mór idir na habairtí sin.

Agus bhí daoine ag amharc air seo agus ag ráit leo féin, ‘Má tá an teangaidh seo le húsáid sa chóras oideachais, go náisiúnta. Má tá sé le húsáid sa státchóras, tá gá le cineál, leanúnachas agus le, cineál caighdeán scríofa. Agus sin pointe tábhachtach gur caighdeán scríofa atá ann. Níl caighdeán ar bith ann fá choinne na Gaeilge labhartha. Agus má deir duine leat go bhfuil tú ag caint go míchaighdeánach, níl bunús ar bith leis sin, mar níl a leithéid de rud ann agus caighdeán labhartha.

Siuán: Cad chuige a mbíonn daoine míshásta faoin Chaighdeán, do bharúil?

Antain: Is dóiche go mbíonn míthuiscintí ann. Is dóigh le daoine go bhfuil an Caighdeán, cineál, ag caitheamh anuas, go bhfuil sé ag déanamh beag is fiú de chaint na Gaeltachta. Agus ní dóigh liom go raibh sé sin i gceist ag na daoine a cheap an Caighdeán. Cuid mhór de na daoine a cheap an Caighdeán, ba as an Ghaeltacht iad. Ach sin an chuma atá air, ceann is go bhfuil stádas ag baint leis an Chaighdeán. Má tá tú ag iarraidh post a bhaint amach i saol na Gaeilge, mar shampla, go minic, ní leor duit Gaeilge na Gaeltachta a bheith agat. Caithfidh tú eolas a chur ar an Chaighdeán Oifigiúil seo. Agus, b’fhéidir go gcuireann sin isteach ar dhaoine. Síleann siad go ndéanann sé cineál ‘díluacháil’ ar Ghaeilge na Gaeltachta.

Agus chomh maith leis sin, nuair a ceapadh an Caighdeán, bhí sé le húsáid i dtéacsanna oifigiúla. Ach tá sé i ndiaidh leathnú amach rud beag. Agus sílim go dtéann daoine thar fóir, go minic, ag iarraidh an Caighdeán a chur i bhfeidhm ar gach uile rud. Fógra beag a bheadh le crochadh i siopa, mar shampla, bheadh siad ag iarraidh é a bheith caighdeánach. Agus, bileoga aifrinn agus téacsanna litríochta, fiú amháin – bíonn daoine ag iarraidh iad sin a bheith caighdeánach. Agus ní chuige sin a ceapadh an Caighdeán Oifigiúil. Agus is dóigh liom go gcuireann sin isteach ar dhaoine, rud beag.

Siuán: Agus bíonn daoine eile fríd a chéile – cé acu focal atá ceart. Mada nó madra nó madadh? Caidé is cúis leis sin?

Antain: Well, an rud atá ansin – Rannóg an Aistriúcháin, rinne siad cuid mhór oibre mar gheall ar rialacha gramadaí, ach ní dhearna siad mórán faoi stór focal na Gaeilge. Agus fágadh an obair sin faoi fhear as an áit seo, as Gaeltacht Thír Chonaill – Niall Ó Dónaill as Loch an Iúir, a bhí ina eagarthóir ar Foclóir Gaeilge–Béarla, a foilsíodh sna seachtóidí.

Agus bhí an obair a bhí le déanamh ag Niall… ná focal caighdeánach amháin a phiocadh amach áit a bhfuil níos mó ná leagan amháin den fhocal ann. Mar sin de, an sampla sin a bhí agat, ‘madra’. Tá ‘madra’ i bpáirteanna den tír. Tá ‘madadh’ i nDún na nGall. Tá ‘mada’ i gConnachta. Agus b’éigean dó2 ceann amháin acu sin a roghnú mar ‘leagan caighdeánach’. Agus ‘madra’ a roghnaigh sé, sa chás áirithe seo. Ach ní raibh sé ag iarraidh a thabhairt le fios go bhfuil ‘madadh’ mícheart, ná ‘mada’ mícheart. An rud a rinne sé, tá siad istigh san fhoclóir mar ‘leaganacha malartacha’. Agus is é an chiall atá leis sin, go bhfuil siad ceart, go dtig leat iad a úsáid ach b’fhearr duit ‘madra’ a úsáid más téacs caighdeánach atá á scríobh agat. Má tá daoine ag súil leat a bheith caighdeánach, b’fhearr duit ‘madra’ a úsáid.

Agus an dóigh ar léirigh sé sin san fhoclóir – má théann tú go dtí ‘madadh’, mar shampla, chífidh tú go bhfuil comhartha beag comhionannais nó equals sign ag dul i dtreo ‘madra.’ Agus is é an treoir atá ansin ná gurb é ‘madra’ an rud caighdeánach agus go bhfuil ‘madadh’ ina leagan malartach. Ach ní hionann sin agus a rá go bhfuil sé mícheart ar bhealach ar bith. Ní hé sin an rud a bhí sé ag iarraidh a thabhairt le fios.

  1. leideadh… Is é ‘leid’ an leagan caighdeánach. Is leagan malartach é ‘leideadh’ – sampla maith den rud atá i gceist san agallamh seo.
  2. b’éigean dó… Cé go bhfuil síneadh fada ar an chéad siolla den focal ‘éigean’, fuaimnítear gairid é: ‘b’eigean dó.’
  1. Cé a cheap an Caighdeán Oifigiúil (an CO)?
    Rannóg an Aistriúcháin, an fhoireann aistritheoirí a chuireann seirbhísí aistriúcháin ar fáil do Thithe an Oireachtais.
  2. Cén cuspóir a bhí leis?
    Sraith rialacha a chur ar fáil le go mbeadh foirmeacha gramadaí caighdeánacha sa teanga scríofa.
  3. Cén bhaint atá ag CO leis an Ghaeilge labhartha?
    Níl caighdeán ann fá choinne na teanga labhartha ná fá choinne chóras fuaimeanna na Gaeilge.
  4. Mínigh an dá théarma seo:
      1. Leagan caighdeánach: An príomhleagan a thugtar in Foclóir Gaeilge–Béarla. Seo an leagan ba cheart a úsáid i gcás téacsanna oifigiúla a scríobhtar de réir an CO.
      2. Leagan malartach: Leagan eile den fhocal atá le fáil i gcanúint faoi leith. Tá lánchead na leaganacha seo a úsáid i dtéacs ar bith nach gcaithfear a scríobh de réir an CO.