Céim Ar Aghaidh

Mír 5

Cúinne na héigse: cumadh na filíochta

Ar ball beag, beidh tú ag amharc ar fhíseán ina labhraíonn Caitlín Nic Íomhair, file, faoi chumadh na filíochta agus mar a thig dánta chuici. Sula n-amharcfaidh tú ar an fhíseán, tabhair faoin dá thasc thíos.

Tasc 1

Cuir Béarla ar na habairtí seo a deir Caitlín le linn an agallaimh.

  1. Tá sé diamhair go leor, mar eispéireas.
  2. Sin an rud a bhíogann thú.
  3. Rud a rá go lom.
  4. Imeoidh sé le sruth.
  5. Gach uile rud a chaitheamh i dtraipisí.
  6. Is geall le hiarracht fhoirfe gach píosa a scríobhann siad.
  7. Tá an baol ann go mbeidh tú róbheadaí.
  8. Ag útamáil barraíocht le focail.

Tasc 2

Luann Caitlín na rudaí seo a leanas le linn an agallaimh. Caidé go díreach atá i gceist leo?

  1. Meisce na ngrást
  2. Geit na filíochta
  3. Promhadh pinn
  4. Timchaint
  5. Samhail

Amharc ar an fhíseán ansin go gcluinfidh tú na focail agus na frásaí i gcomhthéacs.

Tá script an fhíseáin le fáil in Scripteanna.
Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

Cumadh na filíochta

Caitlín Nic Íomhair, file, ag cur síos ar chumadh na filíochta agus mar a thagann dánta chuici.

Caitlín Nic Íomhair

Tá sé diamhair go leor, mar eispéireas. Well, tá dhá ghné ann, is dóigh. Ag an tús, tá an inspioráid. Agus, nuair a thagann an inspioráid, bíonn tú – sin an píosa atá pléisiúrtha. Tugann Biddy Jenkinson ‘meisce na ngrást’ air. Agus bíonn Seán Ó Ríordáin ag caint faoi ‘gheit’. So, ‘geit na filíochta.’ Sin an rud a bhíogann tú agus a mhúsclaíonn tú.1 Níl smacht agat air sin. Tarlaíonn sé nuair a tharlaíonn sé. Tiocfaidh sé nuair a thiocfaidh sé. Ní thig leat é a mhealladh chugat. Tá promhadh pinn ann, agus tá sé sin an-tábhachtach. Sin an obair a dhéanann tú roimh ré chun do scileanna teanga a fhorbairt nó chun tuiscint a bheith agat ar mheadarachtaí agus ar, b’fhéidir…timchaint agus bealaí le rudaí a chur in iúl seachas rud a rá go lom.

Ach an inspioráid féin, ní dóigh liom gur asatsa a thagann sé. Is dócha gur rud, a bhuaileann tú san éadan, ar shlí. Tá sé sin an-phléisiúrtha. Go hiondúil, domhsa, tarlaíonn sé nuair atá mé amuigh ag siúl. Nuair atá an corp ag déanamh rud éigin agus an cloigeann ar shiúl, ag déanamh rud éigin eile. Agus caithfidh tú, tá sé tugtha faoi deara agam, go gcaithfidh tú an deis a thapú nuair a thagann sé. So, má thosaíonn tú… Má thagann smaoineamh nó samhail nó líne chugat, agus mura nglacann tú leis an deis sin, imeoidh sé le sruth. Agus ní bheidh fágtha ach cineál, mar a bheadh sceitse nó rud éigin ann. So, tá sé an-tábhachtach cloí leis an rud a thagann chugat agus gach uile rud a chaitheamh i dtraipisí agus a rá: No, tá mé chun seo a dhéanamh anois.’

An dara gné ná an eagarthóireacht. Agus tá sé sin pianmhar agus fada agus ní bhíonn críoch ar bith leis. Agus is scil faoi leith é sin. Tá an baol ann go ndéanfaidh tú barraíocht de. Tá an baol ann nach ndéanfaidh tú go leor de. Tá go leor leor filí agus is geall le… iarracht fhoirfe gach píosa a scríobhann siad. Agus ní thuigfidh siad riamh an locht agus an saothrú atá de dhíth.

So, sin ceann de na deacrachtaí, cineál, a bhaineas le heagarthóireacht a dhéanamh ar shaothar daoine eile. Gan amhras, ní maith le duine ar bith go bhfaightear locht ar rud a scríobh siad. You know, is cineál, tugann Biddy Jenkinson post-natal glowpost-natal halo – rud éigin mar sin – ar an dóigh a mbreathnaíonn tú ar rud úr a scríobh tú. Bíonn tú faoi dhraíocht aige.

Ansin tá an dara, sórt, baol ann, go mbeidh tú róghéar. You know, go mbeidh tú róbheadaí. Agus go maróidh tú an rud atá beo ann toisc gur phioc tú, toisc go raibh tú ag útamáil barraíocht le focail. So, tá an taobh sin an-deacair agus tagann sé le filíocht mhaith a léamh. Agus le bheith dian ort féin, is dóigh, ar bhealach criticiúil agus ar bhealach mothalach2 chomh maith. ‘An bhfuil sé seo ionraic? An bhfuil sé ag teacht ón chroí? Nó an bhfuil tú, go díreach, ag iarraidh a bheith glic?’

Sin an bhuncheist.

  1. a bhíogann tú agus a mhúsclaíonn tú… Is cuspóir atá san fhorainm ‘tú’ san abairt seo. Dá bhrí sin, bheifeá ag súil le ‘a bhíogann thú agus a mhúsclaíonn thú.’ Bíodh sin mar atá, úsáidtear an dá fhoirm sa ghnáthchaint, mar a mhínigh Dónall Ó Baoill in An Teanga Bheo: Gaeilge Uladh (ITÉ, 1996): ‘Bíonn malartú go minic idir /thú nuair is cuspóir abairte iad.’ Tugann sé na samplaí ‘Chonaic na páistí tú/thú’ agus ‘Má chuireann sé tusa/thusa chun an tsiopa, ná gabh.’
  2. ar bhealach mothalach… Is ionann seo agus ‘ar bhealach mothúchánach’ nó ‘ó thaobh na mothúchán de’.

Tasc 1

  1. Tá sé diamhair go leor, mar eispéireas. / It’s quite a mysterious process.
    Tabhair faoi deara mar a úsáidtear an focal ‘mar’ in abairtí mar seo: ‘Duine suaimhneach atá ann, mar Mhánas.’
  2. Sin an rud a bhíogann thú. / That’s what stirs/energises you.
  3. Rud a rá go lom. / To say something plainly.
  4. Imeoidh sé le sruth. / It will be lost/wasted.
  5. Gach uile rud a chaitheamh i dtraipisí. / To throw everything to one side.
  6. Is geall le hiarracht fhoirfe gach píosa a scríobhann siad. / It’s as if every piece they write is a perfect effort.
    Is frása iontach úsáideach ‘is geall le’: ‘Is geall le sos malairt oibre.’
  7. Tá an baol ann go mbeidh tú róbheadaí. / There’s a danger that you’ll be too choosy.
  8. Ag útamáil barraíocht le focail. / Mucking about too much with words.

Tasc 2

  1. Meisce na ngrást: sin an t-ainm a thugann Biddy Jenkinson, file, ar an uair a thig inspioráid chuig an scríbhneoir. Chuir Biddy casadh i gciall an natha seo; ciallaíonn sé ‘caoch ólta’ de ghnáth.
  2. Geit na filíochta: sin an t-ainm a thug Seán Ó Ríordáin, file, ar an uair a thig inspioráid chuig an fhile.
  3. Promhadh pinn: cleachtadh scríbhneoireachta.
  4. Timchaint: bealach le rud inteacht a rá go hindíreach.
  5. Samhail: íomhá nó focal a chuireann rud eile in iúl.