Céim Ar Aghaidh

Mír 3

Bain triail as

Deir Máire gur ghnách léi a bheith iontach neirbhíseach nuair a thosaigh sí a aisteoireacht. Deir sí go mbíodh sí ‘ar crith’, fiú amháin.

Dar ndóigh, is gnách go mbíonn séimhiú i ndiaidh an réamhfhocail ‘ar’. Is eisceacht air sin leithéidí ‘ar crith’ – frásaí a chuireann staid nó suíomh ginearálta in iúl.

Staid

Seo dornán samplaí a bhfuil staid i gceist iontu:

  • Tá teach ar cíos againn i lár an bhaile.
  • Bhí an bia gann nuair a bhí an cogadh ar siúl.
  • Beidh mo mhuintir ar mire

Corruair, bíonn difear céille ag brath ar an tséimhiú:

  • Bhí cluiche ar dóigh ann (cluiche fíormhaith).
  • Déanfar an obair ar dhóighar dhóigh eile (ar bhealach amháin nó ar bhealach eile).
  • Is fada an lá an clár teilifíse sin ar siúl (tá an clár sin ann le fada an lá).
  • Is fada an lá Dónall ar shiúl (tá Dónall imithe le fada an lá).

Suíomh ginearálta

Seo dornán samplaí a bhfuil suíomh ginearálta i gceist iontu, is é sin tá suíomh i gceist cé nach ndeirtear go hiontach beacht cá bhfuil seo nó siúd.

  • Ní bhfaighfeá duine ní b’fhearr ar muirar tír.
  • An fíon is fearr ar deireadh (ar an rud deireanach ar fad).
  • Cliceáil an nasc ar thaobh na láimhe deise, ar barr.

Bíonn séimhiú ar fhrásaí den chineál sin má cháilítear iad, is é sin má chuirtear aidiacht nó ainmfhocal leo le tuilleadh eolais a sholáthar ina dtaobh:

  • Is doiligh teach a fháil ar chíos íseal.
  • Séidfidh sé ina ghála aniar nó aniar aduaidh ar chósta na hÉireann agus ar Mhuir Éireann.
  • Mise a bhí ar dheireadh an teaghlaigh.
  • Chuaigh an bád go tóin agus fágadh Proinsias ar bharr na farraige.

Tá dornán beag eisceachtaí ar an riail sin ann. Cuir i gcás, tá aidiacht sa fhrása ‘ar ball beag’ ach ní chuirtear séimhiú ar an chéad fhocal. Tá cúis mhaith leis sin, nó b’fhéidir go mbainfeadh daoine ciall eile as ‘ar bhall beag’ (on a small part?) Dá ndéarfá ‘ar thír mhór’ b’fhéidir go sílfeadh daoine go bhfuil tír mhór faoi leith i gceist agat seachas on the mainland. Sampla den chineál chéanna atá in ‘ar bord loinge’.

Nod don eolach

San áit a bhfuil an réamhfhocal ‘ar’ inniu, bhí dornán réamhfhocal sa tSean-Ghaeilge. Ina measc bhí ‘ar’ (a mbíodh séimhiú ina dhiaidh) agus ‘for’ nó ‘or’ (nach mbíodh séimhiú ina dhiaidh). Is ‘for’ nó ‘or’ a bheadh i gceist i bhfrásaí Nua-Ghaeilge mar ‘ar crith’ agus ‘ar díol’.  

Cleachtadh

Chífidh muid anois an dtig leat na rialacha a bhaineann leis an ghné seo den ghramadach a chur i bhfeidhm.

  • Léigh na habairtí 1–10.
  • Má shíleann tú an abairt a bheith mícheart ó thaobh an tséimhithe de, ceartaigh an botún.
  1. Fuair mé post sa Roinn, ar conradh sealadach.
  2. Caithfidh tú teacht ar cuairt chugainn, am inteacht.
  3. Ní ar meisce a bhí siad, ach ar dheargmheisce.
  4. Is cosúil go bhfuil Máiréad ar saoire mháithreachais.
  5. Bíonn an mhuintir óg seo ag tiomáint ar cosa in airde.
  6. Ceannaigh cúpla ceann más ar shladmhargadh atá siad.
  7. Cuireadh an jab amach ar tairiscint.
  8. Scríobh sé cuntas ar an am a chaith sé ar dualgas sa Mheánoirthear.
  9. Gach ceart ar chosaint; ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh.
  10. Tá an fíon seo ar fheabhas.

Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

  1. Fuair mé post sa Roinn, ar conradh sealadach.
    Mícheart: ‘ar chonradh sealadach’ ba cheart a bheith ann, toisc go bhfuil ‘ar conradh’ cáilithe ag an aidiacht ‘sealadach.’
  2. Caithfidh tú teacht ar cuairt chugainn, am inteacht.
    Ceart
  3. Ní ar meisce a bhí siad, ach ar dheargmheisce.
    Mícheart. B’fhéidir go sílfeadh daoine go bhfuil an focal ‘meisce’ cáilithe ag an réimír ‘dearg’ ach ní leor sin leis na gnáthrialacha a athrú: ‘ar deargmhire’, ‘ar gnáthluas’, ‘ar dúmheisce’.
  4. Is cosúil go bhfuil Máiréad ar saoire mháithreachais.
    Mícheart: ‘ar shaoire mháithreachais’ ba cheart a bheith ann, toisc go bhfuil ‘saoire’ cáilithe ag an ainmfhocal ‘máithreachas’.
  5. Bíonn an mhuintir óg seo ag tiomáint ar cosa in airde.
    Ceart
  6. Ceannaigh cúpla ceann más ar shladmhargadh atá siad.
    Mícheart: ‘ar sladmhargadh’ ba cheart a bheith ann.
  7. Cuireadh an jab amach ar tairiscint.
    Ceart
  8. Scríobh sé cuntas ar an am a chaith sé ar dualgas sa Mheánoirthear.
    Ceart
  9. Gach ceart ar chosaint; ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh.
    Mícheart: ‘ar cosaint’ ba cheart a bheith ann.
  10. Tá an fíon seo ar fheabhas.
    Ceart. Eisceacht ar rialacha an tséimhithe atá ann.