Céim Ar Aghaidh

Mír 9

Cúinne na héigse: scéalta Thoraí

Is iomaí leabhar a scríobhadh faoi sheanchas agus faoi bhunadh Thoraí. Ina measc tá Toraigh na dTonn le hEoghan Ó Colm, ar fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht atheagrán de sa bhliain 1995. Ach, mar a insíonn Pádraig Ó Cearbhaill dúinn san fhíseán, níor scríobh duine ar bith de bhunadh Thoraí féin cuntas ar shaol an oileáin. Chuir Pádraig an scéal sin ina cheart lena leabhar dátheangach féin, Na Laetha a Bhí/Those Were the Days. Níor foilsíodh ach dornán beag cóipeanna ach thig leat éisteacht anois le ceann de na scéalta sa leabhar, á léamh ag Aodán Ó Cearbhaill, mac Phádraig.

Níl a dhath le déanamh agat an t-am seo ach cluas le héisteacht a thabhairt don scéal.

Tá script an fhíseáin le fáil in Scripteanna.

Na Laetha a Bhí

Pádraig Ó Cearbhaill agus a mhac féin, Aodán, ag caint faoin chuntas a scríobh Pádraig ar shaol agus ar sheanchas Thoraí.

Aodán Ó Cearbhaill & Pádraig Ó Cearbhaill

Aodán: Tá leabhar anseo os ár gcoinne. Agus Na Laetha a Bhí an t-ainm atá ar an leabhar seo. Tú féin a scríobh é. Caidé a spreag thú an leabhar seo a scríobh?

Pádraig: Well, tá léar mór leabharthaí scríbhte1 ar Thoraigh, but char scríobh aon duine ariamh as Toraigh leabhar. Agus smaointigh mé go mbeadh sé maith dá mbeadh… An rud a scríobhann strainséirí,2 níl acu ach an rud a inseochas daoine3 daofa. Agus, leath an ama, is é bréaga atáthar á n-inse4 daofa. So, smaointigh mé go scríobhfainn…

Ní raibh sé le bheith ina leabhar le díol ná a dhath mar sin. Rinne mé ceann don teaghlach. Fuair mé ochtar – bhí ochtar de theaghlach agam. Agus rinne mé ceann, leabhar d’achan duine. Agus nuair a tháinig daoine ar an leabhar, bhí… chuir siad suim inti agus ba mhaith leo ceann a bheith acu. Agus sin an tuige.5

Tá stair an oileáin, stair taobh amháin den oileán, atá ann. Stair an oileáin agus na carachtéirí a bhí ar an oileán agus dá réir sin.

Aodán: Do chuimhní féin?

Pádraig: Mo chuimhní féin.

Aodán: Is é. Ar chóir dúinn giota, sliocht beag a léamh aisti?6

Pádraig: Well, má tú ag iarraidh, thiocfadh leat.

Aodán (ag léamh): Is cuimhneach7 liom an chéad lá riamh a d’imigh mé go hAlbain. Chaoin John agus William le cumhaidh i mo dhiaidh. Bhí iomrá mór ar John as an damhsa sínte a dhéanfadh sé – Maggie Pickie,8 ina dhóigh féin.

Am eile, bhí William amuigh ar tír mór ag fáil lód mónadh. San am sin, bheadh ar mhuintir Thoraí a gcuid mónadh a thabhairt isteach ó Chnoc Fola. Ní raibh teach leanna ar bith ar an oileán san am agus, mar gheall air sin, go minic nuair a théadh daoine amach fá choinne mónadh, bheadh buidéal uisce beatha ar ais leo, chomh maith le loaf aráin mar nach raibh loafannaí ar bith le fáil ar an oileán ach an oiread.

An lá seo, bhí William i ndiaidh theacht ar ais as tír mór le lód mónadh agus a bhuidéal uisce beatha leis ina phóca. Nuair a bhí an mhóin uilig amuigh, thit an buidéal as a phóca agus rinneadh míle píosa de ar an ché. Ba seo tubaiste mhillteanach mar go raibh uisce beatha chomh gann agus a bhí sé agus é i ndiaidh é a thabhairt rith an bhealaigh isteach ón tír mór.

Fuair William dóigh air. Rinne sé dhá leath den loaf agus chuimil sé isteach san uisce beatha é a bhí doirte. Bhí grabhar mónadh agus gloine briste i measc an uisce beatha. D’ith sé an loaf uilig ar an ché sula ndeachaigh sé ’na bhaile. Bhí ar chúpla fear é a thógáil nuair a bhí an loaf ite aige agus é a iompar ’na bhaile.

Ní bheadh oileánach ar bith fágtha folamh. Gheobhadh siad dóigh amach as achan rud.

Nach ceart William John!

  1. scríbhte… Leagan malartach de ‘scríofa’. Tá an leagan seo iontach coitianta i nGaeilge Thír Chonaill.
  2. strainséirí… Tá an dá bhrí le ‘strainséir’ (1) duine nach mbeadh aithne agat air/uirthi nó (2) duine nach de bhunadh na háite é.
  3. an rud a inseochas daoine… Sampla eile d’fhoirm choibhneasta an bhriathair. Tabhair faoi deara fosta an siolla breise atá curtha leis an bhriathar ‘inis’.
  4. is é bréaga atáthar á n-inse… Sa ghnáthchaint i nGaeltacht Thír Chonaill, is minic a úsáidtear ‘is é’ le treise a chur leis an eolas atá ag teacht ar ball. Ní chomhlíontar na gnáthrialacha a bhaineann le huimhir ná le hinscne an fhorainm.
  5. Agus sin an tuige. Tá an bhrí chéanna le ‘tuige’ agus atá le focail mar ‘cúis’ nó ‘fáth’. Fuaimnítear é amhail is gur ‘tuí’ a bheadh ann.
  6. sliocht beag a léamh aisti. Glacann ‘leabhar’ forainm baininscneach i nGaeilge Thír Chonaill. Ní amháin sin, ach is ainmfhocal baininscneach amach is amach atá ann: ‘leabhar bheag agus leabhar mhór’.
  7. Is cuimhneach liom… Is ionann é seo agus ‘is cuimhin liom’. Ní fhuaimnítear an siolla deireanach, sa dóigh is go sílfeá gur ‘Ní cuimhne liom’ atá á rá.
  8. Maggie Pickie… seandamhsa.