Céim Ar Aghaidh

Mír 8

I ngleic leis an ghramadach: an clásal coibhneasta indíreach

In Aonad 1, rinneadh plé ar an chlásal choibhneasta dhíreach. Coibhneas díreach a bhíonn i gceist nuair a cheanglaítear abairtí le chéile ar an dóigh seo:

Tá aithne agam ar dhaoine + Cónaíonn siad sa Spáinn = Tá aithne agam ar dhaoine a chónaíonn sa Spáinn.

Sa chás sin, bhí forainm (‘siad’) sa dara habairt ag tagairt go díreach don ainmní sa chéad abairt (‘daoine’). Is mír choibhneasta dhíreach a úsáidtear ina leithéid de chás. Ach caidé a tharlaíonn más tagairt indíreach atá ann, mar atá sna samplaí thíos?

  1. Tá aithne agam ar dhaoine + Cónaíonn a gcuid páistí sa Spáinn = Tá aithne agam ar dhaoine a gcónaíonn a gcuid páistí sa Spáinn.

    Sa chás sin, ní hiad ‘na daoine’ a chónaíonn sa Spáinn, ach dream a bhfuil baint indíreach acu leo, a gcuid páistí. Caithfear mír choibhneasta indíreach a úsáid, mar sin.

  2. Tá aithne agam ar dhaoine + Tá teach saoire acu sa Spáinn = Tá aithne agam ar dhaoine a bhfuil teach saoire acu sa Spáinn.

    Sa chás sin, is forainm réamhfhoclach (‘acu’) atá ag tagairt siar don ainmní (‘daoine’). Caithfear mír choibhneasta indíreach a úsáid.

    Bheadh an scéal mar an gcéanna dá mbeadh forainm réamhfhoclach ar bith eile ann, mar shampla: Tá aithne agam ar dhaoine a bhfuil teach saoire sa Spáinn de dhíth orthu.

  3. Tá aithne agam ar dhaoine + D’fhostaigh Rialtas na Spáinne iad = Tá aithne agam ar dhaoine ar fhostaigh Rialtas na Spáinne iad.

    Sa chás sin, tá an forainm ‘iad’ ina chuspóir ag an bhriathar ‘fostaigh’. Ina leithéid de chás, is mír choibhneasta indíreach a úsáidtear.

    Níl an struchtúr sin coitianta i nGaeilge Uladh, ach bíonn sé úsáideach in amanna le débhríocht a sheachaint. Cuir i gcás, tá dhá bhrí le habairtí ar nós ‘Sin an fear a d’fhostaigh Síle’: That’s the man who employed SíleThat’s the man Síle employed. Ach má deirtear ‘Sin an fear ar fhostaigh Síle é’ is léir gur Síle a thug an post dósan.

Seo na míreanna a úsáidtear nuair is coibhneas indíreach atá i gceist:

Abairtí dearfacha Abairtí diúltacha

A (+urú)

Úsáidtear é in abairtí dearfacha in achan aimsir ach amháin an aimsir chaite. Agus fiú amháin san aimsir chaite, úsáidtear a leis na briathra neamhrialta seo: bhí, chonaic, chuaigh, fuair, rinne.

  • Duine a gcuirim scairt air anois is arís.
  • a mbeidh caint air go ceann i bhfad eile.
  • Tíortha a dtabharfainn cuairt orthu dá mbeadh an t-airgead agam.
  • Bean a ndeachaigh a clann go léir go Meiriceá.

Nach (+ urú)

Úsáidtear é in abairtí diúltacha in achan aimsir ach amháin an aimsir chaite. Agus fiú amháin san aimsir chaite, úsáidtear nach leis na briathra neamhrialta seo: bhí, chonaic, chuaigh, fuair, rinne.

  • Duine nach gcuirim scairt air in am ar bith.
  • nach mbeidh caint ar bith air.
  • Tíortha nach dtabharfainn cuairt orthu fiú dá mbeadh an t-airgead agam.
  • Bean nach ndeachaigh duine ar bith dá clann go Meiriceá.

Ar (+ séimhiú)

Úsáidtear é in abairtí dearfacha san aimsir chaite.

  • Teach ar chaith mé laethanta m’óige ann.
  • Cuairteoir ar chuir muid fáilte roimhe.
  • An dream ar ghlac mé trua dóibh.

Nár (+ séimhiú)

Úsáidtear é in abairtí diúltacha san aimsir chaite.

  • Teach nár chaith mé am ar bith ann.
  • Cuairteoir nár chuir muid fáilte roimhe.
  • An dream nár ghlac mé trua dóibh.

Is í an fhoirm spleách den bhriathar a úsáidtear i ndiaidh na míreanna coibhneasta indíreacha ‘a’ agus ‘nach’. Is é atá inti foirm speisialta de na briathra neamhrialta ‘bí’, ‘déan’ ‘faigh’, ‘feic’ agus ‘téigh’. Tugtar ‘foirm spleách’ uirthi mar ní bhíonn sí ann ach amháin i ndiaidh ceisteanna, míreanna diúltacha, míreanna coibhneasta indíreacha nó i gcaint indíreach.

Ceisteanna: An bhfuair tú na ticéid sin domh?
Míreanna diúltacha: Ní bhfuair.

Míreanna coibhneasta indíreacha: Grúpa ceoil a bhfuil a n-ainm in airde.
Caint indíreach: Is cosúil go bhfuil a n-ainm in airde.

Ní chuirtear tús le habairt le ‘bhfuair’ nó ‘bhfuil’ in am ar bith gan ceann de na míreanna sin a bheith ann.