Céim Ar Aghaidh

Mír 1

Cluas le héisteacht

Ar ball beag, beidh tú ag éisteacht le beirt ag caint faoina gcuid oibre i ngort na Gaeilge:

  1. Máire Uí Rabhartaigh, as Dún Lúiche, Co. Dhún na nGall, ag cur síos ar shaol an aisteora.
  2. Antaine Ó Donnaile, as Ard Mhacha, ag caint faoina chuid oibre sna meáin Ghaeilge.

Sula n-amharcfaidh tú ar an fhíseán Saol na hOibre, léigh na focail agus na frásaí thíos.

  1. Bhí mise iontach neirbhíseach ar dtús.
  2. Déanann tú dearmad go bhfuil na ceamaraí ann.
  3. Tá tú ag cur amú
  4. Éiríonn tú cleachta leis.
  5. Thiocfadh leat laethanta fada a bheith agat.
  6. Dhéanfá gnó gan é.
  7. Bhuel, ní thiocfadh liomsa smaoineamh ar phost níos fearr.
  8. Saor in aisce

Is mar sin a bheadh na leaganacha sa Ghaeilge chaighdeánach, ach ní mar sin a deir Máire agus Antaine iad.

  • Caidé mar a deirtear na leaganacha 1–8 i nGaeilge Uladh? Sula n-amharcfaidh tú ar an fhíseán, scríobh síos an rud a deirtear i gCúige Uladh, dar leat.
  • Éist le Máire agus Antaine ansin. An raibh an ceart agat maidir leis na leaganacha Ultacha?

Tá script an fhíseáin le fáil in Scripteanna.
Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí

Saol na hoibre

Saol na hoibre á phlé ag Máire Uí Rabhartaigh & Antaine Ó Donnaile.

Máire Uí Rabhartaigh

Anois, mar a dúirt mé, tá dúil mhór agam san aisteoireacht. Ach, amannaí, tá sé1 deacair. Anois, bhí mise iontach neirbhíseach ar tús, nuair a thoisigh mé. Bhí a fhios agam go raibh na ceamaraí ansin agus bheadh crith i mo ghlór. Bhínn ar crith. Ach anois, ghníonn tú dearmad go bhfuil na ceamaraí ann. Ach rudaí eile, b’fhéidir, atá le foghlaim agat, agus thiocfadh le rud chomh fada sin a bheith agat, le foghlaim. Agus b’fhéidir go bhfuil ceann eile atá rud beag cosúil leis. Agus nuair atá tú ag aisteoireacht, b’fhéidir go bhfuil tusa ag ráit an cheann chontráilte2 san áit chontráilte. Agus éiríonn tú iontach neirbhíseach fosta. Agus ní bhíonn siad iontach sásta leis sin. Tá tú ag cur amogh’ ama agus tá tú ag cur amogh’ airgid. Ach éiríonn tú cleachtaithe leis.

Caidé eile? Thiocfadh leat laetha fada a bheith agat. Ar an taobh eile, thiocfadh leat laetha gairide a bheith agat. Tá dhá thaobh ar an aisteoireacht. Tá dhá thaobh air. Taobh is maith leat agus, corruair eile, taobh a dhéanfá gnoithe gan é.

  1. tá sé deacair… Focal baininscneach atá in ‘aisteoireacht’ agus b’fhéidir go mbeifeá ag súil leis an fhorainm bhaininscneach ‘sí’. Is minic sa chaint a úsáidtear forainmneacha firinscneacha ag tagairt siar d’ainmfhocail bhaininscneacha atá luaite cheana féin. Scéal eile ar fad atá sa Ghaeilge scríofa, dar ndóigh – bheifí ag súil le hinscne an ainmfhocail agus inscne an fhorainm a bheith de réir a chéile.
  2. ag ráit an cheann chontráilte… Sa Ghaeilge scríofa, is dócha go mbeadh ‘ceann’ sa tuiseal ghinideach: ‘ag rá an chinn chontráilte’. Bíodh sin mar atá, ní gnách an focal ‘ceann’ a infhilleadh mar sin sa teanga labhartha.

Antaine Ó Donnaile

Bhuel, ní thiocfadh liomsa smaointiú ar phost níos fearr. Agus, mar a tharlaíonn sé, nuair a thoisigh mé ag obair in earnáil na craoltóireachta agus nuair a thoisigh mé ag fáil tuarastala1 ón BBC, bhí mé ag smaointiú… mhoithigh mé rud beag ciontach, mar bhí mé ag fáil airgid as rud a dhéanamh a bhí mé a dhéanamh le scór bliain roimhe sin, saor in aiscidh, ar mhaithe le pléisiúr. Ach anois, bhí mé, bhí tuarastal ar a shon.

Agus níor chaill mé sin, caithfidh mé a rá. Tá sin agam go fóill. Nuair a bhuaileann smaoineamh mé, nuair a bhím istigh sa seomra eagarthóireachta, agus nuair a oibríonn rudaí amach nó nuair a thagann, you know, focla agus pictiúirí agus ceol le chéile go deas. Tugann sé sásamh millteanach domh.

Agus ar a bharr sin fosta, caithfidh mé a admháil, is duine iontach faiteach, cúthail mé. Agus tugann an chraoltóireacht deis domh a bheith ag caint le daoine. Tugann sé cineál ‘fáth’ réasúnta le dul suas chuig daoine agus ceisteanna a chur orthu agus ní mhothaím go bhfuil mé ag cur isteach orthu an oiread sin. Mar tuigeann muid, caithfidh muid é seo a dhéanamh ar mhaithe leis an chlár. So, is maith liom sin. Dá mbeinn istigh i seomra gan microphone, bheinn rud beag níos faití ag plé le daoine.

Agus an post atá agam, thug sé deis domh an domhan a shiúl. Bhí mé san Afraic Theas, sa Rómáin, i Meiriceá, sa Rúis, sa Ghréig, sa Fhrainc, san Iodáil, sa Spáinn – ar fud na cruinne. Agus tugtar ‘obair’ air sin!

  1. ag fáil tuarastala… Is é an leagan caighdeánach, ‘ag fáil tuarastail’.

Seo iad na leaganacha Ultacha a d’úsáid Máire agus Antaine ina gcuid cainte.

  1. Bhí mise iontach neirbhíseach ar tús.
    Is gnách an ‘d’ a fhágáil ar lár.
  2. Ghníonn tú dearmad go bhfuil na ceamaraí ann
    Is leagan malartach é seo a bhfuil roinnt leaganacha de le fáil i nGaeilge Uladh. Thiocfadh ‘ghní tú dearmad’ a scríobh nó ‘ní tú dearmad’ nó fiú amháin ‘níonn tú dearmad.’ Is fearr le daoine áirithe ‘ghní’ a scríobh le nach sílfidh léitheoirí gurb é an briathar ‘nigh’ (glan) atá i gceist.
  3. Tá tú ag cur amogh’ ama
    Is gnách ‘cur amogha’ a scríobh. Sa chás seo, tá an dá ‘a’ ag rith isteach ina chéile.
  4. Éiríonn tú cleachtaithe leis
    Tá cúpla rud le míniú anseo. (1) Is é ‘cleachta’ an leagan caighdeánach, ach ‘cleachtaithe’ a deirtear i dTír Chonaill. (2) Is mar ‘í’ a fhuaimnítear an siolla deireanach –aithe. Bíonn an rud céanna ann i gcás briathra eile, mar shampla ‘ceannaithe’, ‘beannaithe’ agus ‘sáraithe’. Is mar seo a fhuaimnítear iad: ‘ceannaí’, ‘beannaí’ agus ‘sáraí’.
  5. Thiocfadh leat laetha fada a bheith agat.
    Tá an leagan malartach seo fíorchoitianta i nGaeilge Uladh.
  6. Dhéanfá gnoithe gan é.
    Is ionann ‘gnoithe’ agus ‘gnó’. Litrítear mar ‘gnaithe’ é fosta. Focal coitianta é a úsáidtear i bhfrásaí mar ‘fios gnoithe’ (eolas ar an dóigh le rudaí a dhéanamh) agus ‘déanamh gnoithe’ (oiread a dhéanfas cúis). Cé gur san uimhir iolra atá sé, is san uimhir uatha a bhíonn aidiachtaí ina dhiaidh: ‘ag déanamh gnoithe maith/gnoithe breá.’
  7. Bhuel, ní thiocfadh liomsa smaointiú ar phost níos fearr.
    Ní amháin go bhfuil ‘t’ le cluinstin agus fuaim ‘ú’ i ndeireadh an fhocail; is amhlaidh a bhíonn an ‘n’ iontach srónach ar fad, sa dóigh is go sílfeá gur ‘smaoitiú’ atá á rá ag daoine.
  8. Saor in aiscidh
    Is minic a bhíonn an fhuaim ‘í’ ann i ndeireadh focail den chineál chéanna, mar shampla ‘a thaiscidh’ seachas ‘a thaisce.’