Céim Ar Aghaidh

Mír 2

Deiseanna úsáide

Agus é ag caint ar pháistí a thógáil le Gaeilge, chuir Antaine Ó Donnaile i gcuimhne dúinn cé chomh doiligh agus a bhíonn sé do lucht na Gaeilge ‘snámh in aghaidh easa’ nuair is Béarla a bhíonn timpeall orthu ar fad. Caithfidh achan chainteoir Gaeilge bealaí a aimsiú leis an Ghaeilge a fhí isteach sa ghnáthshaol taobh amuigh den tseomra ranga.

Is gníomhaí teanga de bhunadh Bhaile Átha Cliath é Ciarán Ó Feinneadha, a scríobh liosta dar teideal ‘Dhá Scór Bealach le Gaeilge a Úsáid’. Tá na moltaí uilig le feiceáil ar fhíseán den teideal chéanna.

  • Seo thíos 8 rogha as na moltaí a rinne Ciarán.
  • Scríobh nótaí faoi do chuid nósanna féin maidir le hachan cheann acu. 
  • An bhfuil moltaí eile agat féin a chuidíonn leatsa an Ghaeilge a fhí isteach sa tsaol laethúil?
  1. Amharc ar chláracha teilifíse Gaeilge agus éist le cláracha raidió ar TG4, RTÉ Raidió na Gaeltachta, BBC Uladh, Raidió Feirste agus Raidió na Life.
    Cuir síos ar do nósanna féachana/éisteachta féin.
  2. Scríobh dialann Ghaeilge.
    An mbeadh fonn ort tabhairt faoi sin? Cad chuige? Má dhéanann tú cheana féin é, cuir síos air.
  3. Ballraíocht a bhaint amach in eagraíocht Ghaeilge, mar shampla Conradh na Gaeilge.
    An mbeadh fonn ort tabhairt faoi sin? Cad chuige? Má tá sé déanta agat cheana féin, cuir síos air.
  4. Léigh leabhair agus foilseacháin Ghaeilge.
    Cuir síos ar do nósanna léitheoireachta féin.
  5. Úsáid na meáin shóisialta (Facebook, Twitter srl.) trí Ghaeilge.
    An mbeadh fonn ort tabhairt faoi sin? Cad chuige? Má dhéanann tú cheana féin é, cuir síos air.
  6. Oiread agus a thig leat, déan do ghnó le hoifigí stáit agus le comhlachtaí príobháideacha trí Ghaeilge.
    An mbeadh fonn ort tabhairt faoi sin? Cad chuige? Má dhéanann tú cheana féin é, cuir síos air.
  7. Úsáid an leagan Gaeilge de d’ainm agus do shloinneadh.
    An mbeadh fonn ort tabhairt faoi sin? Cad chuige? Má tá sé déanta agat cheana féin, cuir síos air.
  8. Cuir imeachtaí Gaeilge ar siúl nó freastail ar imeachtaí atá ann cheana féin – ciorcal comhrá, club siúl sléibhe, cór, club leabhar srl.
    An mbeadh fonn ort tabhairt faoi sin? Cad chuige? Má dhéanann tú cheana féin é, cuir síos air.

Anois, scríobh nótaí faoi nósanna eile a chuidíonn leat an Ghaeilge a fhí isteach sa ghnáthshaol ó lá go lá.