Céim Ar Aghaidh

Mír 9

Gaeilge Uladh: canúint a fhaigheann cothrom na Féinne?

Ar ball beag, beidh tú ag amharc ar fhíseán ina labhraíonn Aodh Ó Gallchóir faoi dhearcadh daoine maidir le Gaeilge Uladh.

Sula n-amharcfaidh tú ar an fhíseán, léigh na ceisteanna thíos. Amharc ar an fhíseán ansin go gcluinfidh tú na ceisteanna á bhfreagairt ag Aodh.

  1. Deir Aodh go bhfuil ‘dearcadh diúltach’ ag daoine áirithe maidir le Gaeilge Uladh. Cén míniú atá aige air sin?
  2. Caidé an locht atá ag Aodh ar scoileanna dara leibhéal?
  3. Caidé a spreag Aodh le heolas níos fearr a chur ar rialacha gramadaí?
  4. Deir Aodh go bhfuil ‘rudaí i ndiaidh athrach go mór’ i dtaca leis na canúintí de. Caidé atá i gceist aige?

Tá script an fhíseáin le fáil in Scripteanna.
Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

Gaeilge Uladh agus canúintí eile

Aodh Ó Gallchóir ag caint ar dhearcadh daoine maidir le Gaeilge Uladh agus a dhearcadh féin maidir le ceist na gcanúintí.

Aodh Ó Gallchóir

Stádas Ghaeilge Dhún na nGall, mar sin. Níl amhras ar bith fá dtaobh de ná go bhfuil dearcadh diúltach ag daoine áirithe. Sílim féin gur easpa tuigbheála, nó, corruair, easpa Gaeilge, is cúis leis sin. Léar mór de na daoine seo a bhíonns ag gearán faoi Ghaeilge Uladh, nó fá chanúint ar bith i ndáiríre, daoine iad nach dtuigeann na canúintí eile cibé.

Anois, ní sin achan duine, agus tá ceisteanna eile le freagairt1 ansin. Sílim, sa chóras oideachais, go háirithe ag an darna leibhéal, b’fhéidir go bhfuil faillí á déanamh ansin, ceart go leor. Nach bhfaigheann daoine ionchur ceart teangaidh ó na canúintí éagsúla agus go mbíonn… Bíonn eagla orthu, go minic, cineál, roimh chanúintí agus mar sin de. Ach i ndáiríre, dá mba rud é gur fhoghlaim siad an teangaidh i gceart, ní shílim go mbeadh deacracht dá laghad acu.

Ansin, sílim, nuair a bhí mise ar an choláiste, is cuimhin liom go maith sa bhliain go raibh duine de na teagascóirí a bhí agam – bhí sí ag iarraidh orm ‘ar an mbus’ agus rudaí mar sin a ráit. Agus, ag an am sin, ní raibh mise ach ocht mbliana déag nó mar sin, agus ní raibh mé cinnte i ndáiríre an raibh an rud a bhí agamsa ó bhí mé i mo thachrán contráilte, mar sin. Nó an raibh an ceart aicise nó cibé caidé.

Ach is dóiche gur spreag sin mé fosta le dul agus rialacha a fhoghlaim agus mar sin de, sa dóigh is go mbeinn ábalta an fód a sheasamh agus go mbeinn ábalta, is dóiche, mo chanúint féin a choinneáilt agus a scríobh agus a labhairt ach, ag an am chéanna, go mbeinn ábalta mo chaighdeán féin sa teangaidh a ardú. Go mbeinn ábalta dul i ngleic le téacsanna agus le réimsí eile agus mar sin de.

Faoin am seo, ’bhfuil a fhios agat, téim chuig an Oireachtas. Tá cairde agam as na Gaeltachtaí éagsúla. Bíonn an magadh maith… Nuair a bhím ag an Oireachtas, bíonn deis agam dreas cainte a dhéanamh le daoine as achan chearn den tír. Cairde de mo chuid as áiteacha éagsúla agus mar sin de. Agus bíonn sé galánta ansin, chan amháin a bheith ábalta daoine a thuigbheáil ach craic a bheith agam le daoine. Ní amháin go dtig an chiall slán, ’bhfuil a fhios agat, sa chumarsáid, ach an chraic agus an greann agus na rudaí sin uilig.

Agus sílim go léiríonn sé sin, is dóiche, go bhfuil rudaí i ndiaidh athrach go mór. Go mbíonn daoine anois ag amharc ar TG4, go mbíonn siad ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta. Agus go bhfuil muid uilig i ndiaidh dul i dtaithí ar chanúintí eile. Níl eagla ar dhaoine níos mó roimh na canúintí seo. Agus tá níos mó measa á léiriú ag daoine ar chanúintí a chéile. Sílim go dtuigeann muid uilig anois na buaidheannaí2 a bhaineann leis an tsaibhreas sna canúintí éagsúla sin. Bainim féin an, an-sult, caithfidh mé a ráit, as aithne a chur ar dhaoine as áiteacha eile, focla a fhoghlaim uathu agus na rudaí sin uilig.

Sílim gur sin an dearcadh ceart. Agus sin an dearcadh atá le sonrú, den chuid is mó, sílim, ó mo thaithí féin.    

  1. freagairt… Is ‘freaghairt’ a deir Aodh. Is minic a shéimhítear ‘g’ i lár focail, mar shampla sagart > saghart.
  2. buaidheannaí… Ní ‘bua’ a deirtear i dTír Chonaill, ach ‘buaidh’.
  1. Deir Aodh go bhfuil ‘dearcadh diúltach’ ag daoine áirithe maidir le Gaeilge Uladh. Cén míniú atá aige air sin?
    Easpa tuigbheála agus easpa Gaeilge. Dá mbeadh an Ghaeilge acu mar is ceart, ní bheadh deacracht ar bith acu canúintí eile a thuigbheáil.
  1. Caidé an locht atá Aodh ar scoileanna dara leibhéal?
    Tá barúil ag Aodh nach gcuirtear daltaí dara leibhéal i dteagmháil le réimse leathan canúintí. Caithfear feabhas a chur ar an ‘ionchur teanga’ sna scoileanna.
  1. Caidé a spreag Aodh le heolas níos fearr a chur ar rialacha gramadaí?
    Sa chéad bhliain ollscoile, bhíothas ag iarraidh air éirí as an chanúint féin. Rinne sé staidéar ar an ghramadach le go dtiocfadh leis a chanúint féin a chosaint.
  1. Deir Aodh go bhfuil ‘rudaí i ndiaidh athrach go mór’ i dtaca leis na canúintí de. Caidé atá i gceist aige?
    Measann sé nach mbíonn a oiread imní ar dhaoine faoi na canúintí níos mó. Cluin siad canúintí a chéile ar TG4 agus ar Raidió na Gaeltachta agus ag ócáidí náisiúnta mar Oireachtas na Gaeilge.