Céim Ar Aghaidh

Mír 2

Cluas le héisteacht

Amharc ar an fhíseán Am Saor arís agus bí ag smaoineamh ar na ceisteanna seo a leanas:

  1. Cad chuige ar chuir Anna suim sa gharradóireacht an chéad lá riamh?
  2. Deir Anna gur ‘troid’ a bhíonn ann obair a dhéanamh sa gharradh. Caidé na rudaí a mbíonn sí ag troid ina gcoinne?
  3. Caidé a bhí neamhghnách faoi na ranganna damhsa ar fhreastail Máire orthu i Leitir Ceanainn?

Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

  1. Bhí Anna ag iarraidh caitheamh aimsire a dtiocfadh na páistí óga a bheith páirteach ann.
  2. Luann Anna aimsir na hÉireann, go háirithe i dTír Chonaill. Nuair a thig an aimsir mhaith sa tsamhradh, bíonn fonn orthu an trá a bhaint amach seachas a bheith ag cur uisce ar phlandaí.
  3. Is trí Ghaeilge a bhí na ranganna damhsa á reáchtáil.