Céim Ar Aghaidh

Mír 3

Nuachainteoirí

D’fhoghlaim Caitlín Gaeilge agus í ina duine fásta. Tugtar ‘nuachainteoir’ ar a leithéid, is é sin, duine nár tógadh le Gaeilge sa Ghaeltacht ach a rinne cinneadh an teanga a fhoghlaim agus í a úsáid.

Tá neart taighde déanta ar nuachainteoirí in Éirinn agus i dtíortha thar lear. Is minic a bhíonn pointe criticiúil i saol na ndaoine seo a spreagann iad lena gcuid féin a dhéanamh den Ghaeilge. I measc na samplaí a luaitear go minic tá:

  • cuairt ar an Ghaeltacht
  • múinteoir a spreagann iad le suim a chur sa teanga
  • cúlra Gaeltachta, mar shampla ‘Ba as Dún na nGall mo sheanmháthair.’
  • dúil i ngnéithe den chultúr Ghaelach, mar shampla an amhránaíocht thraidisiúnta nó an litríocht
  • aithne ar dhaoine a labhraíonn an teanga
  • suim sa pholaitíocht nó sa stair
  • a gcuid páistí a bheith ag freastal ar Ghaelscoil

Mhínigh Caitlín an chúis ar thosaigh sí féin a fhoghlaim na Gaeilge.  Caidé fút féin?

Cuir i gcás go bhfuil taighdeoir ag iarraidh ort a mhíniú cad chuige a bhfuil tú ag iarraidh a bheith i do nuachainteoir. Nó, más as an Ghaeltacht thú, cad chuige a bhfuil tú ag iarraidh cur le do chuid eolais ar an Ghaeilge?  

  • Scríobh píosa gairid (timpeall 150–300 focal) leis an scéal a mhíniú don taighdeoir.
  • Déan do dhícheall an litriú agus an ghramadach a bheith ceart. Má tá tú in amhras faoin dóigh cheart le focal a litriú, seiceáil san fhoclóir é. Má tá tú buartha faoin ghramadach, coinnigh na habairtí gairid, simplí.
  • Agus an píosa scríofa agat, léigh amach os ard é cúpla uair. Nuair a bheas tú sásta go dtig leat é a léamh go maith, déan é a thaifeadadh ar do ghuthán, ar an ríomhaire nó ar ghléas taifeadta eile.