An Lia Gramadaí: ag déanamh é nó á dhéanamh?
Ar ball beag, beidh tú ag amharc ar fhíseán eile ina bpléann Aodh Ó Gallchóir cruacheist ghramadaí. Sula ndéanfaidh tú sin, léigh an cheist thíos.
- Cuir i gcás go bhfuil tú ag teagasc Gaeilge do dhuine agus go scríobhfadh sé/sí an abairt seo in aiste: ‘Bhí an bainisteoir i gcónaí ag cáineadh mé.’
- Tá a fhios agat go bhfuil an abairt mícheart ach caidé mar a mhíneoidh tú don fhoghlaimeoir é?
- Scríobh nótaí a mhíníonn (a) cá bhfuil an locht (b) cad chuige a bhfuil sé mícheart agus (c) cén leagan ba cheart a bheith ann.
- Éist leis an Lia Gramadaí ansin go bhfeicfidh tú an bhfuil sibh ar aon fhocal.
Tá script an fhíseáin le fáil in Scripteanna.
An Lia Gramadaí: ag déanamh é
Cruacheist ghramadaí á plé ag an Lia Gramadaí, Aodh Ó Gallchóir. Cé acu atá ceart: ‘ag déanamh é’ nó ‘á dhéanamh’?
Aodh Ó Gallchóir
Díreoidh muid anois ar fhadhb bheag a bhíonns1 ag roinnt mhaith foghlaimeoirí Gaeilge leis an ainm briathartha agus forainmneacha.
Deir daoine rudaí cosúil le ‘Bhí mé ag déanamh é’, mar shampla, in áit ‘Bhí mé á dhéanamh’. Déanfaidh mé iarracht anseo an ghné seo den teangaidh a mhíniú.
Anois, tá an t-ainm briathartha iontach coitianta sa teanga. Sin an fhoirm den bhriathar a bhíonn againn i ndiaidh ‘ag’, cuir i gcás: ‘ag déanamh’, ‘ag tógáil’, ‘ag imirt’ agus mar sin de. Bíonn sé againn fosta i ndiaidh ‘a’: ‘deoch a ól’, ‘aiste a cheartú’, ‘teach a thógáil’ agus a leithéidí sin.
Anois, go minic, nuair a bhíonn an t-ainm briathartha againn, bíonn ainmfhocal againn ina dhiaidh. Agus is gnách sna cásanna sin gur sa ghinideach a bhíonn an t-ainmfhocal: ‘ag déanamh oibre’, ‘ag tógáil tí’ agus samplaí den chineál sin.
Anois, téann daoine ar strae corruair, nó bíonn deacrachtaí acu, nuair a bhíonn siad ag tagairt d’fhorainm. Is é is forainm ann ná ceann de na focla beaga sin a úsáideann muid in áit ainmfhocail. Rudaí ar nós ‘mé’, ‘tú’, ‘sé’, ‘sí’, ‘sibh’, ‘siad’ agus mar sin de. I mo chás féin, mar shampla, in áit ‘Tá Aodh tuirseach’, is é an rud a déarfainnse ná ‘Tá mé tuirseach.’ Is é ‘mé’ an forainm san abairt sin.
Anois, nuair a bhíonn forainm againne agus an t-ainm briathartha, b’fhéidir gur sin an áit a mbíonn deacrachtaí ag daoine. Níor cheart, déarfaidh muid, ‘Bhí sé ag déanamh é’ a ráit. Is é an rud ba cheart a ráit ansin ná ‘Bhí mé á dhéanamh.’ Mar sin de, níl sé ceart forainm a chur díreach i ndiaidh ainm briathartha.
Anois, corruair, feiceann muid go mbeadh, b’fhéidir, séimhiú nó urú ar an ainm briathartha agus baineann sé sin le hinscne nó le huimhir an ainmfhocail. Amharcfaidh muid anois ar roinnt samplaí leis seo a léiriú.
In áit, ‘Bhí sé ag ceartú mé’, is é an rud ba cheart a ráit2 ansin ná, ‘Bhí sé do mo cheartú.’
Anois, chan i gcónaí a bhíonn an ‘do’ sin le cluinstin sa chaint. Mar sin, thiocfadh le duine, ‘Bhí sé do mo cheartú’ nó go díreach, ‘Bhí sé ’mo cheartú’ a ráit.
Maidir le ‘tú’ ansin, in áit ‘Bhí sé ag ceartú tú’, is é an rud a déarfaí ansin ná, ‘Bhí sé do do cheartú’ nó ‘Bhí sé ’do cheartú.’
Ansin, in áit ‘Bhí sé ag ceartú é’, is é an rud a déarfaí ná ‘Bhí sé á cheartú.’ Agus in áit ‘Bhí sé ag ceartú í’, is é an rud a déarfaí ná ‘Bhí sé á ceartú.’
Bogfaidh muid ar aghaidh anois go dtí na forainmneacha iolra.
In áit, ‘Bhí sé ag ceartú muid,’ is é an rud ba cheart a ráit ansin ná, ‘Bhí sé dár gceartú’ nó ‘Bhí sé ’ár gceartú.’ In áit, ‘Bhí sé ag ceartú sibh,’ is é an rud a déarfaí ansin ná ‘Bhí sé do bhur gceartú’ nó ‘Bhí sé ’bhur gceartú.’ Agus in áit, ‘Bhí sé ag ceartú iad,’ is é an rud a déarfaí ansin ná ‘Bhí sé á gceartú.’
Sin agaibh é. Bígí cúramach gan forainm a chur díreach i ndiaidh ainm briathartha.
1. …a bhíonns… Tá seo ar cheann de na foirmeacha coibhneasta a úsáidtear i nGaeilge Uladh, chomh maith le ‘a bhíos’ agus ‘a bíos.’
2. …an rud ba cheart a ráit… Is é a deir Aodh: ‘an rud a ba cheart a ráit’. Is minic a bhíonn an mhír choibhneasta ‘a’ le cluinstin in abairtí mar seo in ainneoin nach bhfuil feidhm léi. Mír choibhneasta atá sa chopail féin (‘is’ nó ‘ba’).