Céim ar Aghaidh

Tacaíocht d'fhoghlaimeoirí agus do mhúinteoirí Ghaeilge Uladh

Fáilte go Céim Ar Aghaidh.

Tacaíocht d'fhoghlaimeoirí agus do mhúinteoirí Ghaeilge Uladh

In Céim ar Aghaidh, tá ábhair foghlama agus teagaisc i nGaeilge Uladh fá choinne foghlaimeoirí agus múinteoirí meánleibhéil agus ardleibhéil. Tá na hábhair bunaithe ar shraith agallamh le cainteoirí breátha Gaeilge as achan chearn de Chúige Uladh.

Rinneadh na hábhair a dhearadh de réir na dtuiscintí is úire maidir le foghlaim agus teagasc teangacha. Cuirtear béim faoi leith ar fhorbairt scileanna teanga agus ar an tábhacht a bhaineann le forbairt scileanna cumarsáide agus foghlama – scileanna atá fíorthábhachtach le go mbeidh foghlaimeoirí Gaeilge in ann feidhmiú go héifeachtach i gcomhthéacsanna éagsúla.

Céim ar Aghaidh roinnte ina dhá chuid:

Don Fhoghlaimeoir
Acmhainní atá dírithe ar fhoghlaimeoirí atá ag déanamh staidéir ina n-aonar nó i gciorcal foghlaimeoirí.

Don Mhúinteoir
Ábhar tacaíochta do mhúinteoirí le húsáid sa tseomra ranga.

Ní hé go bhfuil scaradh glan idir an dá chuid; féadann múinteoirí na cleachtaí in Don Fhoghlaimeoir a chur in oiriúint dá gcuid ranganna féin agus bainfidh an foghlaimeoir aonair tairbhe as na cleachtaí agus na míreanna físe in Don Mhúinteoir. Tríd is tríd, tá na cleachtaí in Don Fhoghlaimeoir níos dúshlánaí, ó tharla go mbeidh na foghlaimeoirí ábalta tabhairt fúthu gan brú ama ar bith.

Tá súil againn go mbainfidh idir fhoghlaimeoirí agus mhúinteoirí sult agus tairbhe agus na hábhair in Céim ar Aghaidh.

Blaisín

Físeán a thabharfaidh blaiseadh duit ar a bhfuil le fáil in Céim ar Aghaidh.